+Airteagal 14 Bonneagar le haghaidh soghluaisteacht inbhuanaithe
---+Airteagal 14 1.
---+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 14 3.
---+Airteagal 14 4.
---+Airteagal 14 5.
---+Airteagal 14 6.
---+Airteagal 14 7.
---+Airteagal 14 8.
---+Airteagal 14 9.
---+Airteagal 14 10.
|
Airteagal 14 Bonneagar le haghaidh soghluaisteacht inbhuanaithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 14 1.
|
Maidir le foirgnimh nua nach foirgnimh chónaithe iad a bhfuil níos mó ná cúig spás páirceála gluaisteán acu agus foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu, agus a bhfuil níos mó ná cúig spás páirceála gluaisteán acu, áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a)
déanfar pointe athluchtaithe amháin ar a laghad a shuiteáil in aghaidh gach cúig spás páirceála gluaisteán;
(b)
déanfar réamhcháblú a shuiteáil le haghaidh ar a laghad 50 % de na spásanna páirceála gluaisteán agus duchtáil, eadhon seolphíobáin le haghaidh cáblaí leictreacha, do na spásanna páirceála gluaisteán atá fágtha, chun gur féidir pointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha, timthriallta leictreachuidithe agus cineálacha eile feithiclí de chatagóir L a shuiteáil ag céim níos déanaí; agus
(c)
soláthrófar spásanna páirceála do rothair lena n-úsáidtear, ar a laghad, 15 % de mheánacmhainneacht úsáideora foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad nó 10 % d’acmhainneacht iomlán úsáideora foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad, agus aird á tabhairt ar an spás is gá freisin le haghaidh rothair a bhfuil toisí níos mó acu ná mar atá ag gnáthrothair.
Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás:
(a)
ina bhfuil an carrchlós laistigh den fhoirgneamh, agus, i gcás athchóirithe móra, ina n-áirítear an carrchlós nó bonneagar leictreach an fhoirgnimh ar na bearta athchóirithe; nó
(b)
ina bhfuil an carrchlós taobh leis an bhfoirgneamh, agus, i gcás athchóirithe móra, ina n-áirítear an carrchlós nó an bonneagar leictreach sa charrchlós ar na bearta athchóirithe.
Áiritheoidh na Ballstáit go dtomhaisfear an réamhcháblú agus an duchtáil dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír ionas gur féidir úsáid chomhuaineach éifeachtúil a bhaint as líon na bpointí athluchtaithe is gá agus chun tacú, i gcás inarb iomchuí, le córas bainistíochta athluchtaithe nó luchtúcháin a shuiteáil, a mhéid atá sé sin indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch agus go bhfuil údar leis. De mhaolú ar phointe (a) den chéad fhomhír, maidir le foirgnimh oifige nua agus foirgnimh oifige nua a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu, a bhfuil níos mó ná cúig spás páirceála iontu, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar pointe athluchtaithe amháin ar a laghad a shuiteáil i ngach dhá spás páirceála.
|
|
Airteagal 14 2.
|
Maidir le gach foirgneamh nach foirgneamh cónaithe é a bhfuil níos mó ná 20 spás páirceála gluaisteán aige, áiritheoidh na Ballstáit, faoin 1 Eanáir 2027, an méid seo a leanas:
(a)
déanfar pointe athluchtaithe amháin ar a laghad a shuiteáil le haghaidh gach 10 spás páirceála gluaisteán, nó déanfar duchtáil, eadhon seolphíobáin le haghaidh cáblaí leictreacha, a shuiteáil ar feadh 50 % ar a laghad de na spásanna páirceála gluaisteán ionas gur féidir ag céim níos déanaí pointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha a shuiteáil; agus
(b)
soláthrófar spásanna páirceála do rothair lena n-úsáidtear, ar a laghad, 15 % de mheánacmhainneacht úsáideora an fhoirgnimh nó 10 % d’acmhainneacht iomlán úsáideora an fhoirgnimh, in éineacht leis an spás is gá freisin le haghaidh rothair a bhfuil toisí níos mó acu ná mar atá ag gnáthrothair.
Maidir le foirgnimh atá faoi úinéireacht nó áitithe ag comhlachtaí poiblí, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar réamhcháblú a shuiteáil le haghaidh 50 % de na spásanna páirceála gluaisteán ar a laghad faoin 1 Eanáir 2033. Féadfaidh na Ballstáit cur chun feidhme an cheanglais seo a chur ar fionraí go dtí an 1 Eanáir 2029 maidir le gach foirgneamh nach foirgneamh cónaithe é a ndearnadh athchóiriú air sa 2 bhliain roimh an 28 Bealtaine 2024 chun na ceanglais náisiúnta arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Threoir 2010/31/AE a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 14 3.
|
Féadfaidh na Ballstáit na ceanglais maidir le líon na spásanna páirceála do rothair a choigeartú i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 do chatagóirí sonracha foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad nach mbíonn rochtain ag rothair orthu de ghnáth.
|
|
Airteagal 14 4.
|
Maidir le foirgnimh chónaithe nua agus foirgnimh chónaithe a bhfuil níos mó ná trí spás páirceála gluaisteán acu a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu, agus níos mó ná trí spás páirceála gluaisteán iontu, áiritheoidh na Ballstáit:
(a)
réamhcháblú a shuiteáil le haghaidh ar a laghad 50 % de na spásanna páirceála gluaisteán agus duchtáil, eadhon seolphíobáin le haghaidh cáblaí leictreacha, do na spásanna páirceála gluaisteán atá fágtha ionas gur féidir, ag céim níos déanaí, pointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha, timthriallta leictreachuidithe agus cineálacha eile feithiclí de chatagóir L a shuiteáil; agus
(b)
dhá spás páirceála do rothair ar a laghad le haghaidh gach aonad foirgnimh cónaithe a sholáthar.
Maidir le foirgnimh chónaithe nua a bhfuil níos mó ná trí spás páirceála gluaisteán iontu, áiritheoidh na Ballstáit freisin go ndéanfar pointe athluchtaithe amháin ar a laghad a shuiteáil. Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír agus an dara fhomhír i gcás:
(a)
ina bhfuil an carrchlós suite laistigh den fhoirgneamh, agus, i gcás athchóirithe móra, ina n-áirítear an carrchlós nó bonneagar leictreach an fhoirgnimh ar na bearta athchóirithe; nó
(b)
ina bhfuil an carrchlós taobh leis an bhfoirgneamh, agus, i gcás athchóirithe móra, ina n-áirítear an carrchlós nó bonneagar leictreach an charrchlóis ar na bearta athchóirithe.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit, faoi réir measúnú ag údaráis áitiúla agus saintréithe áitiúla á gcur san áireamh, lena n-áirítear dálaí déimeagrafacha, geografacha agus aeráide, ceanglais a choigeartú maidir le líon na spásanna páirceála do rothair. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an réamhcháblú dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír toisithe sa chaoi go mbeifear in ann na pointí athluchtaithe ar gach aon spás páirceála a úsáid san am céanna. Más rud é, i gcás athchóiriú mór, nach bhfuil sé indéanta dhá spás páirceála do rothair a áirithiú le haghaidh gach aonaid foirgnimh chónaithe, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an oiread spásanna páirceála do rothair is féidir ann de réir mar is iomchuí.
|
|
Airteagal 14 5.
|
Féadfaidh Ballstáit cinneadh a dhéanamh míreanna 1, 2 agus 4 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm ar chatagóirí sonracha foirgnimh i gcás:
(a)
ina mbeadh an bonneagar athluchtaithe is gá ag brath ar mhicreachórais scoite nó ina mbeadh na foirgnimh sna réigiúin is forimeallaí de réir bhrí Airteagal 349 CFAE i gcás ina mbeadh fadhbanna nach beag ann i dtaobh oibriú an chórais áitiúil fuinnimh agus go mbeadh baol ann do chobhsaíocht san eangach áitiúil mar thoradh air sin; nó
(b)
ina mbeadh costas na suiteálacha athluchtaithe agus duchtála os cionn ar a laghad 10 % de chostas iomlán an athchóirithe mhóir ar an bhfoirgneamh.
|
|
Airteagal 14 6.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na pointí athluchtaithe dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 4 den Airteagal seo in ann don athluchtú cliste agus, i gcás inarb iomchuí, don athluchtú déthreoch, agus go n-oibrítear iad ar bhonn prótacal agus caighdeán cumarsáide neamhdhílseánaigh agus neamh-idirdhealaitheach, ar bhealach idir-inoibritheach, agus i gcomhréir le haon chaighdeán Eorpach agus gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 21(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2023/1804.
|
|
Airteagal 14 7.
|
Maidir le pointí athluchtaithe nach bhfuil inrochtana go poiblí, molfaidh na Ballstáit do na hoibreoirí na pointí sin a oibriú i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) 2023/1804, i gcás inarb infheidhme.
|
|
Airteagal 14 8.
|
Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le bearta chun an nós imeachta maidir le pointí athluchtaithe a shuiteáil i bhfoirgnimh nua agus i bhfoirgnimh atá ann cheana, idir fhoirgnimh chónaithe agus fhoirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad, go háirithe i bhfoirgnimh cumann comhúinéirí, a shimpliú, a chomhchuibhiú agus a luathú, agus chun bacainní rialála a bhaint, lena n-áirítear nósanna imeachta ceada agus formheasa ó údaráis phoiblí, gan dochar do dhlí maoine agus tionóntachta na mBallstát. Bainfidh na Ballstáit bacainní ar shuiteáil pointí athluchtaithe i bhfoirgnimh chónaithe le spásanna páirceála, go háirithe an gá atá ann toiliú a fháil ón tiarna talún nó ó na comhúinéirí le haghaidh pointe athluchtaithe príobháideach dá n-úsáid féin. Ní fhéadfar iarraidh ó thionóntaí nó ó comhúinéirí cead a fháil bonneagar athluchtaithe a shuiteáil i spás páirceála a dhiúltú ach amháin má tá forais thromchúiseacha dhlisteanacha ann chun í a dhiúltú. Gan dochar dá ndlí maoine agus tionóntachta, déanfaidh na Ballstáit measúnú ar bhacainní riaracháin maidir leis an iarratas chun pointe athluchtaithe a shuiteáil i bhfoirgneamh ina bhfuil aonaid foirgnimh chónaithe iomadúla ag cumainn tionóntaí nó comhúinéirí. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cúnamh teicniúil ar fáil d’úinéirí foirgnimh agus do thionóntaí ar mian leo pointí athluchtaithe agus spásanna páirceála do rothair a shuiteáil. Maidir le foirgnimh chónaithe, déanfaidh na Ballstáit a machnamh maidir le scéimeanna tacaíochta a thabhairt isteach chun pointí athluchtaithe, réamhcháblú nó duchtáil a shuiteáil le haghaidh spásanna páirceála i gcomhréir le líon na bhfeithiclí ceallra-leictreacha saothair éadroim atá cláraithe ina gcríoch.
|
|
Airteagal 14 9.
|
Áiritheoidh na Ballstáit comhleanúnachas beartas le haghaidh foirgneamh, soghluaisteacht ghníomhach agus ghlas, na haeráide, an fhuinnimh, na bithéagsúlachta agus na pleanála uirbí.
|
|
Airteagal 14 10.
|
Faoin 31 Nollaig 2025, foilseoidh an Coimisiún treoir maidir le sábháilteacht ó dhóiteáin i gcarrchlóis.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1275
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|