1. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir lena gcóras dlí náisiúnta, go mbeidh rochtain ag daoine den phobal lena mbaineann ar nós imeachta um athbhreithniú os comhair cúirt dlí, nó comhlacht neamhspleách neamhchlaonta eile arna bhunú le dlí, chun agóid a dhéanamh i gcoinne dlíthiúlacht shubstainteach nó dlíthiúlacht nós imeachta na gcinntí, na ngníomhartha nó neamhghníomhartha uile a rinne na Ballstáit maidir le suíomh agus líon na bpointí samplála faoi Airteagal 9 i gcomhréir leis na critéir ábhartha a leagtar síos in Iarscríbhinn III agus IV, pleananna aercháilíochta agus treochláir aercháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 19 agus pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha dá dtagraítear in Airteagal 20, den Bhallstát, ar choinníoll go gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
tá leas leordhóthanach acu ann;
|
|
(b)
|
áitíonn siad gur sáraíodh ceart, i gcás ina gceanglaítear é sin mar réamhchoinníoll le dlí nós imeachta riaracháin Ballstáit.
|
Cinnfidh na Ballstáit cad is leas leordhóthanach ann agus cad is sárú leordhóthanach ann ar cheart, i gcomhréir leis an gcuspóir rochtain leathan ar cheartas a thabhairt don phobal lena mbaineann.
Chuige sin, measfar gur leordhóthanach an leas atá ag aon eagraíocht neamhrialtasach a chuireann cosaint shláinte an duine nó cosaint an chomhshaoil chun cinn agus a chomhlíonann aon cheanglais faoin dlí náisiúnta chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a). Measfar freisin go bhfuil cearta ar féidir iad a shárú chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b) ag na heagraíochtaí sin.