|
+IARSCRÍBHINN VIII Ceanglais maidir le pasanna athchóirithe |
IARSCRÍBHINN VIII Ceanglais maidir le pasanna athchóirithe
IARSCRÍBHINN VIII Ceanglais maidir le pasanna athchóirithe 1. Áireofar an méid seo a leanas ar an bpas athchóirithe:
(a)
faisnéis maidir le feidhmíocht fuinnimh reatha an fhoirgnimh;
(b)
léiriú grafach nó léirithe grafacha ar an treochlár agus na céimeanna atá ann le haghaidh athchóiriú domhain céimneach;
(c)
faisnéis faoi cheanglais náisiúnta ábhartha, mar shampla, íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh le haghaidh foirgneamh, íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh agus rialacha sa Bhallstát maidir le deireadh a chur de réir a chéile le breosla iontaise a úsáidtear le haghaidh téimh agus fuaraithe i bhfoirgnimh, lena n-áirítear dátaí cur i bhfeidhm;
(d)
míniú gonta ar sheicheamhú optamach na gcéimeanna;
(e)
faisnéis faoi gach céim, lena n-áirítear:
(i)
ainm na mbeart athchóirithe, agus tuairisc orthu, le haghaidh na céime, lena n-áirítear roghanna ábhartha le haghaidh na dteicneolaíochtaí, na dteicnící agus na n-ábhar a bheidh le húsáid;
(ii)
an coigilteas fuinnimh measta i dtomhaltas fuinnimh phríomhúil agus deiridh, in kWh agus i bhfeabhsú de réir céatadáin i gcomparáid leis an tomhaltas fuinnimh sula dtabharfar faoin gcéim;
(iii)
an laghdú measta ar astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla;
(iv)
an coigilteas measta ar an mbille fuinnimh, lena léirítear go soiléir na toimhdí maidir leis na costais fuinnimh a úsáidtear chun an ríomh a dhéanamh;
(v)
aicme feidhmíochta fuinnimh mheasta an deimhnithe feidhmíochta fuinnimh atá le baint amach tar éis an chéim a chur i gcrích;
(f)
faisnéis faoin nasc féideartha le córas éifeachtúil téimh agus fuaraithe ceantair;
(g)
sciar na giniúna aonair nó comhchoitinne agus féintomhaltas an fhuinnimh in-athnuaite a mheastar a bhainfear amach tar éis an athchóirithe;
(h)
faisnéis ghinearálta maidir leis na roghanna atá ar fáil chun ciorclaíocht táirgí foirgníochta a fheabhsú agus chun a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa ar feadh na saolré iomláine a laghdú, chomh maith le tairbhí níos leithne a bhaineann le sláinte agus compord, cáilíocht na timpeallachta laistigh agus acmhainneacht oiriúnaitheach fheabhsaithe an fhoirgnimh i leith an athraithe aeráide;
(i)
faisnéis maidir leis an gcistiú atá ar fáil agus naisc chuig na leathanaigh ghréasáin ábhartha ina léirítear foinsí an chistiúcháin sin;
(j)
faisnéis maidir le comhairle theicniúil agus seirbhísí comhairleacha, lena n-áirítear sonraí teagmhála agus naisc chuig leathanaigh ghréasáin ábhartha na n-ionad ilfhreastail. 2. Féadfar an méid seo a leanas a áireamh ar an bpas athchóirithe:
(a)
amlíne tháscach na gcéimeanna;
(b)
i gcás gach céim:
(i)
tuairisc mhionsonraithe ar na teicneolaíochtaí, na teicnící agus na hábhair atá le húsáid agus na buntáistí, na míbhuntáistí agus na costais a bhaineann leo;
(ii)
conas a bheadh feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh i gcomparáid leis na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh i gcás na bhfoirgneamh a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu, foirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de agus ceanglais maidir le foirgnimh astaíochtaí nialasacha tar éis an chéim a thabhairt chun críche agus conas a bheadh feidhmíocht fuinnimh na n-eilimintí foirgnimh a cuireadh ina ionad i gcomparáid le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh le haghaidh eilimintí foirgnimh aonair, i gcás inarb ann dóibh;
(iii)
na costais mheasta maidir leis an gcéim a chur i gcrích;
(iv)
an tréimhse aisíoca mheasta le haghaidh na céime, ina bhfuil tacaíocht airgeadais ar fáil agus nach bhfuil tacaíocht airgeadais ar fáil;
(v)
an t-am a mheastar a bheidh ag teastáil chun an chéim a chur i gcrích;
(vi)
i gcás ina bhfuil siad ar fáil, na luachanna tagartha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar feadh na saolré le haghaidh na n-ábhar agus an trealaimh agus naisc chuig na leathanaigh ghréasáin ábhartha i gcás inar féidir teacht orthu;
(vii)
saolré mheasta na mbeart agus na costais chothabhála mheasta;
(c)
modúil neamhspleácha maidir leo seo:
(i)
na ceirdeanna tipiciúla is gá nó atá molta chun athchóiriú fuinnimh a dhéanamh (ailtirí, comhairleoirí, conraitheoirí, soláthróirí agus suiteálaithe, etc.) nó naisc chuig na leathanaigh ghréasáin ábhartha;
(ii)
liosta de na hailtirí, na comhairleoirí, na conraitheoirí, na soláthróirí nó na suiteálaithe ábhartha sa cheantar, d’fhéadfadh nach bhfuil san áireamh ann ach iad siúd a chomhlíonann coinníollacha áirithe mar shampla, a bhfuil lipéid nó coinníollacha níos airde cáilíochta nó deimhniúcháin acu, nó naisc chuig na leathanaigh ghréasáin ábhartha;
(iii)
na dálaí teicniúla is gá chun téamh ar theocht íseal a leathadh amach ar an mbealach is fearr;
(iv)
conas a d’fhéadfadh na céimeanna athchóirithe agus na bearta breise feabhas a chur ar ullmhacht chliste an fhoirgnimh;
(v)
ceanglais theicniúla agus sábháilteachta le haghaidh ábhar agus oibreacha;
(vi)
na toimhdí bunúsacha atá mar bhonn ag na ríomhanna a cuireadh ar fáil nó naisc chuig an leathanach gréasáin ábhartha ar ar féidir teacht orthu;
(d)
faisnéis maidir le rochtain a fháil ar leagan digiteach den phas athchóirithe;
(e)
aon athchóirithe móra atá déanta ar an bhfoirgneamh nó aonad foirgnimh, dá dtagraítear in Airteagal 8(1), agus aon iarfheistiú nó athsholáthar ar eilimint foirgnimh ar cuid den imchlúdach foirgnimh í agus ag a bhfuil tionchar suntasach ar fheidhmíocht fuinnimh an imchlúdaigh foirgnimh, dá dtagraítear in Airteagal 8(2), i gcás ina gcuirtear an fhaisnéis sin ar fáil don saineolaí a bheidh ag déanamh an phas athchóirithe;
(f)
faisnéis a bhaineann le sábháilteacht sheismeach, i gcás ina gcuirtear an fhaisnéis sin a bhaineann leis an bhfoirgneamh ar fáil don saineolaí;
(g)
arna iarraidh sin agus bunaithe ar an bhfaisnéis a chuireann úinéir reatha an fhoirgnimh ar fáil, ceangaltán ina bhfuil faisnéis bhreise, mar shampla, inoiriúnaitheacht spásanna do riachtanais atá ag athrú agus aon athchóiriú atá beartaithe. 3. Maidir le stádas an fhoirgnimh roimh chéimeanna an athchóirithe, measfar sa phas athchóirithe, a mhéid is féidir, an fhaisnéis atá sa deimhniú feidhmíochta fuinnimh. 4. Beidh gach méadrach a úsáidfear chun tionchar na gcéimeanna a mheas bunaithe ar thacar gnáthdhálaí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|