+Airteagal 5 Trédhearcacht
---+Airteagal 5 1
---+Airteagal 5 2
---+Airteagal 5 3
---+Airteagal 5 4
---+Airteagal 5 5
|
Airteagal 5 Trédhearcacht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí a bhfuil struchtúr MVS acu a bhfuil a scaireanna le trádáil nó á dtrádáil ar mhargadh fáis FBM, tar éis dóibh a gceart faoi Airteagal 3 a fheidhmiú, an fhaisnéis a liostaítear i mír 3 den Airteagal seo a áireamh sna doiciméid seo a leanas:
|
(a)
|
an réamheolaire dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), an réamheolaire eisiúna Fáis de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 15a den Rialachán sin nó an doiciméad iontrála dá dtagraítear in Airteagal 33(3), pointe (c), de Threoir 2014/65/AE, cibé acu a fhoilsíonn an chuideachta; agus
|
|
(b)
|
an tuarascáil airgeadais bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 78(2), pointe (g), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 (11) ón gCoimisiún, i gcásanna inar tháinig athrú ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ó foilsíodh an fhaisnéis sin go deireanach sa réamheolaire, sa réamheolaire eisiúna Fáis de chuid an Aontais nó sa doiciméad um ligean isteach dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo nó sa tuarascáil airgeadais bhliantúil roimhe sin.
|
|
|
Airteagal 5 2
|
2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí a bhfuil struchtúir MVS acu a bhfuil a scaireanna le trádáil nó á dtrádáil ar MTF nach bhfuil cláraithe mar mhargadh fáis FBM, tar éis dóibh a gceart faoi Airteagal 3 a fheidhmiú, an fhaisnéis a liostaítear i mír 3 den Airteagal seo a áireamh sna doiciméid seo a leanas:
|
(a)
|
an réamheolaire dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2017/1129, an réamheolaire eisiúna Fáis de chuid an Aontais dá dtagraítear i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1129, (AE) Uimh. 596/2014 agus (AE) Uimh. 600/2014 chun margaí caipitil san Aontas a dhéanamh níos tarraingtí do chuideachtaí agus chun rochtain ar chaipiteal a éascú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, nó aon doiciméad um ligean isteach a cheanglaítear leis an dlí náisiúnta nó le rialacha MTF ábhartha, i gcásanna ina bhfoilsíonn an chuideachta réamheolaire nó doiciméad den sórt sin; agus
|
|
(b)
|
aon tuarascáil airgeadais bhliantúil a cheanglaítear leis an dlí náisiúnta, i gcásanna nár foilsíodh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 cheana, nó inar tháinig athrú uirthi ó foilsíodh an fhaisnéis sin go deireanach, sa réamheolaire, réamheolaire eisiúna Fáis de chuid an Aontais nó sa doiciméad um ligean isteach dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo nó sa tuarascáil airgeadais bhliantúil roimhe sin.
|
|
|
Airteagal 5 3
|
3. Is éard atá san fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 faisnéis mhionsonraithe maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a)
|
struchtúr scaireanna na cuideachta, le léiriú ar na haicmí éagsúla scaireanna, lena n-áirítear scaireanna nach ligtear isteach chun a dtrádála, agus, i gcás gach aicme scaireanna:
|
(i)
|
na cearta agus na hoibleagáidí a ghabhann leis na scaireanna san aicme sin,
|
|
(ii)
|
an céatadán den scairchaipiteal iomlán nó den líon iomlán scaireanna a dhéanann na scaireanna san aicme sin ionadaíocht orthu, agus
|
|
(iii)
|
agus líon iomlán na vótaí a dhéanann na scaireanna san aicme sin ionadaíocht orthu;
|
|
|
(b)
|
aon srianta ar aistriú scaireanna, lena n-áirítear comhaontuithe idir scairshealbhóirí arb eol don chuideachta iad agus a d’fhéadfadh srianta den sórt sin a bheith mar thoradh orthu;
|
|
(c)
|
aon srianta ar chearta vótála scaireanna, lena n-áirítear comhaontuithe idir scairshealbhóirí arb eol don chuideachta iad agus a d’fhéadfadh srianta den sórt sin a bheith mar thoradh orthu;
|
|
(d)
|
céannacht, más eol don chuideachta í, na scairshealbhóirí a shealbhaíonn MVS arb ionann iad agus níos mó ná 5 % de chearta vótála na scaireanna uile sa chuideachta, agus céannacht na ndaoine nádúrtha nó na n-eintiteas dlítheanach atá i dteideal cearta vótála a fheidhmiú thar ceann na scairshealbhóirí sin, i gcás inarb infheidhme.
|
Chun críocha phointe (d), i gcás inar daoine nádúrtha iad na scairshealbhóirí nó na daoine atá i dteideal cearta vótála a fheidhmiú thar a gceann, ní cheanglófar chun a gcéannacht a nochtadh ach a n-ainmneacha a sholáthar.
|
|
Airteagal 5 4
|
4. Ceanglóidh na Ballstáit ar ghnólachtaí infheistíochta agus ar oibreoirí margaidh a bhfuil MTF á oibriú acu a áirithiú, trí na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh i gcomhréir le mír 5 a chomhlíonadh, go ndéanfaidh na gnólachtaí infheistíochta agus na hoibreoirí margaidh sin scaireanna cuideachtaí a bhfuil struchtúir MVS acu a ligtear isteach chun a dtrádála ar an MTF sin a shainaithint amhlaidh go soiléir. Ceanglóidh na Ballstáit ar na cuideachtaí sin freisin, i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla rialála sin, na gnólachtaí infheistíochta ábhartha agus na hoibreoirí margaidh ábhartha a chur ar an eolas gur ann do struchtúir MVS.
|
|
Airteagal 5 5
|
5. Forbróidh an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun a shonrú conas a dhéanfaidh na gnólachtaí infheistíochta agus na hoibreoirí margaidh dá dtagraítear i mír 4 scaireanna cuideachtaí a bhfuil struchtúir MVS acu a shainaithint. Sonrófar sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin freisin conas a chuirfidh na cuideachtaí sin na gnólachtaí infheistíochta ábhartha agus na hoibreoirí margaidh ábhartha ar an eolas gur ann do na struchtúir MVS sin. Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt aige, a mbeidh sé mar chuspóir acu sainaithint shoiléir dá dtagraítear i mír 4 a áirithiú, cuirfidh ESMA san áireamh caighdeáin mhargaidh sheanbhunaithe agus cleachtais dhea-fheidhmiúla chun cuideachtaí a bhfuil struchtúir MVS acu a shainaithint.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 5 Nollaig 2025.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 14.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L2810
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|