1. Faoin 31 Nollaig 2030 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, agus níos minice má léiríonn torthaí eolaíocha nua substaintiúla, amhail Treoirlínte Aercháilíochta athbhreithnithe EDS, go bhfuil gá leis, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an bhfianaise eolaíoch a bhaineann le truailleáin aeir agus a n-éifeachtaí ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol atá ábhartha chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach agus cuirfidh sé tuarascáil ina mbeidh na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.