+Airteagal 9 Freagracht leathnaithe an táirgeora
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 9 4.
---+Airteagal 9 5.
|
Airteagal 9 Freagracht leathnaithe an táirgeora
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1.
|
Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go mbeidh, faoin 31 Nollaig 2028, freagracht leathnaithe an táirgeora ar tháirgeoirí a chuireann aon cheann de na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn III ar an margadh. Áireofar leis na bearta sin go gcumhdóidh na táirgeoirí sin an méid seo a leanas:
(a)
ar a laghad 80 % de na costais iomlána maidir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8 a chomhlíonadh, lena n-áirítear na hinfheistíochtaí agus costais oibríochtúla i ndáil le cóireáil cheathartha ar fhuíolluisce uirbeach chun go mbainfear as micreathruailleáin a eascraíonn as na táirgí a chuireann siad ar an margadh agus ó iarmhair na dtáirgí sin, agus le haghaidh faireachán a dhéanamh ar mhicreathruailleáin dá dtagraítear in Airteagal 21(1), pointe (a);
(b)
costais bailithe agus fíoraithe sonraí maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh; agus
(c)
costais eile is gá le freagracht leathnaithe an tairgeora atá orthu a fheidhmiú.
|
|
Airteagal 9 2.
|
Tabharfaidh na Ballstáit díolúine do thairgeoirí i leith fhreagracht leathnaithe an táirgeora atá orthu faoi mhír 1 i gcás inar féidir leis na táirgeoirí aon cheann díobh seo a leanas a léiriú:
(a)
is lú ná tona amháin in aghaidh na bliana cainníocht na substaintí atá sna táirgí a chuireann siad ar mhargadh an Aontais;
(b)
tá na substaintí atá sna táirgí a chuireann siad ar an margadh in-bhithdhíghrádaithe gan mhoill i bhfuíolluisce nó ní ghineann siad micreathruailleáin i bhfuíolluisce ag deireadh a saolré.
|
|
Airteagal 9 3.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfeidhmeoidh na táirgeoirí dá dtagraítear i mír 1 freagracht leathnaithe an táirgeora atá orthu i dteannta a chéile trí eagraíocht a chomhlíonann na híoscheanglais a leagtar amach in Airteagal 10. Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a)
go gceanglófar ar na táirgeoirí sin na nithe seo a leanas a sholáthar do na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí uair sa bhliain:
(i)
cainníochtaí bliantúla na substaintí atá i dtáirgí a liostaítear in Iarscríbhinn III agus a chuireann siad ar an margadh i gcomhthéacs a ngníomhaíochta gairmiúla;
(ii)
faisnéis faoina ghuaisí atá na substaintí atá i dtáirgí dá dtagraítear i bpointe (i) san fhuíolluisce uirbeach agus faoina n-in-bhithdhíghrádaitheacht ag deireadh a saolré;
(iii)
i gcás inarb ábhartha, liosta de na táirgí a fhaigheann díolúine i gcomhréir le mír 2;
(b)
go gceanglófar ar na táirgeoirí sin ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh leis na heagraíochtaí um fhreagracht tairgeoirí chun na costais a eascraíonn as freagracht leathnaithe an táirgeora atá orthu a chumhdach;
(c)
go gcinnfear an ranníocaíocht ó gach táirgeoir, dá dtagraítear i bpointe (b), ar bhonn chainníochtaí na substaintí atá sna táirgí a chuirtear ar an margadh atá san fhuíolluisce uirbeach, agus ar bhonn a ghuaisí atá na substaintí sin;
(d)
go mbíonn eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí faoi réir iniúchtaí neamhspleácha bliantúla ar a mbainistíocht airgeadais, lena n-áirítear a gcumas na costais dá dtagraítear i mír 1 a chumhdach, cáilíocht agus leordhóthanacht na faisnéise arna bailiú faoi phointe (a) agus leordhóthanacht na ranníocaíochtaí arna mbailiú faoi phointe (b);
(e)
go ndéantar na bearta is gá chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi bhearta coiscthe dramhaíola, faoi chórais fág ar ais agus faoi chórais bailiúcháin, faoi thionchar modhanna míchuí diúscartha dramhaíola i ndáil leis na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn III, agus faoina mí-úsáid agus a ró-úsáid, agus faoi bhailiú, cóireáil agus sceitheadh fuíolluisce uirbigh.
|
|
Airteagal 9 4.
|
Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a)
go saineofar go soiléir róil agus freagrachtaí na ngníomhaithe ábhartha uile lena mbaineann, lena n-áirítear na táirgeoirí dá dtagraítear i mír 1, eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, oibreoirí príobháideacha nó poiblí na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh agus údaráis inniúla áitiúla;
(b)
go leagfar síos cuspóirí an bhainistithe fuíolluisce uirbigh chun na ceanglais agus na spriocdháta arna socrú faoi Airteagal 8(1), (4) agus (5) a chomhlíonadh chomh maith le haon chuspóirí cainníochtúla nó cáilíochtúla eile a mheastar a bheith ábhartha ó thaobh chur chun feidhme fhreagracht leathnaithe an táirgeora;
(c)
go mbeidh córas tuairiscithe ar bun chun sonraí a bhailiú maidir leis na táirgí dá dtagraítear i mír 1 agus a chuireann na táirgeoirí ar an margadh agus sonraí maidir le cóireáil cheathartha fuíolluisce uirbigh, chomh maith le sonraí eile atá ábhartha chun críocha phointe (b) den mhír seo;
(d)
go ndéanfaidh na húdaráis inniúla na sonraí riachtanacha a chur in iúl agus a mhalartú le húdaráis inniúla ábhartha eile ar bhonn tráthrialta chun ceanglais an Airteagail seo agus Airteagal 10 den Treoir seo a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 9 5.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun critéir mhionsonraithe a bhunú maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an choinníll a leagtar síos i mír 2, pointe (b), maidir le catagóirí sonracha táirgí agus lena n-in-bhithdhíghrádaitheacht nó lena ghuaisí atá. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2) tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2027.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L3019
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|