+Airteagal 23 Cigireachtaí
---+Airteagal 23 1.
---+Airteagal 23 2.
---+Airteagal 23 3.
---+Airteagal 23 4.
---+Airteagal 23 5.
---+Airteagal 23 6.
---+Airteagal 23 7.
---+Airteagal 23 8.
---+Airteagal 23 9.
|
Airteagal 23 Cigireachtaí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 23 1.
|
Leagfaidh na Ballstáit síos na bearta is gá chun cigireachtaí tráthrialta a bhunú ar na páirteanna inrochtana de chórais téimh, córais aerála agus córais aerchóirithe, lena n-áirítear aon teaglaim díobh, a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach os cionn 70 kW acu. Beidh rátáil éifeachtach an chórais bunaithe ar shuim aschur rátáilte na ngineadóirí teasa agus na ngineadóirí fuaraithe.
|
|
Airteagal 23 2.
|
Féadfaidh na Ballstáit scéimeanna cigireachta ar leithligh a bhunú le haghaidh cigireachtaí ar chórais chónaithe agus ar chórais nach córais chónaithe iad.
|
|
Airteagal 23 3.
|
Féadfaidh na Ballstáit minicíochtaí cigireachta difriúla a leagan síos de réir chineál agus aschur rátaithe éifeachtach an chórais agus cuirfidh siad san áireamh costais cigireachtaí an chórais agus an coigilteas costais fuinnimh réamh-mheasta a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an gcigireacht. Déanfar cigireacht ar chórais gach 5 bliana ar a laghad. Córais ag a bhfuil gineadóirí a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach os cionn 290 kW acu, déanfar cigireacht orthu gach 3 bliana ar a laghad.
|
|
Airteagal 23 4.
|
Áireofar leis an gcigireacht measúnú ar an ngineadóir nó na gineadóirí, caidéil imshruthaithe agus, i gcás inarb iomchuí, comhpháirteanna de chórais aerála, de chórais dáilte aeir agus uisce, de chórais hidréineacha cothromúcháin agus de chórais rialaithe. Féadfaidh na Ballstáit aon chórais tógála bhreise a shainaithnítear faoi Iarscríbhinn I a áireamh sna scéimeanna cigireachta. Áireofar leis an gcigireacht measúnú ar éifeachtúlacht agus méid an ghineadóra nó na ngineadóirí teasa agus fuaraithe agus ar a bpríomh-chomhpháirteanna i gcomparáid le riachtanais an fhoirgnimh agus cuirfear san áireamh sa chigireacht cumas an chórais chun a fheidhmíocht a bharrfheabhsú faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin nó faoi mheándálaí oibriúcháin, agus úsáid á baint as teicneolaíochtaí coigilte fuinnimh atá ar fáil, agus faoi dhálaí athraitheacha mar gheall ar athrú úsáide. I gcás inarb ábhartha, déanfar measúnú sa chigireacht ar a indéanta don chóras oibriú faoi shocruithe teochta éagsúla agus níos éifeachtúla, mar shampla ag teocht íseal do chórais téimh uiscebhunaithe, lena n-áirítear trí bhíthin ceanglais dearaidh maidir le haschur cumhachta teirmí agus maidir le teocht agus sreabhadh, agus oibriú sábháilte an chórais á áirithiú ag an am céanna. Áireofar sa chigireacht, i gcás inarb ábhartha, measúnú bunúsach ar a indéanta atá sé úsáid breoslaí iontaise ar an láthair a laghdú, mar shampla trí fhuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú, trí fhoinse fuinnimh a athrú nó trí na córais atá ann cheana a ionadú nó a choigeartú. I gcás ina suiteálfar córas aerála, déanfar measúnú freisin ar mhéid an chórais agus ar a chumas a fheidhmíocht a bharrfheabhsú faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin nó faoi mheándálaí oibriúcháin atá ábhartha d’úsáid shonrach agus reatha an fhoirgnimh. I gcás nach ndearnadh athrú ar bith ar an gcóras nó i ndáil le riachtanais an fhoirgnimh ó rinneadh cigireacht de bhun an Airteagail seo, féadfaidh na Ballstáit roghnú gan a chur de cheangal an measúnú ar mhéid na príomh-chomhpháirte nó measúnú ar an oibriú faoi theochtaí éagsúla a dhéanamh athuair.
|
|
Airteagal 23 5.
|
Maidir le córais theicniúla foirgnimh atá cumhdaithe go sainráite le critéar comhaontaithe i ndáil le feidhmíocht fuinnimh nó le socrú conarthach lena sonraítear leibhéal comhaontaithe feabhais ar éifeachtúlacht fuinnimh, mar shampla, conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh, nó atá á n-oibriú ag fóntas nó oibreoir gréasáin agus, dá bhrí sin, faoi réir bearta faireacháin ar fheidhmíocht ar thaobh an chórais, beidh siad díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos i mír 1, ar choinníoll go bhfuil tionchar foriomlán an chur chuige sin coibhéiseach leis sin mar thoradh ar mhír 1.
|
|
Airteagal 23 6.
|
I gcás ina bhfuil an tionchar foriomlán coibhéiseach leis sin mar thoradh ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit roghnú bearta malartacha a dhéanamh, mar shampla tacaíocht airgeadais a thabhairt nó comhairle a thabhairt d’úsáideoirí a bhaineann le hathsholáthar gineadóirí, modhnuithe eile ar an gcóras agus réitigh mhalartacha chun feidhmíocht, éifeachtúlacht agus méid iomchuí na gcóras sin a mheas. Sula gcuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm na bearta malartacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh siad, trí bhíthin tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin, coibhéis thionchar na mbeart sin le tionchar na mbeart dá dtagraítear i mír 1 a dhoiciméadú, lena n-áirítear i dtéarmaí coigiltis fuinnimh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa.
|
|
Airteagal 23 7.
|
Foirgnimh atá i gcomhréir le hAirteagal 13(10) nó (11), beidh siad díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 23 8.
|
Cuirfidh na Ballstáit scéimeanna cigireachta nó bearta malartacha i bhfeidhm, mar shampla uirlisí digiteacha agus seicliostaí, chun a dheimhniú go gcomhlíonann na hoibreacha tógála agus athchóirithe arna soláthar feidhmíocht fuinnimh an dearaidh agus go gcomhlíonann siad na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a leagtar síos sna cóid foirgníochta iad nó i rialacháin choibhéiseacha.
|
|
Airteagal 23 9.
|
Áireoidh na Ballstáit anailís achoimrithe ar na scéimeanna cigireachta agus ar a dtorthaí mar iarscríbhinn a ghabhann leis an bplean náisiúnta athchóirithe foirgneamh dá dtagraítear in Airteagal 3. Na Ballstáit a roghnaigh na bearta malartacha a luaitear i mír 6 den Airteagal seo, áireoidh siad anailís achoimrithe agus torthaí na mbeart malartach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1275
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|