+Airteagal 9 Pointí samplála
---+Airteagal 9 1
---+Airteagal 9 2
---+Airteagal 9 3
---+Airteagal 9 4
---+Airteagal 9 5
---+Airteagal 9 6
---+Airteagal 9 7
---+Airteagal 9 8
---+Airteagal 9 9
|
Airteagal 9 Pointí samplála
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1
|
1. Cinnfear lonnú na bpointí samplála chun tomhas a dhéanamh ar dhé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine agus ocsaídí nítrigine, ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2,5), beinséin, aonocsaíd charbóin, arsanaic, caidmiam, luaidhe, nicil, beinsi[a]piréin agus ózón san aer comhthimpeallach i gcomhréir le hIarscríbhinn IV.
|
|
Airteagal 9 2
|
2. I ngach limistéar ina sáraíonn leibhéal na dtruailleán an tairseach measúnaithe a shonraítear in Iarscríbhinn II, ní bheidh líon na bpointí samplála le haghaidh gach truailleáin níos lú ná líon íosta na bpointí samplála a shonraítear i bPointí A agus C d’Iarscríbhinn III.
|
|
Airteagal 9 3
|
3. Maidir le limistéir ina sáraíonn an leibhéal truailleán an tairseach measúnaithe ábhartha a shonraítear in Iarscríbhinn II, ach ní na teorainnluachanna, na spriocluachanna agus na leibhéil chriticiúla a shonraítear in Iarscríbhinn I, is féidir líon íosta na bpointí samplála le haghaidh tomhais sheasta a laghdú suas le 50 %, i gcomhréir le Pointí A agus C d’Iarscríbhinn III ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
le tomhais tháscacha nó feidhmchláir samhaltaithe soláthraítear faisnéis leordhóthanach chun aercháilíocht a mheasúnú i ndáil le teorainnluachanna, spriocluachanna, leibhéil chriticiúla, tairseacha foláirimh agus tairseacha faisnéise, mar aon le faisnéis leormhaith don phobal, anuas ar an bhfaisnéis a sholáthraítear leis na pointí samplála le haghaidh tomhais sheasta;
|
|
(b)
|
tá líon na bpointí samplála atá le suiteáil agus díscaoileadh spásúil teicnící tomhais tháscaigh agus feidhmchlár samhaltaithe leordhóthanach chun tiúchan an truailleáin ábhartha a shuíomh i gcomhréir leis na cuspóirí cáilíochta sonraí a shonraítear i bPointí A agus B d’Iarscríbhinn V agus cuireann siad ar chumas na dtorthaí measúnaithe na ceanglais a leagtar amach i bPointe E d’Iarscríbhinn V a chomhlíonadh;
|
|
(c)
|
is ionann, ar a laghad, líon na dtomhas táscach, má úsáidtear é chun ceanglais na míre seo a chomhlíonadh, agus líon na dtomhas seasta atá á n-ionadú agus tá na tomhais tháscacha dáilte go cothrom thar an mbliain féilire;
|
|
(d)
|
i gcás ózóin, tomhaistear dé-ocsaíd nítrigine ag gach pointe samplála atá fágtha ach amháin ag cúlsuíomhanna tuaithe maidir le measúnú ózóin dá dtagraítear i bPointe B d’Iarscríbhinn IV.
|
|
|
Airteagal 9 4
|
4. Déanfar ceann amháin nó níos mó de na pointí samplála arna gcur in oiriúint don chuspóir faireacháin a leagtar amach i Roinn 3, Pointe A, d’Iarscríbhinn VII, a shuiteáil i gcríoch Ballstáit chun sonraí a sholáthar maidir le tiúchaintí na substaintí réamhtheachtaithe ózóin atá liostaithe i bPointe B den Roinn sin ag suíomhanna arna gcinneadh i gcomhréir le Pointe C den Roinn sin.
|
|
Airteagal 9 5
|
5. Déanfar dé-ocsaíd nítrigine a thomhas ag 50 % ar a laghad de na pointí samplála ózóin a cheanglaítear faoi Phointe A, Tábla 2, d’Iarscríbhinn III. Beidh an tomhas sin leanúnach, ach amháin i gcúlsuíomhanna tuaithe, dá dtagraítear i bPointe B d’Iarscríbhinn IV, áit a bhféadfar modhanna eile tomhais a úsáid.
|
|
Airteagal 9 6
|
6. Áiritheoidh gach Ballstát, i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, go léiríonn dáileadh na bpointí samplála arna úsáid chun ríomh a dhéanamh ar na táscairí meánteagmhála le haghaidh PM2,5 agus dé-ocsaíd nítrigine, teagmháil an daonra ghinearálta go leordhóthanach. Ní bheidh líon na bpointí samplála níos lú ná an líon arna chinneadh le cur i bhfeidhm Phointe B d’Iarscríbhinn III.
|
|
Airteagal 9 7
|
7. Pointí samplála ar taifeadadh sáruithe ar theorainnluach nó spriocluach ábhartha a shonraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I le 3 bliana roimhe sin acu, ní dhéanfar iad a athlonnú ach amháin má tá gá le hathlonnú de bharr imthosca speisialta, lena n-áirítear forbairt spásúil. Tacófar le hathlonnú na bpointí samplála sin trí fheidhmchláir shamhaltaithe nó tomhais tháscacha agus, i gcás inar féidir, áiritheoidh siad leanúnachas na dtomhas agus déanfar é laistigh dá limistéar ionadaíochais spásúla. Déanfar réasúnú mionsonraithe le haon athlonnú pointí samplála den sórt sin a dhoiciméadú go hiomlán i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i bPointe D d’Iarscríbhinn IV.
|
|
Airteagal 9 8
|
8. Chun measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú beinsi[a]piréine san aer comhthimpeallach, déanfaidh gach Ballstát faireachán ar hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha eile ag líon teoranta pointí samplála. Áireofar na nithe seo a leanas ar a laghad sna hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha sin: beans[a]antraicéin, beinsea[b]fluaraintéin, beinsea(j)fluaraintéin, beinsea(k)fluaraintéin, indéini(1,2,3-cd)piréin, agus débheans[a,h]antraicín. Beidh pointí samplála do na hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha comhshuite le pointí samplála i gcás beinsi[a]piréine agus roghnófar iad ar bhealach inar féidir luainíocht gheografach agus treochtaí fadtéarmacha a shainaithint.
|
|
Airteagal 9 9
|
9. De bhreis ar an bhfaireachán a cheanglaítear faoi Airteagal 10, déanfaidh na Ballstáit faireachán ar leibhéil na gcáithníní sármhíne i gcomhréir le Pointe D d’Iarscríbhinn III agus le Roinn 4 d’Iarscríbhinn VII. Féadfar faireachán a dhéanamh ar thiúchan carbóin dhuibh ag na suíomhanna céanna.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L2881
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|