+Airteagal 23 4.

Airteagal 23 4.

Áireofar leis an gcigireacht measúnú ar an ngineadóir nó na gineadóirí, caidéil imshruthaithe agus, i gcás inarb iomchuí, comhpháirteanna de chórais aerála, de chórais dáilte aeir agus uisce, de chórais hidréineacha cothromúcháin agus de chórais rialaithe. Féadfaidh na Ballstáit aon chórais tógála bhreise a shainaithnítear faoi Iarscríbhinn I a áireamh sna scéimeanna cigireachta.

Áireofar leis an gcigireacht measúnú ar éifeachtúlacht agus méid an ghineadóra nó na ngineadóirí teasa agus fuaraithe agus ar a bpríomh-chomhpháirteanna i gcomparáid le riachtanais an fhoirgnimh agus cuirfear san áireamh sa chigireacht cumas an chórais chun a fheidhmíocht a bharrfheabhsú faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin nó faoi mheándálaí oibriúcháin, agus úsáid á baint as teicneolaíochtaí coigilte fuinnimh atá ar fáil, agus faoi dhálaí athraitheacha mar gheall ar athrú úsáide. I gcás inarb ábhartha, déanfar measúnú sa chigireacht ar a indéanta don chóras oibriú faoi shocruithe teochta éagsúla agus níos éifeachtúla, mar shampla ag teocht íseal do chórais téimh uiscebhunaithe, lena n-áirítear trí bhíthin ceanglais dearaidh maidir le haschur cumhachta teirmí agus maidir le teocht agus sreabhadh, agus oibriú sábháilte an chórais á áirithiú ag an am céanna. Áireofar sa chigireacht, i gcás inarb ábhartha, measúnú bunúsach ar a indéanta atá sé úsáid breoslaí iontaise ar an láthair a laghdú, mar shampla trí fhuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú, trí fhoinse fuinnimh a athrú nó trí na córais atá ann cheana a ionadú nó a choigeartú.

I gcás ina suiteálfar córas aerála, déanfar measúnú freisin ar mhéid an chórais agus ar a chumas a fheidhmíocht a bharrfheabhsú faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin nó faoi mheándálaí oibriúcháin atá ábhartha d’úsáid shonrach agus reatha an fhoirgnimh.

I gcás nach ndearnadh athrú ar bith ar an gcóras nó i ndáil le riachtanais an fhoirgnimh ó rinneadh cigireacht de bhun an Airteagail seo, féadfaidh na Ballstáit roghnú gan a chur de cheangal an measúnú ar mhéid na príomh-chomhpháirte nó measúnú ar an oibriú faoi theochtaí éagsúla a dhéanamh athuair.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1275
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.