+Airteagal 5 2

Airteagal 5 2

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí a bhfuil struchtúir MVS acu a bhfuil a scaireanna le trádáil nó á dtrádáil ar MTF nach bhfuil cláraithe mar mhargadh fáis FBM, tar éis dóibh a gceart faoi Airteagal 3 a fheidhmiú, an fhaisnéis a liostaítear i mír 3 den Airteagal seo a áireamh sna doiciméid seo a leanas:

(a)

an réamheolaire dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2017/1129, an réamheolaire eisiúna Fáis de chuid an Aontais dá dtagraítear i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1129, (AE) Uimh. 596/2014 agus (AE) Uimh. 600/2014 chun margaí caipitil san Aontas a dhéanamh níos tarraingtí do chuideachtaí agus chun rochtain ar chaipiteal a éascú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, nó aon doiciméad um ligean isteach a cheanglaítear leis an dlí náisiúnta nó le rialacha MTF ábhartha, i gcásanna ina bhfoilsíonn an chuideachta réamheolaire nó doiciméad den sórt sin; agus

(b)

aon tuarascáil airgeadais bhliantúil a cheanglaítear leis an dlí náisiúnta, i gcásanna nár foilsíodh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 cheana, nó inar tháinig athrú uirthi ó foilsíodh an fhaisnéis sin go deireanach, sa réamheolaire, réamheolaire eisiúna Fáis de chuid an Aontais nó sa doiciméad um ligean isteach dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo nó sa tuarascáil airgeadais bhliantúil roimhe sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 14.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L2810
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.