+IARSCRÍBHINN III GWP ar feadh saolré a ríomh i gcás foirgnimh nua de bhun Airteagal 7(2)

IARSCRÍBHINN III GWP ar feadh saolré a ríomh i gcás foirgnimh nua de bhun Airteagal 7(2)




IARSCRÍBHINN III

GWP ar feadh saolré a ríomh i gcás foirgnimh nua de bhun Airteagal 7(2)

1.   CREAT GINEARÁLTA

Leis an iarscríbhinn seo leagtar amach creat de chuid an Aontais maidir le GWP ar feadh saolré a ríomh ar bhonn náisiúnta d’fhonn na torthaí i ndeimhniú feidhmíochta fuinnimh an fhoirgnimh a nochtadh de bhun Airteagal 7(2). Chun comhlíonadh teorainnluacha a fhíorú de bhun Airteagal 7(5), féadfaidh na Ballstáit a chinneadh codanna áirithe de chéimeanna saolré agus codanna áirithe de raon feidhme comhpháirteanna foirgnimh a fhágáil ar lár, mar shampla trí chomhéifeachtaí ualaithe a bhaineann le dáta na n-astaíochtaí le linn shaolré an fhoirgnimh a chur i bhfeidhm.

Déanfar GWP ar feadh saolré foirgneamh nua a ríomh i gcomhréir leis na híoscheanglais a leagtar amach san Iarscríbhinn seo agus de réir chodanna ábhartha chaighdeán EN 15978 (EN 15978:2011 Inbhuanaitheacht oibreacha foirgníochta. Feidhmíocht chomhshaoil foirgneamh a mheasúnú. Modh ríofa) agus aon chaighdeán ina dhiaidh sin a bhaineann le hinbhuanaitheacht oibreacha foirgníochta agus an modh ríofa chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht chomhshaoil foirgneamh á gcur san áireamh. Ní hionann sin agus códú dlíthiúil an chaighdeáin sin.

Léireoidh an GWP ar feadh saolré a nochtfar i ndeimhniú feidhmíochta fuinnimh an fhoirgnimh an chéim mar a tógadh.

2.   TRÉIMHSE STAIDÉIR TAGARTHA

Déanfar an GWP ar feadh saolré a ríomh thar thréimhse staidéir tagartha 50 bliain ( 9 ).

3.   SONRAÍ LE hAGHAIDH RÍOMHA

Úsáidfear sonraí arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialacháin (AE) Uimh. 305/2011 ( 10 ) nó (AE) 2024/3110 ( 11 ) ó Phairlimint na hEorpa agus ón gComhairle, dá ngairtear “sonraí atá ar fáil faoin Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta” i dTábla 1, nuair a bheidh siad ar fáil. Má tá siad comhoiriúnach le “sonraí atá ar fáil faoin Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta”, úsáidfear freisin sonraí arna n-eisiúint i gcomhréir le rialacháin táirgí arna nglacadh ar bhonn Threoir 2009/125/CE, Rialachán (AE) 2017/1369, nó Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 ), dá ngairtear “sonraí atá ar fáil faoin reachtaíocht maidir le héicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh” i dTábla 1. Mura bhfuil sonraí den sórt sin ar fáil, féadfar cineálacha eile sonraí dá dtagraítear i dTábla 1 a úsáid. Áiritheoidh na Ballstáit an cruinneas agus an iontaofacht is airde is féidir maidir le torthaí ríomh GWP ar feadh saolré agus moltar dóibh úsáid sonraí tionscadalsonracha nó táirgeshonracha a cheadú, ar sonraí iad a bhfuil cáilíocht níos airde agus beachtas níos airde acu ná sonraí cineálacha nó luachanna réamhshocraithe.



Tábla 1

Forbhreathnú ar shainmhínithe ar chineálacha éagsúla sonraí faoi tháirgí foirgníochta

Cineál sonraí

Sainmhíniú agus úsáid

Sonraí atá ar fáil faoin Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta

Sonraí táirge maidir leis na héifeachtaí ar an athrú aeráide a fhaightear ón dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta faoi Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 nó Rialachán (AE) 2024/3110, lena n-áirítear dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta a chumhdaítear le sonraíocht theicniúil chomhchuibhithe agus dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta arna eisiúint i gcomhréir leis an doiciméad ábhartha um measúnú Eorpach agus leis an measúnú teicniúil Eorpach.

Sonraí atá ar fáil faoi reachtaíocht maidir le héicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh

Sonraí comhoiriúnacha arna n-eisiúint i gcomhréir le rialacháin táirgí arna nglacadh ar bhonn Threoir 2009/125/CE, Rialachán (AE) 2017/1369 nó Rialachán (AE) 2024/1781.

Sonraí tionscadalsonracha

Sonraí tionscadalsonracha arna ríomh i gcomhréir le caighdeán EN 15804 nó EN 50693 nó caighdeán comhoiriúnach, cé nár eisíodh iad faoi Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ná faoi Rialachán (AE) 2024/3110 ná faoi rialacháin táirgí arna nglacadh ar bhonn Threoir 2009/125/CE, Rialachán (AE) 2017/1369 nó Rialachán (AE) 2024/1781. Ní fhéadfar na sonraí sin a úsáid ach amháin má cheadaítear go sonrach iad leis an reachtaíocht náisiúnta.

Sonraí táirgeshonracha

Sonraí táirgeshonracha arna ríomh i gcomhréir le caighdeán EN 15804 nó EN 50693 nó caighdeán comhoiriúnach, cé nár eisíodh iad faoi Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ná faoi Rialachán (AE) 2024/3110 ná faoi rialacháin táirgí arna nglacadh ar bhonn Threoir 2009/125/CE, Rialachán (AE) 2017/1369 nó Rialachán (AE) 2024/1781. Ní fhéadfar na sonraí sin a úsáid ach amháin má cheadaítear go sonrach iad leis an reachtaíocht náisiúnta.

Meánsonraí le haghaidh grúpa táirgí i gcomhréir le caighdeán EN 15804 nó EN 50693

Léiríonn sonraí comhshaoil earnála meán na dtáirgí iomadúla ó chuideachta amháin nó níos mó agus is comhlachais tionscail nó eagraíochtaí coibhéiseacha eile a chumhdaíonn an táirge a sholáthraíonn iad. Ní fhéadfar na sonraí sin a úsáid ach amháin má cheadaítear go sonrach iad leis an reachtaíocht náisiúnta.

Sonraí cineálacha

Sonraí comhshaoil cineálacha arna ríomh i gcomhréir le caighdeán EN 15804 nó EN 50693 nó caighdeán comhoiriúnach do ghrúpa táirgí le haghaidh tíre nó réigiúin. D’fhéadfadh sé nach sonraí a bhaineann go sonrach le suíomh nó le fiontar iad na sonraí sin. Leagfaidh na Ballstáit rialacha soiléire síos maidir leis an gcaoi a ndéanfar na sonraí sin a ghiniúint nó a ríomh, ar bhonn sonraí comhchosúla táirgeshonracha atá ann cheana. Beidh na rialacha sin bunaithe ar thoimhdí coimeádacha, ionas nach dtabharfar tús áite do shonraí cineálacha ar bhonn éagórach thar shonraí táirgeshonracha. Féadfaidh na Ballstáit sonraí cineálacha a bhunú le haghaidh táirgí foirgníochta athúsáidte, agus na tairbhí a bhaineann le cuir chuige chiorclacha á gcur san áireamh.

Luachanna réamhshocraithe

Féadfar sonraí comhshaoil arna ríomh i gcomhréir le caighdeán EN 15804 nó EN 50693 nó caighdeán comhoiriúnach a úsáid chun bearnaí sonraí a líonadh, i gcás nach bhfuil aon cheann de na cineálacha sonraí thuas ar fáil, nó i gcás inar gá an ríomh a shimpliú. Féadfar luachanna réamhshocraithe a leagan amach do raon feidhme sonrach eiliminte foirgnimh nó eilimintí foirgnimh iomadúla, nó do raon feidhme fomhodúil saolré nó modúil saolré, nó do raon feidhme fomhodúl saolré iomadúil nó modúl saolré iomadúil. Féadfaidh na Ballstáit luachanna réamhshocraithe a shocrú le toimhdí coimeádacha lena spreagtar an ríomh le sonraí sonracha nuair a bheidh siad ar fáil. Féadfaidh na Ballstáit sraith luachanna réamhshocraithe a shocrú lena n-áiritheofar gur féidir GWP ar feadh saolré foirgneamh nua a nochtadh, de bhun Airteagal 7(2), fiú in éagmais aon sonraí sonracha.

Leagfaidh na Ballstáit amach rialacha soiléire, le cur chuige comhsheasmhach coimeádach, chun sonraí ginearálta agus luachanna réamhshocraithe a ghiniúint agus a thabhairt cothrom le dáta. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na sonraí is gá, lena n-áirítear sonraí cineálacha agus luachanna réamhshocraithe, ar fáil go poiblí, rud lena gcumasófar ríomh GWP ar feadh saolré foirgneamh nua faoi na dátaí a leagtar amach in Airteagal 7(2), lena n-áirítear i gcásanna nach bhfuil sonraí tionscadalsonracha nó táirgeshonracha ar fáil.

Maidir le cineálacha sonraí seachas sonraí atá ar fáil faoin Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta nó faoin reachtaíocht maidir le héicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh, moltar do na Ballstáit ilroinnt an mhargaidh a theorannú trí aitheantas a thabhairt do shonraí iontaofa agus comhoiriúnacha atá ar fáil arna n-eisiúint in aon Bhallstát, lena n-áirítear sonraí táirgeshonracha agus sonraí tionscadalsonracha le tionscadal arna ríomh i gcomhréir le EN 15804 nó EN 50693 nó caighdeán comhoiriúnach. In aon chás, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun comhsheasmhacht agus comhoiriúnacht a áirithiú idir sonraí, agus na sonraí sin ó fhoinsí éagsúla á gcomhcheangal acu agus áiritheoidh siad go mbeidh na torthaí deiridh don GWP ar feadh saolré iontaofa.

4.   ACHAR URLÁIR ÚSÁIDEACH

Sloinnfear GWP ar feadh saolré in aonaid kg CO2eq/m2 d’achar urláir úsáideach.

Leagfaidh na Ballstáit amach conas a úsáidfear an sainmhíniú ar achar urláir úsáideach sa chleachtas chun GWP ar feadh saolré foirgneamh nua a ríomh. Comhfhreagróidh an t-achar urláir úsáideach d’achar na gcodanna den fhoirgneamh a chumhdaítear le ríomh GWP ar feadh saolré agus ní shínfidh sé thar an imchlúdach foirgnimh. Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc ar an leibhéal náisiúnta ar an achar urláir úsáideach atá glactha i dtéarmaí achair éagsúla ar comhpháirteanna iad, mar a shainítear i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thomhas Maoine ( 13 ) nó i gcomhréir le caighdeán coibhéiseach, lena n-áirithítear trédhearcacht, comhsheasmhacht agus inchomparáideacht na dtomhas achair urláir.

Déanfar GWP ar feadh saolré a ríomh agus a nochtadh i ndeimhniú feidhmíochta fuinnimh an fhoirgnimh, i gcomhréir le hAirteagal 19 agus Iarscríbhinn V, nó i ndeimhniú feidhmíochta fuinnimh an aonaid foirgnimh i gcás inarb infheidhme. Más ábhartha, féadfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le leithdháileadh na n-astaíochtaí ó chomhpháirteanna foirgnimh atá comhroinnte ag foirgnimh iomadúla. Áiritheofar leis na rialacha sin go mbeidh an ríomh GWP ar feadh saolré cothrom, trédhearcach agus comhsheasmhach ar fud foirgnimh agus tionscadail éagsúla.

5.   RAON FEIDHME NA gCÉIMEANNA SAOLRÉ

Déanfar GWP ar feadh saolré a ríomh do gach céim saolré is gá, mar a leagtar amach i dTábla 2. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh aon chéim roghnach saolré a eisiamh ón ríomh, mar a leagtar amach i dTábla 2.

Le haghaidh gach céime saolré, nuair a chuirtear an iliomad cásanna ar fáil leis an bhfaisnéis atá ar fáil ar leibhéal an táirge, beidh an ríomh ar leibhéal an fhoirgnimh chomh hionadaíoch agus is féidir don tionscadal foirgníochta nó don fhoirgneamh. Nuair nach bhfuil faisnéis iontaofa ar fáil, nó nuair atá ríomh simplithe ábhartha, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh cead a thabhairt cás réamhshocraithe a úsáid le haghaidh an ríomha, bunaithe ar phrionsabal an cháis is measa.

Féadfaidh na Ballstáit luachanna réamhshocraithe a ghlacadh le haghaidh aon chéime saolré nó céime fo-shaolré i gcomhréir leis na ceanglais a bhaineann le sonraí le haghaidh ríomha a leagtar amach i Roinn 3 chun bearnaí sonraí a líonadh nó nuair is gá an ríomh a shimpliú.



Tábla 2

Céimeanna saolré le ríomh, de réir EN15978:2011 agus prEN15978: 2025 agus aon chaighdeán ina dhiaidh sin a bhaineann le hinbhuanaitheacht oibreacha foirgníochta agus an modh ríofa chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht chomhshaoil foirgneamh á gcur san áireamh

Céimeanna saolré

Riachtanach/Roghnach

EN15978:2011

prEN15978:2025

A1:  Soláthar amhábhar

A1:  Eastóscadh agus táirgeadh réamhtheachtach

Riachtanach

A2:  Iompar

A2:  Iompar chuig an monarcha

Riachtanach

A3:  Monaraíocht

A3:  Monaraíocht

Riachtanach

A4:  Iompar

A4:  Iompar

Riachtanach

Féadfaidh na Ballstáit a roghnú an ríomh a theorannú d’fhaisnéis atá ar fáil ar leibhéal an táirge agus do shonraí ginearálta coibhéiseacha nó do luach réamhshocraithe

A5:  Próiseas suiteála tógála

A5:  Próiseas suiteála tógála

Riachtanach

Féadfaidh na Ballstáit a roghnú próisis a bhaineann le scartáil réamhthógála agus iompar oibrithe foirgníochta chuig an láithreán agus uaidh a eisiamh. Má ríomhtar próiseas a bhaineann le scartáil réamhthógála nó iompar oibrithe foirgníochta chuig an láithreán agus uaidh, tuairisceofar na torthaí mar tháscairí ar leithligh

B1:  Úsáid

B1:  Úsáid

B1.1:  Astaíochtaí ó ábhair agus ó charbónú

B1.2:  Astaíochtaí éalaitheacha cuisneán

Riachtanach

Féadfaidh na Ballstáit a roghnú an ríomh a theorannú d’fhaisnéis atá ar fáil ar leibhéal an táirge agus do shonraí ginearálta coibhéiseacha nó do luach réamhshocraithe, lena n-áirítear an tionchar a bhaineann le hastaíochtaí éalaitheacha cuisneán

B2:  Cothabháil

B2:  Cothabháil

Riachtanach

Féadfaidh na Ballstáit a roghnú an ríomh a theorannú d’fhaisnéis atá ar fáil ar leibhéal an táirge agus do shonraí ginearálta coibhéiseacha nó do luach réamhshocraithe

B3:  Deisiú

B3:  Deisiú

Riachtanach

Féadfaidh na Ballstáit a roghnú an ríomh a theorannú d’fhaisnéis atá ar fáil ar leibhéal an táirge agus do shonraí ginearálta coibhéiseacha nó do luach réamhshocraithe

B4:  Athchur

B4:  Comhpháirteanna foirgnimh a athsholáthar

Riachtanach

Socróidh na Ballstáit go soiléir ar an leibhéal náisiúnta an riail maidir leis an líon athsholáthairtí a chainníochtú le haghaidh na gcomhpháirteanna nó na dtáirgí atá le cur i bhfeidhm, mar shampla, uimhir dheachúil mheánach shimplí na n-athsholáthairtí, slánuimhir na n-athsholáthairtí

Nuair a bheidh sí ar fáil, úsáidfear faisnéis a bhaineann leis an tsaolré seirbhíse tagartha a chuirtear ar fáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 nó le Rialachán (AE) 2024/3110 nó le rialacháin táirgí arna nglacadh ar bhonn Threoir 2009/125/CE, Rialachán (AE) 2017/1369 nó Rialachán (AE) 2024/1781.

B5:  Athchóiriú

B5:  Athchóiriú

Roghnach

B6:  Úsáid fuinnimh oibríochtúil

B6:  Úsáid fuinnimh oibríochtúil

B6.1:  Córais rialáilte atá comhtháite san fhoirgneamh (seirbhísí)

B6.2:  Córais neamhrialáilte atá comhtháite san fhoirgneamh (seirbhísí)

B6.3:  Úsáid eile fuinnimh a bhaineann le gníomhaíochtaí úsáideoirí foirgnimh

Riachtanach

Ba cheart an ríomh a bheith comhsheasmhach le ríomh na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla, i gcomhréir leis an gcreat ginearálta comhchoiteann a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Féadfaidh na Ballstáit an ríomh a theorannú do chórais rialáilte atá comhtháite san fhoirgneamh (seirbhísí) a chumhdaítear leis an Treoir seo, agus dóibh sin amháin.

Má chinneann na Ballstáit fachtóirí réamhbhreathnaitheacha maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) a cheadú le haghaidh na n-astaíochtaí oibríochtúla, tabharfar údar cuí leis na fachtóirí, beidh siad comhsheasmhach agus saineofar go soiléir iad don tréimhse staidéir tagartha iomlán

Déanfar leithdháileadh thionchair an fhuinnimh onnmhairithe i gcomhréir le caighdeán EN 15978. Tuairiscítear tionchar an fhuinnimh onnmhairithe i gcéim saolré D2

B7:  Úsáid uisce oibríochtúil

B7:  Úsáid uisce oibríochtúil

B7.1:  Córais fhíor-riachtanacha atá comhtháite san fhoirgneamh (leithris, cithfholcadáin, seomraí folctha, téamh, fuarú, aeráil, bogthaisiú, agus uisciú)

B7.2:  Córais chomhtháite eile san fhoirgneamh (linnte snámha, sánaí etc.)

B7.3:  Córais neamh-chomhtháite san fhoirgneamh (mar shampla, miasniteoirí tí, meaisíní níocháin, etc.)

Roghnach

 

B8:  Gníomhaíochtaí úsáideoirí atá comhtháite san fhoirgneamh, nach gcumhdaítear le B1-B7

B8.1:  Daoine a iompar chuig an bhfoirgneamh agus uaidh

B8.2:  Feithiclí leictreacha a luchtú laistigh den láithreán tógála

B8.3:  Eile, amhail úsáid “tomhaltáin” ar nós páipéar i gcás oifigí, nó troscán agus trealamh nach bhfuil daingnithe don fhoirgneamh

Roghnach

C1:  Díthógáil

C1:  Díthógáil / Scartáil

Riachtanach

Féadfaidh na Ballstáit a roghnú an ríomh a theorannú d’fhaisnéis atá ar fáil ar leibhéal an táirge agus do shonraí ginearálta coibhéiseacha nó do luach réamhshocraithe

C2:  Iompar

C2:  Iompar chuig próiseáil nó diúscairt dramhaíola

Riachtanach

Féadfaidh na Ballstáit a roghnú an ríomh a theorannú d’fhaisnéis atá ar fáil ar leibhéal an táirge agus do shonraí ginearálta coibhéiseacha nó do luach réamhshocraithe.

C3:  Próiseáil dramhaíola le haghaidh athúsáide, athchúrsála agus/nó aisghabhála

C3:  Próiseáil dramhaíola le haghaidh athúsáide, athchúrsála agus/nó aisghabhála

Riachtanach

Féadfaidh na Ballstáit a roghnú an ríomh a theorannú d’fhaisnéis atá ar fáil ar leibhéal an táirge agus do shonraí ginearálta coibhéiseacha nó do luach réamhshocraithe

C4:  Diúscairt

C4:  Diúscairt dramhaíola

Riachtanach

Féadfaidh na Ballstáit a roghnú an ríomh a theorannú d’fhaisnéis atá ar fáil ar leibhéal an táirge agus do shonraí ginearálta coibhéiseacha nó do luach réamhshocraithe

D:  Tairbhí agus ualaí lasmuigh de theorainn an chórais

D1:  Athúsáid, athchúrsáil agus aisghabháil fuinnimh mar thoradh ar ghlansreafaí ábhar ag imeacht ó theorainn an chórais

Riachtanach

Féadfaidh na Ballstáit a roghnú an ríomh a theorannú d’fhaisnéis atá ar fáil ar leibhéal an táirge agus do shonraí ginearálta coibhéiseacha nó do luach réamhshocraithe

D2:  Tairbhí agus ualaí féideartha ó fhóntais onnmhairithe (mar shampla, fuinneamh leictreach, fuinneamh teirmeach, uisce inólta)

Riachtanach

6.   LEITHDHÁILEADH ASTAÍOCHTAÍ A BHAINEANN LE TOMHALTAS FUINNIMH FOIRGNIMH AGUS GINIÚINT AR AN LÁTHAIR

Leagtar amach i dTábla 3 na trí chur chuige a d’fhéadfadh a bheith ann chun astaíochtaí corpraithe a bhaineann le tomhaltas fuinnimh foirgnimh agus giniúint ar an láthair a leithdháileadh. Chun trédhearcacht, comhsheasmhacht agus cruinneas a áirithiú sa ríomh, roghnóidh na Ballstáit ceann de na cuir chuige a liostaítear i dTábla 3, is iad sin cur chuige A, cur chuige B1 nó cur chuige B2. Má ghlactar cur chuige B1 nó B2 ar an leibhéal náisiúnta, cuirfidh na Ballstáit na rialacha leithdháilte roghnaithe is gá don ríomh ar fáil go poiblí i gcomhréir leis an ríomh fuinnimh agus leis na caighdeáin ábhartha.

Chun GWP ar feadh saolré a ríomh, déanfar na hastaíochtaí oibríochtúla a bhaineann le tomhaltas fuinnimh foirgnimh agus giniúint ar an láthair le linn gach céime saolré a leithdháileadh i gcomhréir leis an rogha maidir le leithdháileadh na n-astaíochtaí corpraithe agus i gcomhréir le caighdeán EN 15978.



Tábla 3

Astaíochtaí corpraithe maidir le táirgeadh fuinnimh in-athnuaite ar an láthair a ríomh

Fachtóir tionchair

Cur Chuige A

Cur chuige B1 nó B2

Cineál leithdháilte astaíochtaí corpraithe ó chomhpháirteanna stórála fuinnimh ar an bhfoirgneamh

Leithdháileadh iomlán ar an bhfoirgneamh

Cineál leithdháilte astaíochtaí corpraithe ó chodanna eile den chóras ar an bhfoirgneamh

Leithdháileadh iomlán ar an bhfoirgneamh

B1:  Leithdháileadh comhréireach ar an bhfoirgneamh bunaithe ar sciar an fhuinnimh ghafa/ghinte a úsáidtear le haghaidh féintomhaltais

B2:  Leithdháileadh ar an bhfoirgneamh le haghaidh comhpháirteanna arna gcomhtháthú san imchlúdach foirgnimh agus lena ndéantar a dhromchla, chomh maith le leithdháileadh comhréireach na n-astaíochtaí corpraithe atá fágtha ar an bhfoirgneamh bunaithe ar sciar an fhuinnimh ghafa/ghinte a úsáidtear le haghaidh féintomhaltais

7.   RAON FEIDHME NA n-EILIMINTÍ FOIRGNIMH AGUS AN TREALAIMH THEICNIÚIL

Áireofar i ríomh GWP ar feadh saolré na heilimintí tógála agus an trealamh teicniúil a liostaítear i Leibhéal 2 faoin gcatagóir sceall agus croí i dTábla 4ar a laghad. Áiritheoidh na Ballstáit ríomh GWP ar feadh saolré atá cuimsitheach agus cruinn, ina ndéanfar cur síos soiléir ar eilimintí foirgnimh agus ar threalamh teicniúil foirgnimh ar an leibhéal náisiúnta is gá chun GWP ar feadh saolré a ríomh. Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit na samplaí a léirítear i Leibhéal 3 agus i Leibhéal 4 de Thábla 4 a leanúint agus aon diall substaintiúil a sholáthar sa reachtaíocht náisiúnta.

Déanfar eilimintí foirgnimh agus trealamh teicniúil nó córais theicniúla arna gcumhdach ag deimhniú feidhmíochta fuinnimh an fhoirgnimh mheasúnaithe a chur san áireamh sa ríomh má mheasann Ballstát gurb é úinéir an fhoirgnimh atá freagrach go páirteach nó go heisiach as a n-úinéireacht agus as a gcothabháil ( 14 ), fiú má tá siad lasmuigh den fhoirgneamh measúnaithe agus neamhspleách ó thaobh struchtúir de. Nuair atá eilimintí foirgnimh agus trealamh teicniúil lasmuigh den fhoirgneamh measúnaithe agus neamhspleách ó thaobh struchtúir de, cuirfear na hastaíochtaí a bhaineann leis na heilimintí foirgnimh agus an trealaimh theicniúil sin san áireamh san anailís ar charbón corpraithe agus ar charbón oibríochtúil, ach ní chuirfear a n-achar urláir san áireamh le haghaidh na n-achar urláir.

Féadfaidh na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar shonraí ginearálta nó luachanna réamhshocraithe a ghlacadh le haghaidh aon cheann de na heilimintí a luaitear sna leibhéil i dTábla 4, i gcomhréir leis na ceanglais a bhaineann le sonraí le haghaidh ríomha a leagtar amach i Roinn 3 chun bearnaí sonraí a líonadh nó nuair is gá an ríomh a shimpliú.



Tábla 4

Raon feidhme ordlathach na n-eilimintí foirgnimh agus an trealaimh theicniúil

Leibhéal 1

Leibhéal 2

Leibhéal 3 (sampla)

Leibhéal 4 (samplaí)

Sceall

Fostruchtúr

Bunphíleáil agus fophíleáil

Pílí buana agus cásúin bhuana

Fothaca

Fotha

Taobhthacaí

Bonnra rafta, caidhpeanna píle, boinn cholúin, bonnra balla; bíomaí strapála, bíomaí ceangail

Ballaí agus colúin fostruchtúir

Leaca urláir talún agus bíomaí (nuair atá íoslach san fhoirgneamh, ba cheart leaca íochtair íoslaigh a chomhaireamh laistigh den chatagóir ábhartha de Leibhéal 3 “Eilimintí íoslaigh”)

Claiseanna ardaitheora (leaca agus ballaí)

Eilimintí íoslaigh

Taobhthacaí íoslaigh

Leaca íochtair agus réamhscreamh íoslaigh

Ballaí coinneála

Ballaí, teanntáin agus colúin struchtúracha íoslaigh

Bíomaí, giarsaí, teanntáin agus leaca íoslaigh

Staighrí íoslaigh agus rampaí

Umar ingearach uiscedhíonach, brat draenála, draenacha agus balla craicinn

Umar cothrománach uiscedhíonach, brat draenála, draenacha agus leac barráin

Insliú íoslaigh

Claiseanna ardaitheora, claiseanna sloic, muinchillí

Obair ilchodach, obair réamhdhéanta agus obair iloibríochtaí le haghaidh “Fostruchtúr” (1)

Struchtúr

Frámaí agus leaca (os cionn bharr leac urláir talún)

Ballaí, giarsaí agus colúin struchtúracha

Bíomaí, giarsaí, teanntáin agus leaca urláir uachtair

Bíomaí, giarsaí, teanntáin agus leaca dín

Staighrí (ar cuid den struchtúr iad)

Dódhíonadh ar struchtúr cruach

Tancanna, linnte agus ilnithe

Ach amháin nuair atá sé suite laistigh den imchlúdach foirgnimh (a áirítear in oibreacha seachtracha)

Obair ilchodach, obair réamhdhéanta agus iloibríochtaí le haghaidh “Struchtúr” (2)

Oibreacha ailtireachta seachtracha (neamhstruchtúrach)

Aghaidh

Ballaí agus gnéithe seachtracha neamhstruchtúracha

Bailchríocha do bhallaí seachtracha seachas cumhdra

Cumhdra aghaidhe agus imbhallaí

Fuinneoga seachtracha

Doirse seachtracha

Aghaidheanna siopa seachtracha

Comhlaí rollacha agus comhlaí dóiteáin

Díon

Bailchríocha dín

Fuinneoga Dín

Uiscedhíonadh

Insliú

Tírdhreachú dín (crua agus bog)

Obair ilchodach, obair réamhdhéanta agus iloibríochtaí le haghaidh “Saothair ailtireachta sheachtracha (neamhstruchtúracha)” (3)

Croí

Oibreacha ailtireachta inmheánacha nó faoi chlúdach (neamhstruchtúrach)

Rannáin inmheánacha

Ballaí agus deighiltí inmheánacha neamhstruchtúracha

Insliú

Aghaidheanna siopaí inmheánacha

Cubhachailí leithris

Deighiltí inghluaiste

Seomraí fuara

Doirse inmheánacha

Fuinneoga inmheánacha

Comhlaí rollacha agus comhlaí dóiteáin

Ilobair choincréite

Feistis agus ilnithe

Balastráidí, ráillí agus lámhráillí

Staighrí agus caolbhealach nach cuid den struchtúr iad, catdréimirí

Caibinéid, cófraí, stórais, taisceadáin, suíocháin, seilfeanna, cuntair, binsí (4) ionsuite.

Gnéithe maisiúla ionsuite

Painéil rochtana

Bailchríocha faoi chlúdach

Bailchríocha urláir (inmheánach agus seachtrach (is é sin le rá, faoi chlúdach nó i mbalcóiní))

Bailchríocha ballaí inmheánacha agus cumhdra

Bailchríocha síleála agus síleálacha bréagacha (inmheánach nó seachtrach)

Insliú

Obair ilchodach, obair réamhdhéanta agus iloibríochtaí le haghaidh “oibreacha ailtireachta inmheánacha nó faoi chumhdach (neamhstruchtúrach)” (5)

Seirbhísí agus trealamh tógála: Córais uisce agus córais a bhaineann le fuíolluisce

Earraí sláintíochta

Leithris, sistéil, tráidirí cithfholcadáin, folcadáin, sconnaí, rialuithe, sconnaí cinn cithfholcadáin, aonaid bháisín, doirtil, téitheoirí uisce the ar an toirt

Córais fuaruisce

Teirmeastat, méadair theirmeacha, méadair fuaruisce, caidéil/tacar treiseoirí, méadair eile, píbobair, insliú píopaí, taca/crochadán, cosaint ar shioc agus trealamh téimh riain

Uisce fuar a stóráil

Umar stórála móide aon chóras cóireála agus scagacháin le haghaidh rialú cáilíochta uisce

Draenáil uisce dromchla / uisce báistí / uisce bréan

Píopaí, insliú, taca, umar stórála uisce báistí, maolú, asraonta, caidéil, fanphíobáin, píobánra séarachais, píobánra comhdhlútháin, insliú, taca, sistéal, gaistí, caidéal, draein

Córais athúsáide uisce

Umar stórála buainte uisce liath/ uisce báistí, píbobair agus trealamh cóireála laistigh den líne tógála

Seirbhísí agus trealamh tógála: Córais téimh

Trealamh giniúna teasa agus uisce the

Coire gáis/leictreach, teaschaidéil aeir/uisce/talún, fuaraitheoir, téitheoir uisce áitiúil, sorn dóite adhmaid, coire bithmhaise, téamh teirmeach gréine agus córais uisce the. Áirítear córais téimh chomhchoiteanna atá suite laistigh de lorg an fhoirgnimh sa raon feidhme sin suas go dtí pointe an mhéadair. Lasmuigh den mhéadar, meastar gur cuid den líonra dáileacháin iad na córais sin. Áireofar clais agus ilphíobán fiú má tá siad lasmuigh de lorg an fhoirgnimh. Teasmhalartóir pláta a nascann le líonra téimh ceantair. Áireofar trealamh giniúna uisce the (mar shampla, calaraitheoir) freisin.

Dáileachán teasa agus uisce the, rialú, gabhálais, astaírí, malartóirí/aonaid teirminéil

Radaitheoir leictreach, radaitheoir fliuch, téamh faoin urlár, aonad comhéadain teasa, teasmhalartóir pláta, caidéil, lasc-chlár meicniúil, aonad brúchóirithe, pota dáileoige, rialaitheoir ciorcaid brainse, díthaisire, gléasadh tonnchreatha, teirmeastat, méadair theirmeacha, méadar uisce the, píbobair, insliú píopaí, taca/crochadán, cosaint ar shioc agus trealamh téimh riain

Trealamh teirmeastórála

Stóras uisce te, soitheach maolánach, soitheach borrtha

Seirbhísí agus trealamh tógála: Córais fuaraithe thiomnaithe (má dhéanann córas téamh agus fuarú araon, tiocfaidh sé faoi raon feidhme “córais téimh” amháin)

Trealamh giniúna fuaraithe

Túr fuaraithe, aonaid ghaothráin agus chorna, aerchóiritheoir.

Astaíre fuaraithe, malartóirí/aonaid teirminéil, gabhálais agus rialú, dáileadh, stóráil

Stóras fuaruisce, soitheach maolánach, soitheach borrtha le haghaidh fuarú, caidéil, lasc-chlár meicniúil, aonad brúchóirithe, pota dáileoige, rialaitheoir ciorcaid brainse, díthaisire, gléasadh tonnchreatha, teirmeastat, méadair theirmeacha, méadar fuaruisce, píbobair, insliú píopaí, taca/crochadán, cosaint ar shioc agus trealamh téimh riain

Seirbhísí agus trealamh tógála: Córais aerála

Gluaiseacht aeir

Gaothráin, aeráil mheicniúil le haisghabháil teasa, aonaid láimhseála aeir, gaothráin síleála, aeráil cistine, cuirtíní aeir

Teirminéil aeir

Idirleatóirí, gríleanna, córais le toirt athraitheach aeir, córais le toirt tairiseach aeir, lúvar

Duchtobair agus gabhálais

Duchtobair, insliú, taca, duchtobair dóiteánrátaithe, taca

Maolairí rialaithe, maolú agus sábháilteacht dóiteáin a bhaineann le trealamh aerála

Maolaire athraitheach toirte aeir, maolaire rialaithe toirte, maolaire dóiteáin, eastóscadh múiche agus deataigh, maolaire múchta dóiteáin innealta, brúchóiriú staighre, gaothráin dóiteánrátaithe, maolairí faoisimh brú, rialuithe, lúvair, eastóscán gáis, laghdú fuaime

Seirbhísí agus trealamh tógála: Córais soilsithe

Soilsiú inmheánach

Daingneáin solais inmheánacha, asraon, comhchumar, soicéad, rialú solais, cábla, lasc

Soilsiú seachtrach (suite ar fhoirgneamh)

Lampaí/ cuaillí/ tacaí etc. atá suite san fhoirgneamh. Daingneáin solais sheachtracha, asraon, comhchumar, soicéad, rialú solais, cábla, lasc

Soilsiú éigeandála

Soilse éigeandála, rialtáin, cábla, lasc

Soilsiú eile

Soilsiú tascanna, soilsiú stáitse/siamsaíochta, soilsiú taispeána miondíola, soilsiú ailtireachta lena n-áirítear daingneán solais gaolmhar, asraon, comhchumar, soicéad, rialú solais, cábla, lasc

Seirbhísí agus trealamh tógála: Seirbhísí leictreacha le haghaidh cumhachta, cumarsáide, slándála, TF agus brath dóiteáin

Cumhacht leictreach

Lena n-áirítear suiteálacha inmheánacha agus suiteálacha atá suite i bhfoirgnimh. Cábla cumhachta, coimeád tráidirí cáblaí, clár painéil/dáileacháin, trealamh cúltaca, busbharra, claochladán, soicéid/lascaí, boscaí urláir, braiteoirí, ardvoltas, meánvoltais, ísealvoltas, cumhacht bheag, coimeád

Voltas Rí-Íseal/cumarsáid/slándáil

córais voltais rí-ísil. Trealamh cumarsáide agus closamhairc. Slándáil: Trealamh teilifíse ciorcaid iata (TCI), braiteoirí slándála agus aláraim.

TF agus sonraí

Trealamh TF: aon rud a bhaineann le sonraí, mar shampla, trealamh Wi-Fi, freastalaí, cáblú cnáimhe droma agus struchtúrtha, ríomhairí, printéirí, caibinéid sonraí, painéil paiste

Córas bainistithe foirgneamh

Córas bainistithe foirgneamh/rialaitheoirí ar chornaí gaothráin, stáisiún seachtrach, príomhchóras rialtóra ag a bhfuil ríomhaire (ceannmhol), cáblú is gá, comhlaí rialaithe, braiteoirí le haghaidh staidreamh teochta

Giniúint chúltaca leictreachais

Soláthar cumhachta dobhriste (UPS), giniúint chúltaca, soláthar ceallraí, gineadóirí fuireachais laistigh den líne foirgnimh

Brath dóiteáin agus aláram

Córais aláraim dóiteáin lena n-áirítear brath, cáblú, painéal comhraic dóiteáin agus aonad glao deiridh

Seirbhísí agus trealamh tógála:

Giniúint fuinnimh in-athnuaite ar an láthair

Fuinneamh in-athnuaite – giniúint leictreach ar an láthair agus suite san fhoirgneamh

Painéal gréine, inbhéartóir, tuirbín gaoithe, foirgneamh tuirbíní uisce suiteáilte i bhfoirgneamh nó laistigh de lorg an fhoirgnimh

Fuinneamh in-athnuaite – stóráil ar an láthair

Ceallra laistigh de lorg an fhoirgnimh

Seirbhísí agus trealamh tógála: Suiteálacha córais sábháilteachta beatha, breosla agus gluaiseachta

Córas spré-uiscithe

Píopaí, cinn, comhlaí, umar, píobán, caidéil

Córais comhraic dóiteáin

Ardúch tirim agus fliuch, hiodrant, laistigh de lorg an fhoirgnimh ainmnithe, rialuithe/braiteoirí gaothaire oscailte uathoibríoch, córas sochta dóiteáin

Cosaint tintrí / nascadh talmhaithe

Seoltóir tintrí, slata talmhaithe

Suiteálacha breosla

Gach soláthairtí breosla seachas soláthairtí leictreacha, aon ní atá pumpáilte nó brúchóirithe.

Trealamh gáis: nasc, méadar gáis, brúrialtán, píopaí, comhlaí.

Umar stórála breosla ar an láthair, stórais thirime.

Tarathair.

Ardaitheoir, cathaoir staighre, ardán ardaithe

Áireofar córais maidir le hardaitheoir, cathaoir staighre, ardán ardaithe. Áireofar cumhacht chuig na córais sin i suiteálacha leictreacha

Staighrí beo agus cosáin bheo

Áireofar córais le haghaidh staighrí beo agus cosáin beo. Áireofar cumhacht chuig na córais sin i suiteálacha leictreacha

Seirbhísí agus trealamh tógála: Córais diúscartha dramhaíola

Córais diúscartha dramhaíola speisialaithe agus chomhchoiteanna

Loisceoir dramhaíola agus aon chóras le haghaidh sruthanna dramhaíola agus suiteáil diúscartha

 

Obair ilchodach, obair réamhdhéanta agus iloibríochtaí le haghaidh “Seirbhísí agus trealamh tógála” (6)

Oibreacha seachtracha

(Roghnach)

Bóithre, cosáin, pábháil agus dromchlaí eile seachtracha atá oiriúnach do thrácht daoine nó d’fheithiclí atá laistigh de limistéar na dáileachta tógála

Bóithre agus cosáin atá deartha le haghaidh trácht coisithe nó feithiclí

Áireofar ullmhú oibreacha fo-bhunáite lena n-áirítear cóireáil, leagan, leibhéalú, grádú agus dlúthú

Réamhscreamh, coincréit in situ lena n-áirítear foirmeánacht, treisiú, naisc, scannáin dhraenála/fiailí, colbhaí, ciumhaiseanna, gabhálais, marcanna pábhála/bóthair/páirceanna spóirt a chuirtear ar dhromchla, bailchríocha saoirsithe. e.g.:

— Bailchríoch macadaim nó asfailt

— Saoirseacht, pábháil, tíleanna, duirleoga, seiteanna

— Gairbhéal, sliseanna cloiche, sliseanna adhmaid

— Matra féir pollta

— Dromchlaí atá deartha le haghaidh clóis súgartha, spóirt nó úsáidí speisialaithe eile

— Gach córas is gá chun draenáil agus/nó maolú uisce dromchla a bhainistiú

— Céimeanna, staighrí agus rampaí (lena n-áirítear fostruchtúr, foirmiú agus bailchríoch dheiridh) lasmuigh den líne foirgnimh ainmnithe

Cosáin

Pábhálacha agus dromchlaí boga atá deartha le haghaidh trácht coisithe

Feistis agus daingneáin sheachtracha chun spásanna lasmuigh, teorainneacha agus criosanna limistéar an láithreáin tógála a theorannú agus chun críoch aeistéitiúil

Fálú seachtrach

Áireofar adhmad, miotal, coincréit, fálú saoirseachta, ráillí, geataí, ballaí, mionbhallaí atá seachtrach agus nach cuid d’imchlúdach teirmeach an fhoirgnimh iad agus atá nua

Áireofar bacainní ar fheithiclí agus ar choisithe a bhfuil gá leo chun luchtú sonrach a ghlacadh chun críoch cosanta, mar aon le geataí gaolmhara

Áireofar ceanglais maidir le fostruchtúr, comhpháirteanna, cuaillí, feistí, earraí iarainn, gabhálais amhail cóipeálacha, trealamh cumhachtaithe, rialuithe agus bailchríocha deiridh

Áirítear leis an gcatagóir seo ballaí coinneála nach cuid den fhoirgneamh iad, a fhoirmítear de ghnáth as coincréit, adhmad nó saoirseacht, lena n-áirítear na ceanglais uile maidir le fostruchtúr/píleáil, cré threisithe, riachtanais draenála, scannáin, comhpháirteanna, fosúcháin, gabhálais amhail cóipeálacha, ailt, leasaithigh, bailchríoch deiridh, gaibiúin

Ráillí seachtracha

Ballaí seachtracha

Daingneáin sheachtracha

Troscán sráide láithreáin lena n-áirítear geataí (i gcás nach cuid d’fhálta ná de bhacainní iad), geataí casta, mullaird dho-aistrithe/infhillte/inbhainte, suíocháin, binsí, boird, coimeádáin bruscair/grin, taispeántais póstaer/cláir fógra, seastáin/seideanna rothair, treochomharthaíocht, cuaillí brataí, trealamh seachtrach spóirt/clóis súgartha, miondroichid coise, stadanna bus, ionaid dídine, boscaí teileafóin, boscaí poist, dealbha/oibreacha seachtracha ealaíne, gnéithe uisce ornáideacha lena n-áirítear aon fhostruchtúr, umair, comhpháirteanna, píobánra, rialuithe agus trealamh is gá

Seirbhísí foirgníochta seachtracha

Nóta ginearálta: sa chatagóir seo tá na seirbhísí uile nach bhfuil daingnithe don fhoirgneamh nó nach bhfuil freastal déanta orthu lasmuigh de lorg an fhoirgnimh.

Draenáil sheachtrach

Uisce bréan/uisce dromchla/draenáil talún faoi bhun na talún agus os cionn na talún, ón gcéad dúnpholl lasmuigh de bhalla iata an fhoirgnimh, an nasc séarachais nó pointe sceite eile (mar shampla, saoráid chóireála séarachais ar an láthair). Áireofar freisin trinsí, píblínte, feistis, leapacha, aislíonadh, cliabháin, tacaí, naisc, silteáin agus grátaí (ar bhóithre, mar shampla). Stáisiúin chaidéalaithe pacáistithe, pointí sceite/cinn asraon, bratuithe deiridh, cainéil réamhdhéanta, cuasáin, dúnphoill, cainéil, poill shúite, linnte camrachta, aonaid idircheapóra peitril. Áireofar freisin aon athrú, aon oibreacha deisiúcháin, aon líonadh nó aon ghlanadh ar chórais draenála, dúnphoill agus grátáí atá ann cheana. Áireofar freisin suiteálacha a bhaineann le córais draenála uirbeacha inbhuanaithe (nach bhfuil plandaithe), Draenáil leachtanna guaiseacha amhail ceimiceáin agus dramhaíl leachtach thionsclaíoch

Seirbhísí seachtracha – uisce

Córais soláthair uisce phíopaithe lena dtugtar uisce ó phríomhlíonra an ghnóthaire reachtúil go dtí an pointe iontrála isteach san fhoirgneamh, lena n-áirítear dáileadh chuig pointí úsáideoirí seachtracha (mar shampla, gléasra agus trealamh seachtrach agus hiodraint dóiteáin). Hiodraint dóiteáin/athchúrsáil uisce báistí/athchúrsáil uisce léith lasmuigh de líne foirgnimh ainmnithe. Áireofar umair, píbobair, téamh riain, insliú, naisc freisin

Seirbhísí seachtracha – leictreachas

Dáileadh leictreachais ardvoltais ó sholáthar an ghnóthaire reachtúil chuig stáisiún claochladáin ar an láthair, dáileadh leictreachais ísealvoltais ón gclaochladán ar an láthair chuig painéal an phríomhlascthrealaimh laistigh den fhoirgneamh agus suiteálacha seachtracha chun leictreachas a sholáthar, lena n-áirítear gineadóirí éigeandála nó fuireachais. Cáblaí, sreangú, cláir, truncáil, clúdaigh rochtana, naisc, dáileadh, trinsí, claiseanna, fostáisiúin phacáistithe/chlaochladáin, suiteálacha soláthair dhobhriste cumhachta

Seirbhísí seachtracha – gás

Córais soláthair gáis nádúrtha phíopaithe a thógann gás ó phríomhlíonra an ghnóthaire reachtúil go dtí an méadar gáis; agus gás peitriliam leachtaithe (GPL) a thógáil ó shoithí stórála seachtracha go dtí an pointe dáileacháin, lena n-áirítear soláthar gáis príomhlíonra agus dáileadh an tsoláthair gáis chuig pointí úsáideoirí seachtracha (mar shampla, chuig gléasra seachtrach agus trealamh seachtrach). Áireofar dáileadh, clúdaigh rochtana, naisc, trinsí, claiseanna, umair stórála/buidéal freisin

Seirbhísí seachtracha – teileachumarsáid agus a leithéid

Córais teileachumarsáide, teilifís chábla, an t-idirlíon agus córais chumarsáide eile a nascadh ó sholáthar gnóthaire reachtúil nó soláthraí seirbhíse eile leis an bpríomhphointe dáileacháin laistigh den fhoirgneamh. Áireofar freisin cáblaí, sreangú, cláir, truncáil, clúdaigh rochtana, naisc, dáileadh, trinsí, claiseanna

Seirbhísí seachtracha – stóráil breosla

Córais stórála breosla sheachtraigh agus córais dáiliúcháin phíopaithe. Umair stórála agus soithí lasmuigh den fhoirgneamh, agus córais soláthair phíopaithe lena ndáiltear ola, peitreal nó díosal ó umair stórála nó ó shoithí go dtí an pointe iontrála laistigh den fhoirgneamh nó chuig gléasra seachtrach agus trealamh seachtrach. Áireofar freisin dáileadh, caidéil, comhlaí, insliú, clúdaigh rochtana, naisc, trealamh faireacháin, trinsí, claiseanna, umair stórála/buidéal

Seirbhísí seachtracha – soilsiú

Córais soilsithe sheachtraigh láithreáin/sráide lena n-áirítear le haghaidh limistéir coisithe, cosáin, bóithre, comharthaí tráchta soilsithe, soilsiú seachtrach. Áireofar freisin cáblaí, sreangú, cláir, truncáil, clúdaigh rochtana, naisc, dáileadh, trinsí, claiseanna, rialtáin agus na fearais solais/lampaí féin, lena n-áirítear soilsiú le haghaidh páirceanna spóirt

Seirbhísí seachtracha – córais slándála

Córais slándála lena n-áirítear TCI, cuaillí ceamara, soláthairtí cumhachta seachtracha ginearálta le haghaidh trealamh slándála agus soilsiú slándála sonrach

Obair ilchodach, obair réamhdhéanta agus iloibríochtaí le haghaidh “seirbhísí foirgníochta seachtracha” (7)

Foirgnimh sheachtracha (8)

Foirgnimh bheaga choimhdeacha

Foirgnimh bheaga choimhdeacha sheachtracha ar leithligh a bhaineann leis na córais foirgnimh agus le gnáthfheidhmiú an fhoirgnimh agus na rochtana ar an láithreán, lena n-áirítear tithe coire, foirgnimh fhostáisiúin, foirgnimh stórála breosla, stóras rothar, seideanna, aonaid stórála agus bothanna cosanta

Struchtúir pháirceála neamhspleácha (9)

Struchtúir os cionn talún nó faoi thalamh atá le húsáid go heisiach nó go comhroinnte ag áititheoirí foirgnimh

Obair ilchodach, obair réamhdhéanta agus iloibríochtaí le haghaidh “foirgnimh sheachtracha” (10)

(1)   

Insliú, uiscedhíonadh, scríd, naisc, feistis nó eilimintí le haghaidh draenála, eilimintí le haghaidh seirbhísí a chuirtear isteach nó a chuirtear i bhfeidhm in éineacht leis na hoibreacha fostruchtúracha ach nach n-áirítear cheana faoi iontrálacha sonracha sa Tábla 4 seo nó in áiteanna eile.

(2)   

Dódhíonadh, insliú, uiscedhíonadh, scríd, naisc, feistis, rampaí, foirmeánacht bhuan, struchtúir mezzanine, tacaí le haghaidh suíocháin srathacha, bealaí cothabhála nó eilimintí eile a chuirtear isteach nó a chuirtear i bhfeidhm in éineacht leis na hoibreacha struchtúracha ach nach n-áirítear cheana faoi iontrálacha sonracha sa Tábla 4 seo nó in áiteanna eile.

(3)   

Dódhíonadh, insliú, uiscedhíonadh, scríd, naisc agus fosúcháin ar an struchtúr, feistis, rampaí, gairis scáthaithe, lúvair, sceimhleacha, cosaint feithidí, cóimeálacha gríle, uchtbhallaí, ráillí, ballaí glasa, simléir nó eilimintí eile a chuirtear isteach nó a chuirtear i bhfeidhm in éineacht leis na hoibreacha ailtireachta seachtracha ach nach n-áirítear cheana faoi iontrálacha sonracha anseo nó in áiteanna eile.

(4)   

Tagraíonn ionsuite d’ionchorprú na ngnéithe ábhartha foirgnimh le linn chéim na tógála agus sula n-aistrítear an foirgneamh chuig an úinéir.

(5)   

Dódhíonadh, insliú, uiscedhíonta, scríd, naisc agus fosúcháin ar an struchtúr nó ar bhealaí cothabhála, frámáil, séalú, greamacháin, urláir shaora, urláir chrochta, bailchríocha, marcanna líne, cóiriú, cláir sciorta, feistis, rampaí, cóimeálacha gríle, uchtbhallaí, ráillí, tinteáin nó eilimintí eile a chuirtear isteach nó a chuirtear i bhfeidhm in éineacht leis na hoibreacha ailtireachta inmheánacha ach nach n-áirítear cheana faoi iontrálacha sonracha sa Tábla 4 seo nó in áiteanna eile.

(6)   

Aon daingneán, feisteas nó eilimint eile a chuirtear isteach nó a chuirtear i bhfeidhm in éineacht leis na seirbhísí, córas agus bonneagar foirgnimh ach nach n-áirítear cheana faoi iontrálacha sonracha sa Tábla 4 seo nó in áiteanna eile.

(7)   

Aon daingneáin, feistis nó eilimintí eile atá bainteach le suiteáil uisce, gáis, leictreachais, téimh, aerála, draenála os cionn talún, teileachumarsáide agus seirbhísí eile, lena n-áirítear duchtanna, bratuithe cosanta, poill, sealanna, muinchillí, clúdaigh, cosc dóiteáin, lipéadú, agus boinn, etc., nach n-áirítear in aon áit eile.

(8)   

Tagraíonn sé d’fhoirgnimh atá lasmuigh den fhoirgneamh measúnaithe agus neamhspleách ó thaobh struchtúir de, ach atá suite laistigh de chúirtealáiste an fhoirgnimh mheasúnaithe agus seirbhísiú á dhéanamh ar áititheoirí an fhoirgnimh mheasúnaithe agus/nó ar chórais theicniúla agus bonneagar foirgnimh measúnaithe. Tuigfear gurb ionann neamhspleáchas struchtúrach agus easpa fotha chomhroinnte agus eilimintí struchtúracha ualachiompartha eile.

(9)   

Ní mheasfar gur foirgnimh sheachtracha iad saoráidí páirceála a roinneann eilimintí struchtúracha agus a thagann faoi chlúdach an struchtúir foirgnimh ach ina ionad sin gur cuid den fhoirgneamh iomlán iad, agus ar an gcaoi sin áirítear a limistéir charbóin corpraithe, carbóin oibríochtúla agus urláir ghaolmhara san anailís. Os a choinne sin, i gcás struchtúir pháirceála neamhspleácha a mheastar a bheith ina bhfoirgnimh sheachtracha, féadfar a gcarbón corpraithe agus a gcarbón oibríochtúil gaolmhar a chur san áireamh san anailís, ach ní ina n-achar urláir. I gcásanna ina bhfuil saoráid pháirceála ina cuid de struchtúr comhroinnte idir níos mó ná foirgneamh amháin, is aon mheasúnú amháin a bheidh i gcoimpléasc iomlán na bhfoirgneamh, nó leithdháilfear tionchair charbóin leabaithe agus achar urláir na saoráide páirceála ar bhonn sciartha coibhneasta na spásanna páirceála a ainmnítear ar gach foirgneamh.

(10)   

Aon daingneáin, feistis nó eilimintí eile a bhaineann le tógáil foirgneamh seachtrach nach n-áirítear in aon áit eile.

8.   TORTHAÍ GWP AR FEADH SAOLRÉ

Chun torthaí dheimhniú feidhmíochta fuinnimh an fhoirgnimh a thuairisciú, déanfar GWP ar feadh saolré an fhoirgnimh a thuairisciú i bhformáid thrédhearcach, ina léireofar torthaí do gach céim saolré ar a laghad i gcomhréir le Tábla 5.



Tábla 5

Nochtadh an GWP ar feadh saolré i ndeimhniú feidhmíochta fuinnimh an fhoirgnimh

 

Céim an táirge (A1-A3)

Céim an phróisis tógála (A4-A5)

Úsáid, cothabháil, céim athsholáthair (B1-B4)

Céim na húsáide fuinnimh oibríochtúla (B6)

An chéim deireadh ré (C1-C4)

Acmhainneacht athúsáide, athchúrsála, aisghabhála (D1)

Tairbhí agus ualaí féideartha ó fhóntais onnmhairithe (mar shampla, fuinneamh leictreach, fuinneamh teirmeach, uisce inólta) (D2)

GWP iomlán (1)

 

 

 

 

 

 

 

(1)   

Is éard atá in GWP-iomlán suim GWP iontaise, GWP bithghineach agus GWP maidir le húsáid talún agus an t-athrú ar úsáid talún.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1275
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.