+Airteagal 11 Neodracht fuinnimh
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 11 5.
|
Airteagal 11 Neodracht fuinnimh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar iniúchtaí fuinnimh, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (32), de Threoir (AE) 2023/1791 iad, gach 4 bliana ar ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh agus córais bhailiúcháin atá i mbun oibríochta. Áireofar sna hiniúchtaí sin go saineofaí an poitéinseal chun úsáid a bhaint as bearta costéifeachtacha chun úsáid fuinnimh a laghdú agus chun feabhas a chur ar úsáid agus táirgeadh fuinnimh in-athnuaite, agus béim ar leith ar an bpoitéinseal do tháirgeadh bithgháis a shainaithint agus a úsáid nó dramhtheas a aisghabháil agus a úsáid ar an láthair nó trí chóras fuinnimh ceantair, agus astaíochtaí GCT á laghdú ag an am céanna. Déanfar na chéad iniúchtaí fuinnimh:
(a)
faoin 31 Nollaig 2028 i gcás gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear ualach 100 000 p.e. agus níos mó agus na gcóras bailiúcháin atá nasctha leo;
(b)
faoin 31 Nollaig 2032 i gcás gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear ualach 10 000 p.e. agus níos mó ach nach mó ná 100 000 p.e. agus na gcóras bailiúcháin atá nasctha leo.
|
|
Airteagal 11 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit, ar an leibhéal náisiúnta, go mbeidh an méid fuinnimh iomlán bliantúil a fhaightear ó fhoinsí in-athnuaite, mar a shainítear é in Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2018/2001, a bhíonn á ghiniúint ar an láthair nó lasmuigh den láthair ag úinéirí nó oibreoirí gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear ualach 10 000 p.e. agus níos mó, nó ag daoine eile thar a gceann, agus gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil an fuinneamh sin á úsáid ar an láthair nó lasmuigh den láthair ag úinéirí nó oibreoirí na ngléasraí sin, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an méid fuinnimh sin coibhéiseach leo seo a leanas ar a laghad:
(a)
sciar 20 % den mhéid fuinnimh iomlán bliantúil a úsáideann na gléasraí sin faoin 31 Nollaig 2030;
(b)
sciar 40 % den mhéid fuinnimh iomlán bliantúil a úsáideann na gléasraí sin faoin 31 Nollaig 2035;
(c)
sciar 70 % den mhéid fuinnimh iomlán bliantúil a úsáideann na gléasraí sin faoin 31 Nollaig 2040;
(d)
sciar 100 % den mhéid fuinnimh iomlán bliantúil a úsáideann na gléasraí sin faoin 31 Nollaig 2045.
Leis an bhfuinneamh in-athnuaite arna ghiniúint ag úinéirí nó oibreoirí an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh nó arna ghiniúint thar a gceann, ní bheidh ceannach fuinnimh in-athnuaite i gceist leis.
|
|
Airteagal 11 3.
|
De mhaolú ar mhír 2, mura mbainfidh Ballstát amach an cuspóir dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), d’ainneoin gach beart éifeachtúlachta fuinnimh agus gach beart is gá chun táirgeadh fuinnimh in-athnuaite a fheabhsú, go háirithe na bearta a shainaithnítear sna hiniúchtaí fuinnimh dá dtagraítear i mír 1, a bheith déanta, féadfaidh na Ballstáit ceannach fuinnimh ó fhoinsí breosla nach breosla iontaise é a cheadú go heisceachtúil. Beidh an ceannach sin teoranta d’uasmhéid 35 % den fhuinneamh breosla nach breosla iontaise é i ndáil leis an gcuspóir dá dtagraítear i mír 2, pointe (d).
|
|
Airteagal 11 4.
|
De mhaolú ar mhír 2, mura mbainfidh Ballstát amach an cuspóir dá dtagraítear i mír 2, pointe (c), d’ainneoin gach beart éifeachtúlachta fuinnimh agus gach beart chun táirgeadh fuinnimh in-athnuaite a fheabhsú, go háirithe na bearta sin a shainaithnítear sna hiniúchtaí fuinnimh dá dtagraítear i mír 1, a bheith déanta, féadfaidh na Ballstáit ceannach fuinnimh ó fhoinsí breosla nach breosla iontaise é a cheadú go heisceachtúil. Beidh an ceannach sin teoranta do 5 phointe céatadáin ar a mhéad den chuspóir dá dtagraítear i mír 2, pointe (c). Ní dheonófar an maolú sin ach do na Ballstáit sin ar féidir leo a léiriú faoin 31 Nollaig 2040 go mbeidh gá 35 % den fhuinneamh breosla sheachtraigh nach breosla iontaise é dá dtagraítear i mír 3 a cheannach chun an cuspóir dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), a bhaint amach, agus gach beart éifeachtúlachta fuinnimh agus gach beart is gá chun táirgeadh fuinnimh in-athnuaite a fheabhsú, go háirithe na bearta sin a shainaithnítear sna hiniúchtaí fuinnimh dá dtagraítear i mír 1 á gcur san áireamh.
|
|
Airteagal 11 5.
|
Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun modhanna a bhunú chun a mheas ar baineadh amach na cuspóirí i mír 2. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L3019
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|