|
+Airteagal 14 4. |
Airteagal 14 4.Maidir le foirgnimh chónaithe nua agus foirgnimh chónaithe a bhfuil níos mó ná trí spás páirceála gluaisteán acu a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu, agus níos mó ná trí spás páirceála gluaisteán iontu, áiritheoidh na Ballstáit:
(a)
réamhcháblú a shuiteáil le haghaidh ar a laghad 50 % de na spásanna páirceála gluaisteán agus duchtáil, eadhon seolphíobáin le haghaidh cáblaí leictreacha, do na spásanna páirceála gluaisteán atá fágtha ionas gur féidir, ag céim níos déanaí, pointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha, timthriallta leictreachuidithe agus cineálacha eile feithiclí de chatagóir L a shuiteáil; agus
(b)
dhá spás páirceála do rothair ar a laghad le haghaidh gach aonad foirgnimh cónaithe a sholáthar. Maidir le foirgnimh chónaithe nua a bhfuil níos mó ná trí spás páirceála gluaisteán iontu, áiritheoidh na Ballstáit freisin go ndéanfar pointe athluchtaithe amháin ar a laghad a shuiteáil. Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír agus an dara fhomhír i gcás:
(a)
ina bhfuil an carrchlós suite laistigh den fhoirgneamh, agus, i gcás athchóirithe móra, ina n-áirítear an carrchlós nó bonneagar leictreach an fhoirgnimh ar na bearta athchóirithe; nó
(b)
ina bhfuil an carrchlós taobh leis an bhfoirgneamh, agus, i gcás athchóirithe móra, ina n-áirítear an carrchlós nó bonneagar leictreach an charrchlóis ar na bearta athchóirithe. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit, faoi réir measúnú ag údaráis áitiúla agus saintréithe áitiúla á gcur san áireamh, lena n-áirítear dálaí déimeagrafacha, geografacha agus aeráide, ceanglais a choigeartú maidir le líon na spásanna páirceála do rothair. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an réamhcháblú dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír toisithe sa chaoi go mbeifear in ann na pointí athluchtaithe ar gach aon spás páirceála a úsáid san am céanna. Más rud é, i gcás athchóiriú mór, nach bhfuil sé indéanta dhá spás páirceála do rothair a áirithiú le haghaidh gach aonaid foirgnimh chónaithe, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an oiread spásanna páirceála do rothair is féidir ann de réir mar is iomchuí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|