3. Ó 2 bhliain tar éis ghlacadh na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo, úsáidfear feidhmchláir samhaltaithe nó tomhais tháscacha de bhreis ar thomhais sheasta chun aercháilíocht chomhthimpeallach a mheasúnú i ngach limistéar ina sáraíonn leibhéal na dtruailleán teorainnluach nó spriocluach ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
Cuirfidh na feidhmchláir samhaltaithe nó na tomhais tháscacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír faisnéis ar fáil maidir le dáileadh spásúil truailleán. I gcás ina n-úsáidfear feidhmchláir samhaltaithe, cuirfidh siad faisnéis ar fáil freisin maidir le hionadaíochas spásúil na dtomhas seasta agus déanfar iad a mhinice is iomchuí ach gach 5 bliana ar a laghad.