+Airteagal 18 Measúnú riosca agus bainistiú riosca
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 2.
---+Airteagal 18 3.
|
Airteagal 18 Measúnú riosca agus bainistiú riosca
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 18 1.
|
Faoin 31 Nollaig 2027, sainaithneoidh agus déanfaidh na Ballstáit measúnú ar na rioscaí don chomhshaol agus do shláinte an duine a eascraíonn as sceitheadh fuíolluisce uirbigh, agus luaineachtaí séasúracha agus teagmhais fhoircneacha á gcur san áireamh, agus ar a laghad na rioscaí a bhaineann leis an méid seo a leanas:
(a)
cáilíocht an dobharlaigh a úsáidtear d'astarraingt an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2020/2184;
(b)
cáilíocht an uisce snámha a thagann faoi raon feidhme Threoir 2006/7/CE;
(c)
cáilíocht dobharlaigh ina ndéantar gníomhaíochtaí dobharshaothraithe mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4, pointe (25), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;
(d)
stádas an dobharlaigh screamhuisce ghlactha mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe 19, de Threoir 2000/60/CE chomh maith le gach cuspóir comhshaoil eile mar a luaitear in Airteagal 4 den Treoir sin maidir leis an dobharlach screamhuisce glacach;
(e)
stádas na muirthimpeallachta mar a shainmhínítear í in Airteagal 3,pointe 5, de Threoir 2008/56/CE;
(f)
stádas an dobharlaigh dromchla ghlactha mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe 17, de Threoir 2000/60/CE chomh maith le gach cuspóir comhshaoil eile mar a luaitear in Airteagal 4 den Treoir sin maidir leis an dobharlach dromchla glacach.
|
|
Airteagal 18 2.
|
I gcás inar sainaithníodh rioscaí i gcomhréir le mír 1, glacfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na bearta seo a leanas:
(a)
bearta breise a dhéanamh chun truailliú ó fhuíolluisce uirbeach a chosc agus a laghdú ag an bhfoinse i gcás inar gá sin chun cáilíocht an dobharlaigh ghlactha a choimirciú chun na bearta dá dtagraítear in Airteagal 14(3) a chomhlánú;
(b)
córais bhailiúcháin a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 3 le haghaidh ceirtleáin faoi bhun 1 000 p.e.;
(c)
cóireáil thánaisteach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6 ar fhuíolluisce uirbeach a sceitear ó cheirtleáin faoi bhun 1 000 p.e.;
(d)
cóireáil threasach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 7 ar fhuíolluisce uirbeach a sceitear ó cheirtleáin faoi bhun 10 000 p.e.;
(e)
cóireáil cheathartha a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8 ar fhuíolluisce uirbeach a sceitear ó cheirtleáin faoi bhun 10 000 p.e., go háirithe i gcás ina scaoiltear fuíolluisce uirbeach isteach i ndobharlaigh a úsáidtear chun uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a astarraingt, mar uisce snámha, mar dhobharlaigh ina ndéantar gníomhaíochtaí dobharshaothraithe agus i gcás ina ndéantar fuíolluisce uirbeach cóireáilte a athúsáid chun críoch talmhaíochta;
(f)
pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 5 le haghaidh ceirtleáin faoi bhun 10 000 p.e. agus na bearta dá dtagraítear in Iarscríbhinn V a ghlacadh;
(g)
ceanglais atá níos déine ná na ceanglais a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn I a chur i bhfeidhm maidir le cóireáil fuíolluiscí arna mbailiú.
|
|
Airteagal 18 3.
|
An tsainaithint rioscaí a dhéantar i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, déanfar í a athbhreithniú gach 6 bliana, i gcomhréir le huainiú an athbhreithnithe ar na pleananna bainistithe abhantraí agus ag tosú an 31 Nollaig 2033. Áireofar achoimre ar na rioscaí a sainaithníodh mar aon le tuairisc ar na bearta a glacadh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo sna pleananna bainistithe abhantraí iomchuí agus sna pleananna náisiúnta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 23 agus cuirfear chuig an gCoimisiún í arna iarraidh sin. Cuirfear an achoimre sin ar fáil don phobal.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L3019
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|