+Airteagal 10 Grianfhuinneamh i bhfoirgnimh
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
---+Airteagal 10 5.
|
Airteagal 10 Grianfhuinneamh i bhfoirgnimh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndearfar gach foirgneamh nua chun an leas is fearr is féidir a bhaint as a bpoitéinseal giniúna grianfhuinnimh ar bhonn ionradantas gréine an tsuímh, rud a chumasóidh suiteáil chostéifeachtach teicneolaíochtaí gréine ina dhiaidh sin.
|
|
Airteagal 10 2.
|
Beidh feidhm ag an nós imeachta um dheonú ceadanna maidir le trealamh grianfhuinnimh a shuiteáil a leagtar amach in Airteagal 16d de Threoir (AE) 2018/2001, agus an nós imeachta fógra simplí a thabhairt chun ceangal leis an eangach a leagtar amach in Airteagal 17 den Treoir sin, maidir le trealamh grianfhuinnimh a shuiteáil ar fhoirgnimh.
|
|
Airteagal 10 3.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar suiteálacha oiriúnacha grianfhuinnimh a chur in úsáid, má bhíonn sé oiriúnach go teicniúil agus indéanta go heacnamaíoch agus go feidhmiúil, mar a leanas:
(a)
faoin 31 Nollaig 2026, ar gach foirgneamh nua poiblí agus gach foirgneamh nua nach foirgneamh cónaithe é a bhfuil achar urláir úsáideach níos mó ná 250 m2 aige;
(b)
ar gach foirgneamh poiblí atá ann cheana a bhfuil achar urláir úsáideach níos mó ná:
(i)
2 000 m2, faoin 31 Nollaig 2027;
(ii)
750 m2, faoin 31 Nollaig 2028;
(iii)
250 m2, faoin 31 Nollaig 2030;
(c)
faoin 31 Nollaig 2027, ar fhoirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad atá ann cheana a bhfuil achar urláir úsáideach níos mó ná 500 m2 acu, i gcás ina ndéantar athchóiriú mór ar an bhfoirgneamh nó ina ndéantar gníomhaíocht lena gceanglaítear cead riaracháin le haghaidh athchóirithe foirgneamh, oibreacha ar an díon nó suiteáil córais theicniúil foirgnimh;
(d)
faoin 31 Nollaig 2029, ar gach foirgneamh cónaithe nua; agus
(e)
faoin 31 Nollaig 2029, ar gach carrchlós nua faoi dhíon atá go fisiciúil taobh le foirgnimh.
Ina bpleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh dá dtagraítear in Airteagal 3, áireoidh na Ballstáit beartais agus bearta maidir le suiteálacha grianfhuinnimh oiriúnacha a chur in úsáid ar gach foirgneamh.
|
|
Airteagal 10 4.
|
Bunóidh na Ballstáit, agus cuirfidh siad ar fáil go poiblí, critéir ar an leibhéal náisiúnta maidir le cur chun feidhme praiticiúil na n-oibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo, agus maidir le díolúintí ó na hoibleagáidí sin a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh cineálacha sonracha foirgneamh, agus prionsabal na neodrachta teicneolaíche á chur san áireamh maidir le teicneolaíochtaí nach dtáirgeann aon astaíochtaí ar an láthair agus i gcomhréir le poitéinseal teicniúil agus eacnamaíoch measúnaithe na suiteálacha grianfhuinnimh agus saintréithe na bhfoirgneamh a chumhdaítear leis an oibleagáid seo. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh freisin sláine struchtúrach, díonta glasa, agus insliú áiléir agus dín, i gcás inarb iomchuí. Chun cuspóirí an Airteagail seo a bhaint amach agus chun na saincheisteanna a bhaineann le cobhsaíocht an ghréasáin leictreachais a chur san áireamh, áireoidh na Ballstáit na geallsealbhóirí ábhartha i mbunú na gcritéar dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 3 á dtrasuí, féadfaidh Ballstát tomhas achar urláir na bhfoirgneamh a úsáid in ionad achar urláir úsáideach foirgneamh, ar choinníoll go léiríonn an Ballstát go bhfuil méid coibhéiseach d’acmhainneacht shuiteáilte suiteálacha oiriúnacha grianfhuinnimh ar fhoirgnimh mar thoradh air sin.
|
|
Airteagal 10 5.
|
Cuirfidh na Ballstáit creat ar bun lena soláthrófar na bearta riaracháin, teicniúla agus airgeadais is gá chun tacú le grianfhuinneamh a chur in úsáid i bhfoirgnimh, lena n-áirítear in éineacht le córais theicniúla foirgnimh nó córais téimh ceantair éifeachtúla.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1275
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|