+Airteagal 11 Foirgnimh astaíochtaí nialasacha
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 11 5.
---+Airteagal 11 6.
---+Airteagal 11 7.

Airteagal 11 Foirgnimh astaíochtaí nialasacha

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 11 1.
Ní bheidh foirgneamh astaíochtaí nialasacha ina chúis le haon astaíochtaí carbóin ar an láthair ó bhreoslaí iontaise. Beidh acmhainneacht ann i bhfoirgneamh astaíochtaí nialasacha, i gcás ina bhfuil sé sin indéanta go heacnamaíoch agus go teicniúil, chun freagairt ar chomharthaí seachtracha agus an úsáid, an ghiniúint nó an stóráil fuinnimh a oiriúnú.
Airteagal 11 2.
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh éileamh fuinnimh foirgnimh astaíochtaí nialasacha uastairseach.

Socróidh na Ballstáit an uastairseach sin le haghaidh éileamh fuinnimh foirgnimh astaíochtaí nialasacha d’fhonn na leibhéil is fearr costas, arna mbunú sa tuarascáil náisiúnta is déanaí maidir leis an leibhéal is fearr costas de bhun Airteagal 6, a bhaint amach ar a laghad. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar an uastairseach gach uair a dhéanfar athbhreithniú ar na leibhéil is fearr costas.

Airteagal 11 3.
Beidh an uastairseach le haghaidh éileamh fuinnimh foirgnimh astaíochtaí nialasacha 10 % níos ísle, ar a laghad, ná an tairseach maidir le húsáid iomlán fuinnimh phríomhúil arna bunú ar leibhéal na mBallstát le haghaidh foirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de an 28 Bealtaine 2024.
Airteagal 11 4.
Féadfaidh na Ballstáit na huastairseacha le haghaidh éileamh fuinnimh foirgnimh astaíochtaí nialasacha le haghaidh foirgnimh athchóirithe a choigeartú, agus na forálacha faoi seach maidir leis an leibhéal is fearr costas, agus, i gcás inar bunaíodh tairseacha d’fhoirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de, ceanglais mhír 3 á gcomhlíonadh acu.
Airteagal 11 5.
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonann astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla foirgneamh astaíochtaí nialasacha uastairseach arna bunú ar leibhéal na mBallstát ina bpleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh. Féadfar an uastairseach sin a shocrú ar leibhéil éagsúla d’fhoirgnimh nua agus d’fhoirgnimh athchóirithe.
Airteagal 11 6.
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir lena n-uastairseacha, lena n-áirítear tuairisc ar an modheolaíocht ríofa de réir an chineáil foirgnimh agus an t-ainmniúchán ábhartha aeráide lasmuigh, i gcomhréir le hIarscríbhinn I. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na huastairseacha agus molfaidh sé iad a oiriúnú i gcás inarb iomchuí.
Airteagal 11 7.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdófar úsáid fuinnimh phríomhúil iomlán foirgnimh astaíochtaí nialasacha nua nó athchóirithe leis an méid seo a leanas:

(a) 

fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite arna ghiniúint ar an láthair a chomhlíonann critéir a leagtar síos in Airteagal 7 de Threoir (AE) 2018/2001;

(b) 

fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite arna sholáthar ag comhphobal fuinnimh in-athnuaite de réir bhrí Airteagal 22 de Threoir (AE) 2018/2001;

(c) 

fuinneamh ó chóras téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil i gcomhréir le hAirteagal 26(1) de Threoir (AE) 2023/1791; nó

(d) 

fuinneamh ó fhoinsí saor ó charbón.

I gcás nach bhfuil sé indéanta go teicniúil ná go heacnamaíoch na ceanglais a leagtar síos sa mhír seo a chomhlíonadh, féadfar an úsáid iomlán fuinnimh phríomhúil a chumhdach freisin le fuinneamh eile ón eangach a chomhlíonann na critéir atá bunaithe ar an leibhéal náisiúnta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1275
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.