1. Más rud é, i limistéir ar leith, go sáraíonn leibhéil na dtruailleán san aer comhthimpeallach aon teorainnluach nó spriocluach a leagtar síos i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, bunóidh na Ballstáit pleananna aercháilíochta do na limistéir sin ina leagtar amach bearta iomchuí chun an teorainnluach nó an spriocluach lena mbaineann a bhaint amach agus chun an tréimhse sáraithe a choinneáil chomh gearr agus is féidir, agus in aon chás tráth nach faide ná 4 bliana ó dheireadh na bliana féilire inar taifeadadh an chéad sárú. Bunófar na pleananna aercháilíochta sin a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis na bliana féilire inar taifeadadh an sárú sin ar aon teorainnluach nó spriocluach.
I gcás ina gcumhdaítear sárú ar theorainnluach i limistéar áirithe cheana féin le treochlár aercháilíochta, áiritheoidh na Ballstáit gurb iomchuí na bearta a leagtar amach sa treochlár sin chun an tréimhse sáraithe a choinneáil chomh gearr agus is féidir agus, i gcás inarb ábhartha, déanfaidh siad bearta breise agus níos éifeachtaí agus leanfaidh siad an nós imeachta chun an treochlár aercháilíochta a thabhairt cothrom le dáta mar a leagtar amach i mír 5.