+Airteagal 27 Rochtain ar an gceartas
---+Airteagal 27 1
---+Airteagal 27 2
---+Airteagal 27 3
---+Airteagal 27 4
---+Airteagal 27 5
|
Airteagal 27 Rochtain ar an gceartas
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 27 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir lena gcóras dlí náisiúnta, go mbeidh rochtain ag daoine den phobal lena mbaineann ar nós imeachta um athbhreithniú os comhair cúirt dlí, nó comhlacht neamhspleách neamhchlaonta eile arna bhunú le dlí, chun agóid a dhéanamh i gcoinne dlíthiúlacht shubstainteach nó dlíthiúlacht nós imeachta na gcinntí, na ngníomhartha nó neamhghníomhartha uile a rinne na Ballstáit maidir le suíomh agus líon na bpointí samplála faoi Airteagal 9 i gcomhréir leis na critéir ábhartha a leagtar síos in Iarscríbhinn III agus IV, pleananna aercháilíochta agus treochláir aercháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 19 agus pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha dá dtagraítear in Airteagal 20, den Bhallstát, ar choinníoll go gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
tá leas leordhóthanach acu ann;
|
|
(b)
|
áitíonn siad gur sáraíodh ceart, i gcás ina gceanglaítear é sin mar réamhchoinníoll le dlí nós imeachta riaracháin Ballstáit.
|
Cinnfidh na Ballstáit cad is leas leordhóthanach ann agus cad is sárú leordhóthanach ann ar cheart, i gcomhréir leis an gcuspóir rochtain leathan ar cheartas a thabhairt don phobal lena mbaineann.
Chuige sin, measfar gur leordhóthanach an leas atá ag aon eagraíocht neamhrialtasach a chuireann cosaint shláinte an duine nó cosaint an chomhshaoil chun cinn agus a chomhlíonann aon cheanglais faoin dlí náisiúnta chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a). Measfar freisin go bhfuil cearta ar féidir iad a shárú chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b) ag na heagraíochtaí sin.
|
|
Airteagal 27 2
|
2. Beidh an nós imeachta um athbhreithniú cóir, cothrom, tráthúil agus ní bheidh sé róchostasach, agus déanfar foráil ann maidir le sásraí leormhaithe éifeachtacha sásaimh, lena n-áirítear faoiseamh urghaire de réir mar is iomchuí.
|
|
Airteagal 27 3
|
3. Cinnfidh na Ballstáit an chéim ag a bhféadfar agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí, gníomhartha nó neamhghníomhartha, sa chaoi nach mbeidh sé dodhéanta nó ródheacair rochtain a fháil ar nós imeachta um athbhreithniú os comhair cúirt dlí nó comhlacht neamhspleách neamhchlaonta eile arna bhunú le dlí.
|
|
Airteagal 27 4
|
4. Ní chuirtear cosc ar na Ballstáit leis an Airteagal seo nós imeachta um réamh-athbhreithniú a thabhairt os comhair údarás riaracháin agus ní dhéanfaidh na míreanna sin difear don cheanglas go n-ídeofar na nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin sula rachfar ar iontaoibh nósanna imeachta um athbhreithniú breithiúnach, i gcás ina mbeidh ceanglas den sórt sin ann faoin dlí náisiúnta.
|
|
Airteagal 27 5
|
5. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis phraiticiúil ar fáil don phobal maidir le rochtain ar na nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin agus athbhreithniú breithiúnach dá dtagraítear san Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L2881
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|