|
+Airteagal 22 1. |
Airteagal 22 1.Le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA), déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a)
faoin 31 Nollaig 2028, tacar sonraí a bhunú ina bhfuil faisnéis arna bailiú i gcomhréir le hAirteagal 21, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann leis na paraiméadair dá dtagraítear in Airteagal 21(1), pointe (a), agus torthaí na dtástálacha maidir leis na critéir pas/teip a bhunaítear i gCuid C d’Iarscríbhinn I, agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin;
(b)
faoin 31 Nollaig 2028, tacar sonraí a bhunú ina léirítear an céatadán den fhuíolluisce uirbeach a bhailítear agus a chóireáiltear i gcomhréir le hAirteagal 3, agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin;
(c)
faoin 31 Nollaig 2028, tacar sonraí a bhunú ina bhfuil faisnéis faoi chur chun feidhme Airteagal 4(5) agus faoin ualach fuíolluisce uirbigh ó cheirtleáin os cionn 2 000 p.e. agus a chóireáiltear i gcórais aonair, agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin;
(d)
faoin 31 Nollaig 2028, tacar sonraí a bhunú ina bhfuil faisnéis faoin líon samplaí a bailíodh agus faoin líon samplaí a tógadh i gcomhréir le Cuid C d’Iarscríbhinn I ar theip orthu agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin;
(e)
faoin 12 Eanáir 2029, tacar sonraí a bhunú ina bhfuil faisnéis faoi bhearta a rinneadh chun feabhas a chur ar an rochtain ar shláintíocht i gcomhréir le hAirteagal 19, pointí (a), (b), (c), lena n-áirítear faisnéis faoin sciar den daonra a bhfuil rochtain aige ar shláintíocht i gceirtleáin 10 000 p.e. agus níos mó agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta gach 6 bliana ina dhiaidh sin;
(f)
faoin 31 Nollaig 2030, tacar sonraí a bhunú ina bhfuil faisnéis ar astaíochtaí GCT mar aon le miondealú ar na gáis éagsúla agus ar mhéid iomlán an fhuinnimh a úsáidtear agus an méid fuinnimh in-athnuaite a ghineann gach gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh de 10 000 p.e. agus níos mó sin mar aon le ríomh ar an gcéatadán a baineadh amach ó thaobh na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 11(2), céatadán an fhuinnimh a cheannaítear ó fhoinsí fuinnimh breosla nach breosla iontaise é agus, nuair a bheidh sé ar fáil, miondealú ar na cineálacha éagsúla foinsí breosla nach breosla iontaise é a úsáidtear, i gcás ina n-úsáidtear an maolú dá dtagraítear in Airteagal 11(3), agus na sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin;
(g)
faoin 31 Nollaig 2030, tacar sonraí a bhunú ina bhfuil na bearta a rinneadh i gcomhréir le pointe 3 d’Iarscríbhinn V, agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin;
(h)
faoin 31 Nollaig 2030, tacar sonraí a bhunú ina bhfuil na torthaí faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 17(1) agus (3) agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin;
(i)
faoin 31 Nollaig 2030, tacar sonraí a bhunú ina bhfuil liosta na limistéar a sainaithníodh mar limistéir íogaire i leith an eotrófaithe agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 7(2);
(j)
faoin 31 Nollaig 2030, tacar sonraí a bhunú ina bhfuil liosta na limistéar a sainaithníodh mar limistéir ina bhfuil riosca don chomhshaol nó do shláinte an duine mar thoradh ar an tiúchan micreathruailleán nó ar an gcarnadh micreathruailleán, agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 8(2);
(k)
i gcás ina n-úsáidtear bithmheáin arna bunú faoin 31 Nollaig 2030, tacar sonraí ina bhfuil an cineál bithmheán a úsáidtear agus tuairisc ghairid ar na bearta arna ndéanamh ag gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina n-úsáidtear bithmheáin chun doirteadh isteach sa chomhshaol a sheachaint, agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta gach 5 bliana ina dhiaidh sin;
(l)
faoin 31 Nollaig 2030, tacar sonraí a bhunú ina bhfuil torthaí an fhaireacháin dá dtagraítear in Airteagal 21(1), pointe (c), agus comparáid ann idir éileamh míosúil ar uisce agus ar chothaithigh na mbarr a bhfuiltear ag díriú orthu leis an gcodán athúsáidte den fhuíolluisce uirbeach cóireáilte dá dtagraítear in Airteagal 15(1), agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|