|
+Airteagal 11 7. |
Airteagal 11 7.Áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdófar úsáid fuinnimh phríomhúil iomlán foirgnimh astaíochtaí nialasacha nua nó athchóirithe leis an méid seo a leanas:
(a)
fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite arna ghiniúint ar an láthair a chomhlíonann critéir a leagtar síos in Airteagal 7 de Threoir (AE) 2018/2001;
(b)
fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite arna sholáthar ag comhphobal fuinnimh in-athnuaite de réir bhrí Airteagal 22 de Threoir (AE) 2018/2001;
(c)
fuinneamh ó chóras téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil i gcomhréir le hAirteagal 26(1) de Threoir (AE) 2023/1791; nó
(d)
fuinneamh ó fhoinsí saor ó charbón. I gcás nach bhfuil sé indéanta go teicniúil ná go heacnamaíoch na ceanglais a leagtar síos sa mhír seo a chomhlíonadh, féadfar an úsáid iomlán fuinnimh phríomhúil a chumhdach freisin le fuinneamh eile ón eangach a chomhlíonann na critéir atá bunaithe ar an leibhéal náisiúnta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|