|
+Airteagal 9 3. |
Airteagal 9 3.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfeidhmeoidh na táirgeoirí dá dtagraítear i mír 1 freagracht leathnaithe an táirgeora atá orthu i dteannta a chéile trí eagraíocht a chomhlíonann na híoscheanglais a leagtar amach in Airteagal 10. Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a)
go gceanglófar ar na táirgeoirí sin na nithe seo a leanas a sholáthar do na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí uair sa bhliain:
(i)
cainníochtaí bliantúla na substaintí atá i dtáirgí a liostaítear in Iarscríbhinn III agus a chuireann siad ar an margadh i gcomhthéacs a ngníomhaíochta gairmiúla;
(ii)
faisnéis faoina ghuaisí atá na substaintí atá i dtáirgí dá dtagraítear i bpointe (i) san fhuíolluisce uirbeach agus faoina n-in-bhithdhíghrádaitheacht ag deireadh a saolré;
(iii)
i gcás inarb ábhartha, liosta de na táirgí a fhaigheann díolúine i gcomhréir le mír 2;
(b)
go gceanglófar ar na táirgeoirí sin ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh leis na heagraíochtaí um fhreagracht tairgeoirí chun na costais a eascraíonn as freagracht leathnaithe an táirgeora atá orthu a chumhdach;
(c)
go gcinnfear an ranníocaíocht ó gach táirgeoir, dá dtagraítear i bpointe (b), ar bhonn chainníochtaí na substaintí atá sna táirgí a chuirtear ar an margadh atá san fhuíolluisce uirbeach, agus ar bhonn a ghuaisí atá na substaintí sin;
(d)
go mbíonn eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí faoi réir iniúchtaí neamhspleácha bliantúla ar a mbainistíocht airgeadais, lena n-áirítear a gcumas na costais dá dtagraítear i mír 1 a chumhdach, cáilíocht agus leordhóthanacht na faisnéise arna bailiú faoi phointe (a) agus leordhóthanacht na ranníocaíochtaí arna mbailiú faoi phointe (b);
(e)
go ndéantar na bearta is gá chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi bhearta coiscthe dramhaíola, faoi chórais fág ar ais agus faoi chórais bailiúcháin, faoi thionchar modhanna míchuí diúscartha dramhaíola i ndáil leis na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn III, agus faoina mí-úsáid agus a ró-úsáid, agus faoi bhailiú, cóireáil agus sceitheadh fuíolluisce uirbigh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|