+Airteagal 19 Pleananna aercháilíochta agus treochláir aercháilíochta
---+Airteagal 19 1
---+Airteagal 19 2
---+Airteagal 19 3
---+Airteagal 19 4
---+Airteagal 19 5
---+Airteagal 19 6
---+Airteagal 19 7
---+Airteagal 19 8
|
Airteagal 19 Pleananna aercháilíochta agus treochláir aercháilíochta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1
|
1. Más rud é, i limistéir ar leith, go sáraíonn leibhéil na dtruailleán san aer comhthimpeallach aon teorainnluach nó spriocluach a leagtar síos i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, bunóidh na Ballstáit pleananna aercháilíochta do na limistéir sin ina leagtar amach bearta iomchuí chun an teorainnluach nó an spriocluach lena mbaineann a bhaint amach agus chun an tréimhse sáraithe a choinneáil chomh gearr agus is féidir, agus in aon chás tráth nach faide ná 4 bliana ó dheireadh na bliana féilire inar taifeadadh an chéad sárú. Bunófar na pleananna aercháilíochta sin a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis na bliana féilire inar taifeadadh an sárú sin ar aon teorainnluach nó spriocluach.
I gcás ina gcumhdaítear sárú ar theorainnluach i limistéar áirithe cheana féin le treochlár aercháilíochta, áiritheoidh na Ballstáit gurb iomchuí na bearta a leagtar amach sa treochlár sin chun an tréimhse sáraithe a choinneáil chomh gearr agus is féidir agus, i gcás inarb ábhartha, déanfaidh siad bearta breise agus níos éifeachtaí agus leanfaidh siad an nós imeachta chun an treochlár aercháilíochta a thabhairt cothrom le dáta mar a leagtar amach i mír 5.
|
|
Airteagal 19 2
|
2. Más rud é, in aonaid chríochacha lena gcumhdaítear limistéar amháin ar a laghad, go sáraíonn leibhéil na dtruailleán in aer comhthimpeallach aon spriocluach ózóin, a leagtar síos i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I, bunóidh na Ballstáit pleananna aercháilíochta do na haonaid chríochacha sin lena leagfar amach bearta iomchuí chun an spriocluach ózóin a bhaint amach agus an tréimhse sáraithe a choimeád chomh gearr agus is féidir. Bunófar na pleananna aercháilíochta sin a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis na bliana féilire inar taifeadadh sárú an spriocluach ózóin.
I gcás ina gcumhdaítear sárú ar spriocluach ózóin i limistéar áirithe cheana féin le treochlár aercháilíochta, áiritheoidh na Ballstáit gurb iomchuí na bearta a leagtar amach sa treochlár sin chun an tréimhse sáraithe a choinneáil chomh gearr agus is féidir agus, i gcás inarb ábhartha, leanfaidh siad an nós imeachta chun an treochlár aercháilíochta a thabhairt cothrom le dáta mar a leagtar amach i mír 5.
Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit staonadh ó na pleananna aercháilíochta nó treochláir aercháilíochta sin a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar shárú ózóin i gcás nach bhfuil aon acmhainneacht shuntasach ann tiúchaintí ózóin a laghdú, agus dálaí geografacha agus meitéareolaíochta á gcur san áireamh, agus i gcás ina mbeadh costais dhíréireacha i gceist leis na bearta.
I gcás nach mbunófar plean aercháilíochta nó treochlár aercháilíochta, soláthróidh na Ballstáit údar mionsonraithe don phobal agus don Choimisiún maidir leis an bhfáth nach bhfuil aon fhéidearthacht shuntasach ann an sárú a laghdú, rud a d’fhágfadh cinneadh gan plean aercháilíochta nó treochlár aercháilíochta a bhunú.
Gach 5 bliana ar a laghad, déanfaidh na Ballstáit athmheasúnú ar an bhféidearthacht atá ann tiúchaintí ózóin a laghdú.
Maidir le haonaid chríochacha ina sáraítear an spriocluach ózóin, áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar sa chlár ábhartha náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir a ullmhaítear de bhun Airteagal 6 de Threoir (AE) 2016/2284 bearta lena dtugtar aghaidh ar réamhtheachtaithe ózóin a chumhdaítear leis an Treoir sin.
|
|
Airteagal 19 3
|
3. I gcás nach mbainfear amach an oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála a leagtar síos i Roinn 5 d’Iarscríbhinn I in aonad críochach meánteagmhála ar leith, bunóidh na Ballstáit pleananna aercháilíochta do na haonaid chríochacha mheánteagmhála sin lena leagfar amach bearta iomchuí chun an oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála a bhaint amach agus an tréimhse sáraithe a choimeád chomh gearr agus is féidir. Bunófar na pleananna aercháilíochta sin a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis na bliana féilire inar taifeadadh sárú na hoibleagáide maidir le meánteagmhála.
|
|
Airteagal 19 4
|
4. Más rud é, ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2029 i limistéar nó in aonad críochach, go bhfuil leibhéil na dtruailleán os cionn aon teorainnluach nó spriocluach atá le baint amach faoin 1 Eanáir 2030 mar a leagtar síos i Roinn 1, Tábla 1, d’Iarscríbhinn I agus i Roinn 2, Pointe B, d’Iarscríbhinn I, agus gan dochar do mhír 2, an tríú fomhír, den Airteagal seo, bunóidh na Ballstáit treochlár aercháilíochta don truailleán lena mbaineann chun na teorainnluachanna nó na spriocluachanna faoi seach a bhaint amach faoi dhul in éag an spriocdháta gnóthachtála. Bunófar na treochláir aercháilíochta sin a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis na bliana féilire inar taifeadadh an sárú.
Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit staonadh ó na treochláir aercháilíochta sin a bhunú nuair a léiríonn an cás bunlíne, de réir na faisnéise a cheanglaítear le Pointe A, pointe 5, d’Iarscríbhinn VIII, go mbainfear amach an teorainnluach nó an spriocluach leis na bearta atá i bhfeidhm cheana, lena n-áirítear nuair is gníomhaíochtaí sealadacha a bhfuil tionchar acu ar leibhéil na dtruailleán in aon bhliain amháin is cúis leis an sárú. I gcás nach mbunaítear treochlár aercháilíochta de bhun na fomhíre seo, cuirfidh na Ballstáit réasúnú mionsonraithe ar fáil don phobal agus don Choimisiún.
|
|
Airteagal 19 5
|
5. I gcás ina sáraítear aon teorainnluach, aon oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála nó aon spriocluach le linn an tríú bliain féilire tar éis an spriocdháta chun plean aercháilíochta nó treochlár aercháilíochta a bhunú, agus gan dochar do mhír 2, an tríú fomhír, déanfaidh na Ballstáit an plean aercháilíochta nó an treochlár aercháilíochta agus na bearta ann a thabhairt cothrom le dáta, lena n-áirítear a dtionchar ar astaíochtaí agus ar tiúchaintí réamh-mheasta, tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis an spriocdháta chun an plean aercháilíochta nó an treochlár aercháilíochta a bhí ann roimhe sin a bhunú agus déanfaidh siad bearta breise agus níos éifeachtaí chun an tréimhse sáraithe a choinneáil chomh gearr agus is féidir.
|
|
Airteagal 19 6
|
6. Beidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, i bpleananna aercháilíochta agus treochláir aercháilíochta:
|
(a)
|
an fhaisnéis atá liostaithe i bPointe A, pointí 1 go 7, d’Iarscríbhinn VIII;
|
|
(b)
|
i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis atá liostaithe i bPointe A, pointe 8, pointe 9 agus pointe 10, d’Iarscríbhinn VIII;
|
|
(c)
|
faisnéis maidir le bearta laghdaithe ábhartha a liostaítear i bPointe B, pointe 2, d’Iarscríbhinn VIII.
|
Déanfaidh na Ballstáit na bearta a chur san áireamh, i gcás inarb iomchuí, na bearta dá dtagraítear in Airteagal 20(2) agus bearta sonracha arb é is aidhm leo daonra íogair agus grúpaí leochaileacha a chosaint, lena n-áirítear leanaí, ina gcuid pleananna aercháilíochta agus treochlár aercháilíochta.
Agus pleananna aercháilíochta nó treochláir aercháilíochta á n-ullmhú acu, déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an riosca go sárófaí na tairseacha foláirimh faoi seach maidir leis na truailleáin lena mbaineann. Úsáidfear an anailís sin chun pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha a bhunú i gcás inarb infheidhme.
I gcás ina bhfuil pleananna aercháilíochta nó treochláir aercháilíochta le bunú i leith roinnt truailleán nó caighdeáin aercháilíochta déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, pleananna aercháilíochta comhtháite nó treochláir aercháilíochta, lena gcumhdaítear gach truailleán agus caighdeán aercháilíochta lena mbaineann.
Áiritheoidh na Ballstáit, a mhéid is féidir, comhsheasmhacht a bpleananna aercháilíochta agus a dtreochlár aercháilíochta le pleananna eile a mbíonn tionchar suntasach acu ar cháilíocht an aeir, lena n-áirítear na cinn is gá faoi Threoracha 2002/49/CE, 2010/75/AE agus (AE) 2016/2284 agus faoi reachtaíocht aeráide, bithéagsúlachta, fuinnimh, iompair agus talmhaíochta.
|
|
Airteagal 19 7
|
7. Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle leis an bpobal, i gcomhréir le Treoir 2003/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), agus leis na húdaráis inniúla ar dócha go mbeidh baint acu, mar gheall ar a bhfreagrachtaí i réimse an truaillithe aeir agus na haercháilíochta, le cur chun feidhme na bpleananna aercháilíochta agus na dtreochlár aercháilíochta, maidir le dréachtphleananna aercháilíochta agus dréacht-treochláir aercháilíochta agus le haon nuashonrú suntasach ar phleananna aercháilíochta agus ar threochláir aercháilíochta sula dtabharfar chun críche iad. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag an bpobal, nuair a rachfar i gcomhairle leis, ar an dréachtphlean aercháilíochta nó ar an dréacht-treochlár aercháilíochta ina bhfuil an fhaisnéis íosta a cheanglaítear faoi Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Treoir seo agus, i gcás inar féidir, ar achoimre neamhtheicniúil ar an bhfaisnéis dá dtagraítear san fhomhír seo.
Spreagfaidh na Ballstáit rannpháirtíocht ghníomhach na bpáirtithe leasmhara uile maidir le pleananna aercháilíochta agus treochláir aercháilíochta a ullmhú, a chur chun feidhme agus a thabhairt cothrom le dáta. I gcás ina bhfuil pleananna aercháilíochta agus treochláir aercháilíochta á n-ullmhú, áiritheoidh na Ballstáit go spreagfar geallsealbhóirí a gcuireann a ngníomhaíochtaí leis an staid sáraithe, bearta a mholadh a bheidh siad in ann a dhéanamh chun cuidiú le deireadh a chur leis na sáruithe agus go gceadófar d’eagraíochtaí neamhrialtasacha, amhail eagraíochtaí comhshaoil agus sláinte, eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna daonra íogair agus grúpaí leochaileacha, comhlachtaí ábhartha eile cúraim sláinte, lena n-áirítear eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar ghairmithe cúraim sláinte, agus spreagfar na cónaidhmeanna tionsclaíocha ábhartha páirt a ghlacadh sna comhairliúcháin sin.
|
|
Airteagal 19 8
|
8. Cuirfear na pleananna aercháilíochta agus treochláir aercháilíochta in iúl don Choimisiún laistigh de 2 mhí ó dháta a nglactha.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L2881
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|