+Airteagal 26 Cúiteamh
---+Airteagal 26 1.
---+Airteagal 26 2.
---+Airteagal 26 3.
---+Airteagal 26 4.
---+Airteagal 26 5.
|
Airteagal 26 Cúiteamh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 26 1.
|
I gcás ina ndearnadh dochar do shláinte an duine de dheasca sárú ar bhearta náisiúnta a glacadh de bhun na Treorach seo, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag na daoine atá faoina éifeacht cúiteamh ar an dochar sin a éileamh agus a fháil ó na daoine nádúrtha nó dlítheanacha ábhartha, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta.
|
|
Airteagal 26 2.
|
Eagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann cosaint an chomhshaoil nó cosaint shláinte an duine chun cinn agus a chomhlíonann aon cheanglas faoin dlí náisiúnta, áiritheoidh na Ballstáit go gceadófar dóibh, mar chuid den phobal lena mbaineann, ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na ndaoine atá faoina éifeacht. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfar éileamh a dhéanamh faoi dhó mar gheall ar shárú a dtagann dochar as, is é sin le rá éileamh amháin á dhéanamh ag na daoine atá faoina éifeacht agus ceann eile á dhéanamh ag na heagraíochtaí neamhrialtasacha dá dtagraítear sa mhír seo.
|
|
Airteagal 26 3.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar rialacha náisiúnta agus nósanna imeachta náisiúnta a bhaineann le héilimh ar chúiteamh a dhearadh agus a chur i bhfeidhm ar bhealach nach mbeidh sé dodhéanta nó ródheacair an ceart chun cúitimh a fheidhmiú ar dhochar arb é sárú is cúis leis de bhun mhír 1.
|
|
Airteagal 26 4.
|
Féadfaidh na Ballstáit na tréimhsí teorann a bhunú chun caingne a thionscnamh le haghaidh cúitimh dá dtagraítear i mír 1. Ní chuirfear tús leis na tréimhsí sin sula dtagann deireadh leis an sárú agus sula mbíonn a fhios ag an duine a bhfuil an cúiteamh á éileamh aige nó aici gur bhain dochar dó nó di de dheasca sárú de bhun mhír 1, nó gur réasúnach a cheapadh go mbeidh a fhios sin aige nó aici faoi sin.
|
|
Airteagal 26 5.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis ar fáil don phobal maidir lena gceart chun cúiteamh a éileamh ar dhochar.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L3019
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|