|
+Airteagal 10 3. |
Airteagal 10 3.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar suiteálacha oiriúnacha grianfhuinnimh a chur in úsáid, má bhíonn sé oiriúnach go teicniúil agus indéanta go heacnamaíoch agus go feidhmiúil, mar a leanas:
(a)
faoin 31 Nollaig 2026, ar gach foirgneamh nua poiblí agus gach foirgneamh nua nach foirgneamh cónaithe é a bhfuil achar urláir úsáideach níos mó ná 250 m2 aige;
(b)
ar gach foirgneamh poiblí atá ann cheana a bhfuil achar urláir úsáideach níos mó ná:
(i)
2 000 m2, faoin 31 Nollaig 2027;
(ii)
750 m2, faoin 31 Nollaig 2028;
(iii)
250 m2, faoin 31 Nollaig 2030;
(c)
faoin 31 Nollaig 2027, ar fhoirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad atá ann cheana a bhfuil achar urláir úsáideach níos mó ná 500 m2 acu, i gcás ina ndéantar athchóiriú mór ar an bhfoirgneamh nó ina ndéantar gníomhaíocht lena gceanglaítear cead riaracháin le haghaidh athchóirithe foirgneamh, oibreacha ar an díon nó suiteáil córais theicniúil foirgnimh;
(d)
faoin 31 Nollaig 2029, ar gach foirgneamh cónaithe nua; agus
(e)
faoin 31 Nollaig 2029, ar gach carrchlós nua faoi dhíon atá go fisiciúil taobh le foirgnimh. Ina bpleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh dá dtagraítear in Airteagal 3, áireoidh na Ballstáit beartais agus bearta maidir le suiteálacha grianfhuinnimh oiriúnacha a chur in úsáid ar gach foirgneamh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|