+Airteagal 14 2.

Airteagal 14 2.

Leis na réamhrialacháin agus na húdaruithe sonracha dá dtagraítear i mír 1, áiritheofar an méid seo a leanas:

(a) 

go gcomhlíontar na ceanglais cáilíochta uisce a leagtar amach i ndlí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear Treoracha 2000/60/CE agus 2008/105/CE, agus, i gcás inarb infheidhme, go ndéantar faireachán ar cháilíocht agus ar chainníocht sceitheadh fuíolluisce nach fuíolluisce teaghlaigh é; go háirithe, nach dtagann meathlú ar stádas an dobharlaigh ghlacaigh as an ualach truailleán atá san ábhar a sceitheadh ón ngléasra cóireála fuíolluisce uirbigh agus nach gcuireann sé cosc ar an dobharlach sin an stádas a bhaint amach i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2000/60/CE;

(b) 

nach gcuireann na substaintí truaillitheacha a scaoiltear bac ar oibriú an ghléasra cóireála fuíolluisce, nach ndéanann siad dochar do chórais bhailiúcháin, do ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ná do threalamh gaolmhar, agus nach gcuireann na substaintí sin teorainn ar aon chumas acmhainní a aisghabháil, lena n-áirítear an t-uisce chóireáilte a athúsáid agus cothaithigh nó ábhar eile ó fhuíolluisce uirbeach nó ó shloda uirbeach a aisghabháil;

(c) 

nach ndéanann na substaintí truaillitheacha a scaoiltear díobháil do shláinte na foirne atá ag obair i gcórais bhailiúcháin agus i ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh;

(d) 

go bhfuil an gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh deartha agus feistithe chun na substaintí truaillitheacha a scaoiltear a laghdú;

(e) 

i gcás ina ndéanann gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh cóireáil ar ábhair a sceitear ó shuiteáil a bhfuil ceadúnas aige dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ), nach sáraíonn an t-ualach truailleán ó ábhair a sceitheadh ón ngléasra sin an t-ualach truailleán a sceithfí dá ndéanfaí an sceitheadh go díreach ón tsuiteáil agus dá mbeidís ag comhlíonadh na dteorainnluachanna astaíochtaí is infheidhme i gcomhréir leis an Treoir seo.

Maidir le fuíolluisce nach fuíolluisce teaghlaigh é a sceitear isteach i gcórais bhailiúcháin agus i ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh, óna sceitear isteach i ndobharcheantair a úsáidtear le haghaidh uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a aistarraingt, áiritheoidh na Ballstáit nach ndeonaítear aon údarú sonrach ná aon réamhrialachán don sceitheadh fuíolluisce sin nach fuíolluisce teaghlaigh é gan measúnú riosca agus bainistiú riosca na ndobharcheantar a úsáidtear le haghaidh uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a aistarraingt a chur san áireamh dá dtagraítear in Airteagal 8 de Threoir (AE) 2020/2184 agus na bearta bainistithe riosca de bhun an Airteagail sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L3019
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.