+Airteagal 20 Deimhnithe feidhmíochta fuinnimh a eisiúint
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.
---+Airteagal 20 4.
---+Airteagal 20 5.
---+Airteagal 20 6.
---+Airteagal 20 7.
---+Airteagal 20 8.

Airteagal 20 Deimhnithe feidhmíochta fuinnimh a eisiúint

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 20 1.

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go n-eiseofar deimhniú feidhmíochta fuinnimh digiteach do na nithe seo a leanas:

(a) 

foirgnimh nó aonaid foirgnimh i gcás ina a dtógtar iad, ina ndearnadh athchóiriú mór orthu, ina ndíoltar nó ina ligtear ar cíos le tionónta nua iad, nó a ndéantar conradh cíosa a athnuachan ina leith;

(b) 

foirgnimh atá ann cheana atá faoi úinéireacht nó áitithe ag comhlachtaí poiblí.

Ní bheidh feidhm ag an gceanglas atá ann deimhniú feidhmíochta fuinnimh a eisiúint i gcás ina bhfuil deimhniú arna eisiúint i gcomhréir le Treoir 2010/31/AE nó an Treoir seo ar fáil agus bailí maidir leis an bhfoirgneamh nó leis an aonad foirgnimh lena mbaineann.

Áiritheoidh na Ballstáit go n-eiseofar leagan páipéir den deimhniú feidhmíochta fuinnimh arna iarraidh sin.

Airteagal 20 2.
I gcás ina dtógtar foirgnimh nó aonaid foirgnimh, ina ndearnadh athchóiriú mór orthu, nó ina ndíoltar nó ina ligtear ar cíos iad nó nuair a dhéantar conarthaí cíosa d’fhoirgnimh nó d’aonaid foirgnimh a athnuachan, ceanglóidh na Ballstáit go dtaispeánfar an deimhniú feidhmíochta fuinnimh don tionónta nó don cheannaitheoir ionchasach agus go dtabharfar ar láimh é don cheannaitheoir nó don tionónta.
Airteagal 20 3.
I gcás ina ndíolfar nó ina ligfear amach ar cíos foirgneamh sula dtógfar é nó sula ndéanfar athchóiriú mór air, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar an díoltóir measúnú maidir lena fheidhmíocht fuinnimh amach anseo a chur ar fáil, de mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2; sa chás sin, eiseofar an deimhniú feidhmíochta fuinnimh nuair a bheidh an foirgneamh tógtha, ar a dhéanaí, nó nuair a bheidh athchóiriú déanta air, agus léireoidh sé staid an fhoirgnimh agus é tógtha.
Airteagal 20 4.
Ceanglóidh na Ballstáit, maidir le foirgnimh nó aonaid foirgnimh a chuirtear ar díol nó a ligtear amach ar cíos, go bhfuil deimhniú feidhmíochta fuinnimh acu, agus go bhfuil táscaire feidhmíochta fuinnimh agus aicme dheimhniú feidhmíochta fuinnimh an fhoirgnimh nó an aonaid foirgnimh, de réir mar is infheidhme, luaite, ar líne agus as líne, i bhfógráin, lena n-áirítear ar shuíomhanna gréasáin ar a mbíonn tairseach chun cuardach a dhéanamh ar réadmhaoin.

Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha samplacha nó rialuithe eile chun comhlíonadh na gceanglas sin a áirithiú.

Airteagal 20 5.
Cuirfear forálacha an Airteagail seo chun feidhme i gcomhréir le rialacha náisiúnta infheidhme maidir le comhúinéireacht nó le cómhaoin.
Airteagal 20 6.
Féadfaidh na Ballstáit na catagóirí foirgneamh dá dtagraítear in Airteagal 5(3), pointí (b), (c) agus (e), a eisiamh ó chur i bhfeidhm mhíreanna 1, 2, 4 agus 5 den Airteagal seo. Féadfaidh na Ballstáit a roghnaigh foirgnimh chónaithe a eisiamh ó oibleagáidí an Airteagail seo, faoin 28 Bealtaine 2024, ar foirgnimh chónaithe iad a úsáidtear nó a bhfuil sé i gceist iad a úsáid ar feadh tréimhse níos lú ná 4 mhí in aghaidh na bliana nó, de rogha air sin, ar feadh am úsáide na bliana atá teoranta agus le tomhaltas fuinnimh réamh-mheasta atá níos lú ná 25 % den mhéid a bheadh mar thoradh ar a úsáid don bhliain ar fad, an méid sin a dhéanamh i gcónaí.
Airteagal 20 7.
An tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag deimhniú feidhmíochta fuinnimh ó thaobh imeachtaí dlíthiúla de, déanfar sin a chinneadh i gcomhréir le rialacha náisiúnta.
Airteagal 20 8.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gach deimhniú feidhmíochta fuinnimh a eisítear a uaslódáil chuig an mbunachar sonraí maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh dá dtagraítear in Airteagal 22. Beidh an deimhniú feidhmíochta fuinnimh iomlán san uaslódáil, lena n-áireofar na sonraí uile is gá chun feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh a ríomh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1275
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.