|
+Airteagal 11 1. |
Airteagal 11 1.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar iniúchtaí fuinnimh, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (32), de Threoir (AE) 2023/1791 iad, gach 4 bliana ar ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh agus córais bhailiúcháin atá i mbun oibríochta. Áireofar sna hiniúchtaí sin go saineofaí an poitéinseal chun úsáid a bhaint as bearta costéifeachtacha chun úsáid fuinnimh a laghdú agus chun feabhas a chur ar úsáid agus táirgeadh fuinnimh in-athnuaite, agus béim ar leith ar an bpoitéinseal do tháirgeadh bithgháis a shainaithint agus a úsáid nó dramhtheas a aisghabháil agus a úsáid ar an láthair nó trí chóras fuinnimh ceantair, agus astaíochtaí GCT á laghdú ag an am céanna. Déanfar na chéad iniúchtaí fuinnimh:
(a)
faoin 31 Nollaig 2028 i gcás gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear ualach 100 000 p.e. agus níos mó agus na gcóras bailiúcháin atá nasctha leo;
(b)
faoin 31 Nollaig 2032 i gcás gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear ualach 10 000 p.e. agus níos mó ach nach mó ná 100 000 p.e. agus na gcóras bailiúcháin atá nasctha leo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|