|
+Airteagal 8 1. |
Airteagal 8 1.Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear fuíolluisce uirbeach le hualach 150 000 p.e. agus níos mó, sula sceitear isteach in uiscí glactha iad, na ceanglais ábhartha maidir le cóireáil cheathartha fuíolluisce uirbigh a leagtar amach i gCuid B agus Tábla 3 d’Iarscríbhinn I i gcomhréir leis na modhanna faireacháin agus meastóireachta ar thorthaí a leagtar síos i gCuid C d’Iarscríbhinn I faoin:
(a)
31 Nollaig 2033 le haghaidh sceitheadh ó 20 % de na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh sin;
(b)
31 Nollaig 2039 le haghaidh sceitheadh ó 60 % de na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh sin;
(c)
31 Nollaig 2045 maidir le gach sceitheadh ó na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh sin. Leagtar amach i gCuid C agus Tábla 4 d’Iarscríbhinn I an líon uasta samplaí ar ceadmhach dóibh gan luachanna paraiméadracha Chuid B agus Thábla 3 d’Iarscríbhinn I a chomhlíonadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|