7. Pointí samplála ar taifeadadh sáruithe ar theorainnluach nó spriocluach ábhartha a shonraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I le 3 bliana roimhe sin acu, ní dhéanfar iad a athlonnú ach amháin má tá gá le hathlonnú de bharr imthosca speisialta, lena n-áirítear forbairt spásúil. Tacófar le hathlonnú na bpointí samplála sin trí fheidhmchláir shamhaltaithe nó tomhais tháscacha agus, i gcás inar féidir, áiritheoidh siad leanúnachas na dtomhas agus déanfar é laistigh dá limistéar ionadaíochais spásúla. Déanfar réasúnú mionsonraithe le haon athlonnú pointí samplála den sórt sin a dhoiciméadú go hiomlán i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i bPointe D d’Iarscríbhinn IV.