+Airteagal 8 Cóireáil cheathartha
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
---+Airteagal 8 5.
---+Airteagal 8 6.
---+Airteagal 8 7.
---+Airteagal 8 8.
|
Airteagal 8 Cóireáil cheathartha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear fuíolluisce uirbeach le hualach 150 000 p.e. agus níos mó, sula sceitear isteach in uiscí glactha iad, na ceanglais ábhartha maidir le cóireáil cheathartha fuíolluisce uirbigh a leagtar amach i gCuid B agus Tábla 3 d’Iarscríbhinn I i gcomhréir leis na modhanna faireacháin agus meastóireachta ar thorthaí a leagtar síos i gCuid C d’Iarscríbhinn I faoin:
(a)
31 Nollaig 2033 le haghaidh sceitheadh ó 20 % de na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh sin;
(b)
31 Nollaig 2039 le haghaidh sceitheadh ó 60 % de na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh sin;
(c)
31 Nollaig 2045 maidir le gach sceitheadh ó na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh sin.
Leagtar amach i gCuid C agus Tábla 4 d’Iarscríbhinn I an líon uasta samplaí ar ceadmhach dóibh gan luachanna paraiméadracha Chuid B agus Thábla 3 d’Iarscríbhinn I a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 8 2.
|
Faoin 31 Nollaig 2030, beidh liosta bunaithe ag na Ballstáit de na limistéir ar a gcríoch náisiúnta ina bhfuil riosca don chomhshaol nó do shláinte an duine mar thoradh ar an tiúchan nó carnadh micreathruailleán ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar an liosta sin in 2033, agus gach 6 bliana ina dhiaidh sin agus tabharfaidh siad cothrom le dáta é más gá. Beidh na gnéithe seo a leanas ar an liosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
(a)
dobharcheantair do phointí astarraingthe uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine mar a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 8(2), pointe (a), de Threoir (AE) 2020/2184 ach amháin má léirítear sa mheasúnú riosca i gcomhréir le hAirteagal 8(2), pointe (b), den Treoir sin nach bhfuil riosca a d’fhéadfadh bheith ann le sceitheadh micreathruailleán ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh as a bhféadfadh meathlú teacht ar cháilíocht an uisce le go mbeadh sé ina riosca do shláinte an duine;
(b)
uisce snámha a thagann faoi raon feidhme Threoir 2006/7/CE mura léirítear leis an bpróifíl uisce snámha dá dtagraítear in Airteagal 6 agus in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin nach mbíonn aon éifeacht ag sceitheadh micreathruailleán ó fhuíolluisce uirbeach ar uiscí snámha ná ar shláinte snámhaithe;
(c)
limistéir ina ndéantar gníomhaíochtaí dobharshaothraithe, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
6
), ach amháin má tá na húdaráis inniúla náisiúnta sásta nach féidir le sceitheadh micreathruailleán ó fhuíolluisce uirbeach éifeacht a bheith aige ar shábháilteacht an earra bia agus é ina fhoirm chríochnaithe.
Cuimseofar ar an liosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír na réimsí seo a leanas ar bhonn an mheasúnaithe ar na rioscaí don chomhshaol nó do shláinte an duine a eascraíonn sceitheadh micreathruailleán i bhfuíolluisce uirbeach i ndáil leo seo a leanas:
(a)
lochanna mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Threoir 2000/60/CE iad;
(b)
aibhneacha mar a shainmhínítear in Airteagal (2), pointe (4), de Threoir 2000/60/CE iad nó sruthanna eile uisce inar lú ná 10 an cóimheas caolúcháin;
(c)
limistéir inar gá cóireáil bhreise a dhéanamh chun na ceanglais a leagtar amach i dTreoracha 2000/60/CE, 2006/118/CE agus 2008/105/CE a chomhlíonadh;
(d)
limistéir chaomhantais speisialta mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (l), de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle (
7
) agus limistéir chosanta speisialta a aicmítear faoi Airteagal 4(1), an ceathrú fomhír, de Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
8
) ar cuid iad den líonra éiceolaíoch Natura 2000.
(e)
uiscí cósta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Threoir 2000/60/CE iad;
(f)
uiscí trasdultacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (6), de Threoir 2000/60/CE iad;
(g)
uiscí mara mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir 2008/56/CE iad.
Cuirfear an measúnú riosca dá dtagraítear sa tríú fomhír in iúl don Choimisiún arna iarraidh sin dó.
|
|
Airteagal 8 3.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar formáid an mheasúnaithe riosca dá dtagraítear i mír 2, an dara fomhír, agus an modh atá le húsáid chun an measúnú riosca sin a dhéanamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
|
|
Airteagal 8 4.
|
Gan dochar do mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh sceitheadh fuíolluisce uirbigh ó cheirtleáin 10 000 p.e. agus níos mó na ceanglais ábhartha maidir le cóireáil cheathartha a leagtar amach i gCuid B agus Tábla 3 d’Iarscríbhinn I i gcomhréir leis na modhanna faireacháin agus meastóireachta ar thorthaí a leagtar síos i gCuid C d’Iarscríbhinn I sula sceitear iad isteach i limistéir atá sa liosta dá dtagraítear i mír 2 faoin:
(a)
31 Nollaig 2033 le haghaidh 10 % de na ceirtleáin sin;
(b)
31 Nollaig 2036 le haghaidh 30 % de na ceirtleáin sin;
(c)
31 Nollaig 2039 le haghaidh 60 % de na ceirtleáin sin;
(d)
31 Nollaig 2045 le haghaidh 100 % de na ceirtleáin sin.
Leagtar amach i gCuid C agus Tábla 4 d’Iarscríbhinn I an líon uasta samplaí ar ceadmhach dóibh gan luachanna paraiméadracha Chuid B agus Thábla 3 d’Iarscríbhinn I a chomhlíonadh. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27 chun Cuid C d’Iarscríbhinn I a leasú d’fhonn na modhanna chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch.
|
|
Airteagal 8 5.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh sceitheadh fuíolluisce uirbigh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh atá lonnaithe i limistéar a áirítear ar an liosta dá dtagraítear i mír 2 tar éis ceann amháin de na nuashonruithe tráthrialta ar an liosta a cheanglaítear faoin mír sin na ceanglais a leagtar síos i mír 4 agus i gCuid B agus Tábla 3 d’Iarscríbhinn I laistigh de 7 mbliana ón limistéar a bheith curtha sa liosta sin, ach tráth nach déanaí ná na spriocdhátaí a leagtar amach i mír 4.
|
|
Airteagal 8 6.
|
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na modhanna faireacháin agus samplála a bhunú atá le húsáid ag na Ballstáit chun láithreacht agus cainníochtaí na dtáscairí san fhuíolluisce uirbeach a leagtar amach i dTábla 3 d’Iarscríbhinn I a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
|
|
Airteagal 8 7.
|
I gcás nach slánuimhir é líon na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh is gá a uasghrádú chun na cuspóirí dá dtagraítear i mír 41, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta, déanfar líon na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire. I gcás comhfhad idir dhá shlánuimhir, déanfar an líon a shlánú síos.
|
|
Airteagal 8 8.
|
Gan dochar d’fhorálacha eile an Airteagail seo, chun a áirithiú go mbeidh athúsáid fuíolluisce uirbigh chóireáilte sábháilte don chomhshaol agus do shláinte an duine, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, go gcóireáiltear fuíolluisce uirbeach a athúsáidtear nó a bheartaítear go n-athúsáidtear é i gcomhréir leis na ceanglais le haghaidh cóireáil cheathartha a leagtar amach i gCuid B agus Tábla 3 d’Iarscríbhinn I. I gcás ina n-athúsáidtear fuíolluisce uirbeach cóireáilte chun críocha talmhaíochta, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcuirtear toradh na measúnuithe riosca arna ndéanamh faoi Rialachán (AE) 2020/741 san áireamh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L3019
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|