|
+Airteagal 18 2. |
Airteagal 18 2.I gcás inar sainaithníodh rioscaí i gcomhréir le mír 1, glacfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na bearta seo a leanas:
(a)
bearta breise a dhéanamh chun truailliú ó fhuíolluisce uirbeach a chosc agus a laghdú ag an bhfoinse i gcás inar gá sin chun cáilíocht an dobharlaigh ghlactha a choimirciú chun na bearta dá dtagraítear in Airteagal 14(3) a chomhlánú;
(b)
córais bhailiúcháin a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 3 le haghaidh ceirtleáin faoi bhun 1 000 p.e.;
(c)
cóireáil thánaisteach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6 ar fhuíolluisce uirbeach a sceitear ó cheirtleáin faoi bhun 1 000 p.e.;
(d)
cóireáil threasach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 7 ar fhuíolluisce uirbeach a sceitear ó cheirtleáin faoi bhun 10 000 p.e.;
(e)
cóireáil cheathartha a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8 ar fhuíolluisce uirbeach a sceitear ó cheirtleáin faoi bhun 10 000 p.e., go háirithe i gcás ina scaoiltear fuíolluisce uirbeach isteach i ndobharlaigh a úsáidtear chun uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a astarraingt, mar uisce snámha, mar dhobharlaigh ina ndéantar gníomhaíochtaí dobharshaothraithe agus i gcás ina ndéantar fuíolluisce uirbeach cóireáilte a athúsáid chun críoch talmhaíochta;
(f)
pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 5 le haghaidh ceirtleáin faoi bhun 10 000 p.e. agus na bearta dá dtagraítear in Iarscríbhinn V a ghlacadh;
(g)
ceanglais atá níos déine ná na ceanglais a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn I a chur i bhfeidhm maidir le cóireáil fuíolluiscí arna mbailiú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|