+Airteagal 15 Ullmhacht chliste foirgneamh
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 4.

Airteagal 15 Ullmhacht chliste foirgneamh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 15 1.
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun an Treoir seo a fhorlíonadh a bhaineann le scéim chomhchoiteann roghnach an Aontais chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil. Bunófar an rátáil ar mheasúnú ar chumais foirgnimh nó aonaid foirgnimh a oibríocht a oiriúnú do riachtanais an áititheora, go háirithe a mhéid a bhaineann le cáilíocht na timpeallachta laistigh, agus na heangaí agus a éifeachtúlacht fuinnimh agus a fheidhmíocht fhoriomlán a fheabhsú.

I gcomhréir leis an Iarscríbhinn IV, déanfaidh scéim chomhchoiteann roghnach an Aontais chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil an méid seo a leanas a leagan síos:

(a) 

sainmhíniú ar tháscaire ullmhachta cliste;

(b) 

modheolaíocht chun é a ríomh.

Airteagal 15 2.
Faoin 30 Meitheamh 2026, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le tástáil agus cur chun feidhme an táscaire ullmhachta cliste, ar bhonn na dtorthaí a bheidh ar fáil ó na céimeanna tástála náisiúnta agus ó thionscadail ábhartha eile.

Agus aird á tabhairt ar thoradh na tuarascála sin, faoin 30 Meitheamh 2027, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 32, lena bhforlíonfar an Treoir seo trína cheangal go gcuirfear i bhfeidhm scéim chomhchoiteann an Aontais chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil, i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, i leith foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad ag a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach le haghaidh córais téimh, córais aerchóirithe, comhchórais téimh spáis chomhcheangailte, nó do chórais aerchóirithe agus aerála chomhcheangailte atá os cionn 290 kW.

Airteagal 15 3.
Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina sonraítear na socruithe teicniúla le haghaidh chur chun feidhme éifeachtach na scéime dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear amlíne le haghaidh céim tástála neamhcheangailteach ar an leibhéal náisiúnta, agus ina soiléirítear gaol comhlántach na scéime le deimhnithe feidhmíochta fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 19.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(3).

Airteagal 15 4.
Ar choinníoll go bhfuil an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 glactha ag an gCoimisiún, déanfaidh sé, faoin 30 Meitheamh 2027, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina mbeidh mionsonraí na socruithe teicniúla chun cur i bhfeidhm éifeachtach na scéime dá dtagraítear i mír 2 a chur chun feidhme i gcás foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach acu do chórais téimh, córais aerchóirithe, comhchórais téimh spáis chomhcheangailte, nó do chórais aerchóirithe agus aerála chomhcheangailte atá os cionn 290 kW.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(3).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1275
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.