+Airteagal 18 2
|
Airteagal 18 2
2. Féadfaidh na Ballstáit spriocdháta gnóthachtála a chur siar i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
bunaítear treochlár aercháilíochta faoin 31 Nollaig 2028 lena gcomhlíontar na ceanglais a liostaítear in Airteagal 19(6), (7) agus (8) don limistéar sin lena mbainfeadh an cur siar;
|
|
(b)
|
an treochlár aercháilíochta dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, déantar é a fhorlíonadh le faisnéis maidir le bearta laghdaithe truaillithe aeir a liostaítear i bPointe B d’Iarscríbhinn VIII agus léirítear an dóigh a gcoimeádfar tréimhsí sáraithe os cionn na dteorainnluachanna chomh gearr agus is féidir;
|
|
(c)
|
tá réamh-mheastacháin aercháilíochta mar bhonn taca leis an treochlár aercháilíochta dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, lena n-áirítear na réamh-mheastacháin sin a dhéantar chun críocha Pointe A, pointe 5 agus pointe 7(e), d’Iarscríbhinn VIII, lena léirítear conas a bhainfear amach na teorainnluachanna a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná deireadh an spriocdháta gnóthachtála a cuireadh siar, agus bearta réasúnta agus comhréireacha á gcur san áireamh;
|
|
(d)
|
leagtar amach sa treochlár aercháilíochta dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo conas a chuirfear an pobal agus, go háirithe, ghrúpaí íogaire agus leochaileacha den daonra ar an eolas ar bhealach comhleanúnach agus sothuigthe faoi iarmhairtí an chur siar ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol;
|
|
(e)
|
leagtar amach sa treochlár aercháilíochta dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo conas a shlógfar cistiú breise, lena n-áirítear trí chláir chistiúcháin ábhartha náisiúnta, agus trí chláir chistiúcháin ábhartha de chuid an Aontais i gcás inarb infheidhme, chun dlús a chur le feabhas a chur ar aercháilíocht sa limistéar a mbeadh feidhm ag an gcur siar maidir leis;
|
|
(f)
|
go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i mír 3 i rith na tréimhse ina gcuirtear an spriocdháta gnóthachtála siar;
|
|
(g)
|
i gcás ina gcuirtear sprioc-am gnóthachtála siar i gcomhréir le mír 1, an dara fomhír, léiríonn an treochlár aercháilíochta nuashonraithe dá dtagraítear san fhomhír sin gur cuireadh an chéad treochlár aercháilíochta chun feidhme nó gur glacadh céimeanna i bhfianaise a chur chun feidhme agus go ndéantar é a fhorlíonadh le hanailís lena léirítear nár tháinig na réamh-mheastacháin bhunaidh ar chomhlíonadh a rinneadh i gcomhréir le pointe (c) den mhír seo chun cinn.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L2881
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|