+Airteagal 22 Faisnéis maidir leis an bhfaireachán ar an gcur chun feidhme
---+Airteagal 22 1.
---+Airteagal 22 2.
---+Airteagal 22 3.
---+Airteagal 22 4.

Airteagal 22 Faisnéis maidir leis an bhfaireachán ar an gcur chun feidhme

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 22 1.

Le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA), déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a) 

faoin 31 Nollaig 2028, tacar sonraí a bhunú ina bhfuil faisnéis arna bailiú i gcomhréir le hAirteagal 21, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann leis na paraiméadair dá dtagraítear in Airteagal 21(1), pointe (a), agus torthaí na dtástálacha maidir leis na critéir pas/teip a bhunaítear i gCuid C d’Iarscríbhinn I, agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin;

(b) 

faoin 31 Nollaig 2028, tacar sonraí a bhunú ina léirítear an céatadán den fhuíolluisce uirbeach a bhailítear agus a chóireáiltear i gcomhréir le hAirteagal 3, agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin;

(c) 

faoin 31 Nollaig 2028, tacar sonraí a bhunú ina bhfuil faisnéis faoi chur chun feidhme Airteagal 4(5) agus faoin ualach fuíolluisce uirbigh ó cheirtleáin os cionn 2 000 p.e. agus a chóireáiltear i gcórais aonair, agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin;

(d) 

faoin 31 Nollaig 2028, tacar sonraí a bhunú ina bhfuil faisnéis faoin líon samplaí a bailíodh agus faoin líon samplaí a tógadh i gcomhréir le Cuid C d’Iarscríbhinn I ar theip orthu agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin;

(e) 

faoin 12 Eanáir 2029, tacar sonraí a bhunú ina bhfuil faisnéis faoi bhearta a rinneadh chun feabhas a chur ar an rochtain ar shláintíocht i gcomhréir le hAirteagal 19, pointí (a), (b), (c), lena n-áirítear faisnéis faoin sciar den daonra a bhfuil rochtain aige ar shláintíocht i gceirtleáin 10 000 p.e. agus níos mó agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta gach 6 bliana ina dhiaidh sin;

(f) 

faoin 31 Nollaig 2030, tacar sonraí a bhunú ina bhfuil faisnéis ar astaíochtaí GCT mar aon le miondealú ar na gáis éagsúla agus ar mhéid iomlán an fhuinnimh a úsáidtear agus an méid fuinnimh in-athnuaite a ghineann gach gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh de 10 000 p.e. agus níos mó sin mar aon le ríomh ar an gcéatadán a baineadh amach ó thaobh na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 11(2), céatadán an fhuinnimh a cheannaítear ó fhoinsí fuinnimh breosla nach breosla iontaise é agus, nuair a bheidh sé ar fáil, miondealú ar na cineálacha éagsúla foinsí breosla nach breosla iontaise é a úsáidtear, i gcás ina n-úsáidtear an maolú dá dtagraítear in Airteagal 11(3), agus na sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin;

(g) 

faoin 31 Nollaig 2030, tacar sonraí a bhunú ina bhfuil na bearta a rinneadh i gcomhréir le pointe 3 d’Iarscríbhinn V, agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin;

(h) 

faoin 31 Nollaig 2030, tacar sonraí a bhunú ina bhfuil na torthaí faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 17(1) agus (3) agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin;

(i) 

faoin 31 Nollaig 2030, tacar sonraí a bhunú ina bhfuil liosta na limistéar a sainaithníodh mar limistéir íogaire i leith an eotrófaithe agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 7(2);

(j) 

faoin 31 Nollaig 2030, tacar sonraí a bhunú ina bhfuil liosta na limistéar a sainaithníodh mar limistéir ina bhfuil riosca don chomhshaol nó do shláinte an duine mar thoradh ar an tiúchan micreathruailleán nó ar an gcarnadh micreathruailleán, agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 8(2);

(k) 

i gcás ina n-úsáidtear bithmheáin arna bunú faoin 31 Nollaig 2030, tacar sonraí ina bhfuil an cineál bithmheán a úsáidtear agus tuairisc ghairid ar na bearta arna ndéanamh ag gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina n-úsáidtear bithmheáin chun doirteadh isteach sa chomhshaol a sheachaint, agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta gach 5 bliana ina dhiaidh sin;

(l) 

faoin 31 Nollaig 2030, tacar sonraí a bhunú ina bhfuil torthaí an fhaireacháin dá dtagraítear in Airteagal 21(1), pointe (c), agus comparáid ann idir éileamh míosúil ar uisce agus ar chothaithigh na mbarr a bhfuiltear ag díriú orthu leis an gcodán athúsáidte den fhuíolluisce uirbeach cóireáilte dá dtagraítear in Airteagal 15(1), agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin.

Airteagal 22 2.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag an gCoimisiún agus ag EEA ar na tacair sonraí dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 22 3.
An fhaisnéis arna tuairisciú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 166/2006, cuirfear san áireamh í le haghaidh an tuairiscithe a cheanglaítear faoin Airteagal seo le haghaidh na dtruailleán sin a bhaineann le fuíolluisce uirbeach.

Maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, soláthróidh EEA rochtain don phobal ar shonraí ábhartha tríd an gClár Eorpach um Scaoileadh agus Aistriú Truailleán a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 166/2006.

Airteagal 22 4.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear formáid na faisnéise atá le soláthar i gcomhréir le mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2) faoin 31 Nollaig 2028 maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (e), (f), (g), (h), (j), (k) agus (l).

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun formáid na faisnéise atá le soláthar i gcomhréir le mír 1, pointí (a), (b), (c), (d) agus (i) a shonrú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L3019
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.