+TREOIR (AE) 2024/3019 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 27 Samhain 2024 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
---+Airteagal 1 Ábhar
---+Airteagal 2 Sainmhínithe
---+Airteagal 3 Córais bhailiúcháin agus an t-ualach ceirtleáin a ríomh
------+Airteagal 3 1.
------+Airteagal 3 2.
------+Airteagal 3 3.
------+Airteagal 3 4.
---+Airteagal 4 Córais aonair
------+Airteagal 4 1.
------+Airteagal 4 2.
------+Airteagal 4 3.
------+Airteagal 4 4.
------+Airteagal 4 5.
------+Airteagal 4 6.
---+Airteagal 5 Pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh
------+Airteagal 5 1.
------+Airteagal 5 2.
------+Airteagal 5 3.
------+Airteagal 5 4.
------+Airteagal 5 5.
------+Airteagal 5 6.
------+Airteagal 5 7.
---+Airteagal 6 Cóireáil thánaisteach
------+Airteagal 6 1.
------+Airteagal 6 2.
------+Airteagal 6 3.
------+Airteagal 6 4.
------+Airteagal 6 5.
---+Airteagal 7 Cóireáil threasach
------+Airteagal 7 1.
------+Airteagal 7 2.
------+Airteagal 7 3.
------+Airteagal 7 4.
------+Airteagal 7 5.
------+Airteagal 7 6.
------+Airteagal 7 7.
------+Airteagal 7 8.
------+Airteagal 7 9.
------+Airteagal 7 10.
------+Airteagal 7 11.
---+Airteagal 8 Cóireáil cheathartha
------+Airteagal 8 1.
------+Airteagal 8 2.
------+Airteagal 8 3.
------+Airteagal 8 4.
------+Airteagal 8 5.
------+Airteagal 8 6.
------+Airteagal 8 7.
------+Airteagal 8 8.
---+Airteagal 9 Freagracht leathnaithe an táirgeora
------+Airteagal 9 1.
------+Airteagal 9 2.
------+Airteagal 9 3.
------+Airteagal 9 4.
------+Airteagal 9 5.
---+Airteagal 10 Na híoscheanglais maidir le heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí
------+Airteagal 10 1.
------+Airteagal 10 2.
------+Airteagal 10 3.
------+Airteagal 10 4.
------+Airteagal 10 5.
------+Airteagal 10 6.
------+Airteagal 10 7.
---+Airteagal 11 Neodracht fuinnimh
------+Airteagal 11 1.
------+Airteagal 11 2.
------+Airteagal 11 3.
------+Airteagal 11 4.
------+Airteagal 11 5.
---+Airteagal 12 Comhar trasteorann
------+Airteagal 12 1.
------+Airteagal 12 2.
------+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 13 Dálaí aeráide áitiúla
---+Airteagal 14 Sceitheadh fuíolluisce nach fuíolluisce teaghlaigh é
------+Airteagal 14 1.
------+Airteagal 14 2.
------+Airteagal 14 3.
------+Airteagal 14 4.
------+Airteagal 14 5.
---+Airteagal 15 Athúsáid uisce agus sceitheadh fuíolluisce uirbigh
------+Airteagal 15 1.
------+Airteagal 15 2.
------+Airteagal 15 3.
------+Airteagal 15 4.
---+Airteagal 16 Fuíolluisce in-bhithdhíghrádaithe nach fuíolluisce teaghlaigh é
------+Airteagal 16 1.
------+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 17 Faireachas ar fhuíolluisce uirbeach
------+Airteagal 17 1.
------+Airteagal 17 2.
------+Airteagal 17 3.
------+Airteagal 17 4.
---+Airteagal 18 Measúnú riosca agus bainistiú riosca
------+Airteagal 18 1.
------+Airteagal 18 2.
------+Airteagal 18 3.
---+Airteagal 19 Rochtain ar shláintíocht
---+Airteagal 20 Sloda agus aisghabháil acmhainní
------+Airteagal 20 1.
------+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 21 Faireachán
------+Airteagal 21 1.
------+Airteagal 21 2.
------+Airteagal 21 3.
------+Airteagal 21 4.
------+Airteagal 21 5.
------+Airteagal 21 6.
---+Airteagal 22 Faisnéis maidir leis an bhfaireachán ar an gcur chun feidhme
------+Airteagal 22 1.
------+Airteagal 22 2.
------+Airteagal 22 3.
------+Airteagal 22 4.
---+Airteagal 23 Cláir náisiúnta cur chun feidhme
------+Airteagal 23 1.
------+Airteagal 23 2.
------+Airteagal 23 3.
------+Airteagal 23 4.
---+Airteagal 24 Faisnéis don phobal
------+Airteagal 24 1.
------+Airteagal 24 2.
------+Airteagal 24 3.
------+Airteagal 24 4.
---+Airteagal 25 Rochtain ar an gceartas
------+Airteagal 25 1.
------+Airteagal 25 2.
------+Airteagal 25 3.
------+Airteagal 25 4.
---+Airteagal 26 Cúiteamh
------+Airteagal 26 1.
------+Airteagal 26 2.
------+Airteagal 26 3.
------+Airteagal 26 4.
------+Airteagal 26 5.
---+Airteagal 27 An tarmligean a fheidhmiú
------+Airteagal 27 1.
------+Airteagal 27 2.
------+Airteagal 27 3.
------+Airteagal 27 4.
------+Airteagal 27 5.
------+Airteagal 27 6.
---+Airteagal 28 An nós imeachta coiste
------+Airteagal 28 1.
------+Airteagal 28 2.
---+Airteagal 29 Pionóis
------+Airteagal 29 1.
------+Airteagal 29 2.
------+Airteagal 29 3.
---+Airteagal 30 Meastóireacht
------+Airteagal 30 1.
------+Airteagal 30 2.
---+Airteagal 31 Athbhreithniú
---+Airteagal 32 Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha
------+Airteagal 32 1.
------+Airteagal 32 2.
------+Airteagal 32 3.
------+Airteagal 32 4.
------+Airteagal 32 5.
------+Airteagal 32 6.
------+Airteagal 32 7.
------+Airteagal 32 8.
---+Airteagal 33 Trasuí
------+Airteagal 33 1.
------+Airteagal 33 2.
---+Airteagal 34 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
---+Airteagal 35 Seolaithe
---+IARSCRÍBHINN I CEANGLAIS MAIDIR LE FUÍOLLUISCE UIRBEACH
---+IARSCRÍBHINN II LIMISTÉIR ATÁ ÍOGAIR I LEITH AN EOTRÓFAITHE
---+IARSCRÍBHINN III LIOSTA NA dTÁIRGÍ A CHUMHDAÍTEAR LE FREAGRACHT LEATHNAITHE AN TÁIRGEORA
---+IARSCRÍBHINN IV EARNÁLACHA TIONSCLAÍOCHA
---+IARSCRÍBHINN V ÁBHAR NA bPLEANANNA COMHTHÁITE BAINISTITHE FUÍOLLUISCE UIRBIGH
---+IARSCRÍBHINN VI FAISNÉIS DON PHOBAL
---+IARSCRÍBHINN VII
---+IARSCRÍBHINN VIII
English - European Union - Environment -

TREOIR (AE) 2024/3019 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 27 Samhain 2024 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TREOIR (AE) 2024/3019 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Samhain 2024

maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh

(athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 1 Ábhar

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Treoir seo leagtar síos rialacha maidir le bailiú, cóireáil, agus sceitheadh fuíolluisce uirbigh, chun an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint, i gcomhréir le cur chuige na hAon Sláinte Amháin, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) á laghdú de réir a chéile go leibhéil inbhuanaithe lena bhfeabhsófar cothromaíocht fuinnimh na ngníomhaíochtaí bailithe agus cóireála fuíolluisce uirbigh agus lena rannchuideofar leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach. Leagtar síos léi freisin rialacha maidir le rochtain ar shláintíocht do chách, maidir le trédhearcacht earnáil an fhuíolluisce uirbigh agus maidir le faireachas tráthrialta ar pharaiméadair ábhartha sláinte poiblí i bhfuíolluisce uirbeach agus maidir le cur i bhfeidhm an phrionsabail ‘costas an truaillithe ar an truaillitheoir’.

Airteagal 2 Sainmhínithe

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn ‘fuíolluisce uirbeach’ aon cheann díobh seo a leanas:

(a) 

fuíolluisce teaghlaigh;

(b) 

an meascán d’fhuíolluisce teaghlaigh agus fuíolluisce nach fuíolluisce teaghlaigh é;

(c) 

an meascán d’fhuíolluisce teaghlaigh agus rith chun srutha uirbeach;

(d) 

an meascán d’fhuíolluisce teaghlaigh, fuíolluisce nach fuíolluisce teaghlaigh é agus rith chun srutha uirbeach;

(2) 

ciallaíonn ‘fuíolluisce teaghlaigh’ fuíolluisce ó lonnaíochtaí, seirbhísí agus institiúidí cónaitheacha a thagann go príomha ón meitibileacht dhaonna nó ó ghníomhaíochtaí arna ndéanamh in áit chónaithe, nó iad araon;

(3) 

ciallaíonn ‘fuíolluisce nach fuíolluisce teaghlaigh é’ fuíolluisce, seachas fuíolluisce teaghlaigh agus rith chun srutha uirbeach, a sceitear ó áitribh a úsáidtear chun gníomhaíochtaí trádála nó tionsclaíocha nó eacnamaíocha a dhéanamh;

(4) 

ciallaíonn ‘ceirtleán’ limistéar ina bhfuil an daonra arna shloinneadh i gcoibhéis daonra sách ard, bíodh sé comhcheangailte le gníomhaíochtaí eacnamaíocha nó ná bíodh, chun go ndéanfar fuíolluisce uirbeach a bhailiú agus a iompar chuig gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh amháin nó níos mó nó chuig ceann amháin nó níos mó de na pointí sceite deiridh;

(5) 

ciallaíonn ‘rith chun srutha uirbeach’ frasaíocht i gceirtleáin a bhailítear i séaraigh chomhcheangailte nó i séarach amháin ar leithligh;

(6) 

ciallaíonn ‘forshreabhadh uisce stoirme’ fuíolluisce uirbeach neamhchóireáilte a sceitear isteach in uiscí glactha ó shéaraigh chomhcheangailte de dheasca frasaíochta nó de dheasca teipe sa chóras;

(7) 

ciallaíonn ‘córas bailiúcháin’ córas seolphíobán a bhailíonn agus a iompraíonn fuíolluisce uirbeach;

(8) 

ciallaíonn ‘séarach comhcheangailte’ seolphíobán amháin a bhailíonn agus a iompraíonn fuíolluisce uirbeach, lena n-áirítear rith chun srutha uirbeach;

(9) 

ciallaíonn ‘séarach ar leithligh’ seolphíobán a bhailíonn agus a iompraíonn ar leith óna chéile aon cheann díobh seo a leanas:

(a) 

fuíolluisce teaghlaigh;

(b) 

fuíolluisce nach fuíolluisce teaghlaigh é;

(c) 

meascán ina bhfuil fuíolluisce teaghlaigh agus fuíolluisce nach fuíolluisce teaghlaigh é;

(d) 

rith chun srutha uirbeach;

(10) 

ciallaíonn ‘coibhéis daonra 1’ nó ‘(1 p.e.)’ an t-ualach orgánach in-bhithdhíghrádaithe in aghaidh an lae a bhfuil éileamh bitheolaíoch ocsaigine 5 lá (BOD5) aige ar luach 60g ocsaigine in aghaidh an lae;

(11) 

ciallaíonn ‘cóireáil phríomhúil’ fuíolluisce uirbeach a chóireáil trí phróiseas fisiceach nó ceimiceach, nó iad araon, ina ligtear solaid atá ar fuaidreamh a shocrú, nó trí phróisis eile ina laghdaítear BOD5 an fhuíolluisce isteach 20 % ar a laghad roimh an sceitheadh agus ina laghdaítear iomlán na solad atá ar fuaidreamh san fhuíolluisce isteach 50 % ar a laghad;

(12) 

ciallaíonn ‘cóireáil thánaisteach’ fuíolluisce uirbeach a chóireáil trí phróiseas inarb iondúil go ndéantar cóireáil bhitheolaíoch mar aon le síothlú tánaisteach nó próiseas eile lena laghdaítear ábhar orgánach in-bhithdhíghrádaithe ó fhuíolluisce uirbeach;

(13) 

ciallaíonn ‘cóireáil threasach’ fuíolluisce uirbeach a chóireáil trí phróiseas lena laghdaítear nítrigin nó fosfar, nó iad araon, i bhfuíolluisce uirbeach;

(14) 

ciallaíonn ‘cóireáil cheathartha’ fuíolluisce uirbeach a chóireáil trí phróiseas lena laghdaítear speictream leathan micreathruailleán i bhfuíolluisce uirbeach;

(15) 

ciallaíonn ‘sloda’ iarmhar orgánach agus neamhorgánach a thagann ó chóireáil fuíolluisce uirbigh ón ngléasra cóireála fuíolluisce uirbigh, seachas grean, gréisc, smionagar eile agus aon ábhar scagtha ná iarmhair eile ón gcéim réamhchóireála;

(16) 

ciallaíonn ‘eotrófú’ uisce a shaibhriú le cothaithigh, go háirithe le comhdhúile ina bhfuil nítrigin nó fosfar, nó iad araon, lena gcuirtear faoi deara fás luathaithe ar algaí agus ar chineálacha níos airde de phlandaí, rud a chuireann ar sceabha ar bhealach neamh-inmhianaithe cothromaíocht na n-orgánach atá san uisce agus cáilíocht an uisce lena mbaineann;

(17) 

ciallaíonn ‘micreathruailleán’ substaint mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), lena n-áirítear a cuid táirgí díghrádúcháin, de ghnáth a bhíonn sa chomhshaol uisceach, san fhuíolluisce uirbeach nó sa sloda agus ar féidir a mheas gur substaint ghuaiseach í don chomhshaol nó do shláinte an duine ar bhonn na gcritéar ábhartha a leagtar amach i gCodanna 3 agus 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, fiú ar leibhéil ísle tiúchana;

(18) 

ciallaíonn ‘cóimheas caolúcháin’ an cóimheas idir an meán le cúig bliana anuas de shreabhadh bliantúil na n-uiscí glactha ag pointe an sceite agus an meán le cúig bliana anuas de thoirt bhliantúil an fhuíolluisce uirbigh a sceitear isteach in uiscí dromchla;

(19) 

ciallaíonn ‘táirgeoir’ aon mhonaróir, allmhaireoir nó dáileoir a chuireann táirgí ar mhargadh Ballstáit ar bhonn gairmiúil, lena n-áirítear trí bhíthin cianchonarthaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(7) de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );

(20) 

ciallaíonn ‘eagraíocht um fhreagracht tairgeoirí’ eagraíocht a aithnítear go náisiúnta arna bunú chun é a chur ar chumas do tháirgeoirí a n-oibleagáidí faoi Airteagail 9 agus 10 a chomhlíonadh;

(21) 

ciallaíonn ‘sláintíocht’ saoráidí agus seirbhísí chun fual agus faecas daonna a bhainistiú agus a dhiúscairt ar bhealach sábháilte, sláintiúil, slán agus inghlactha go sóisialta agus go cultúrtha, agus chun táirgí míosta a athrú agus a dhiúscairt, lena soláthraítear príobháideachas agus lena n-áirithítear dínit;

(22) 

ciallaíonn ‘frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha’ cumas miocrorgánach teacht slán i láthair leibhéal tiúchana oibreáin fhrithmhiocróbaigh ar gnách gur leor é chun miocrorgánaigh den speiceas céanna a chosc nó a mharú;

(23) 

ciallaíonn ‘Aon Sláinte Amháin’ Aon Sláinte Amháin mar a shainmhínítear é in Airteagal 3, pointe (7), de Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 );

(24) 

ciallaíonn ‘an pobal lena mbaineann’ an pobal a mbeadh éifeacht air nó ar dócha go mbeadh éifeacht air ag cinneadh a bheith déanta chun oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 6, 7 nó 8 den Treoir seo a chur chun feidhme nó a mbeadh leas aige sa chinneadh sin a bheith déanta; chun críocha an tsainmhínithe seo, meastar go bhfuil leas ag eagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann cosaint an chomhshaoil nó cosaint shláinte an duine chun cinn agus a chomhlíonann aon cheanglais faoin dlí náisiúnta;

(25) 

ciallaíonn ‘bithmheán’ aon taca, atá déanta as plaisteach de ghnáth a úsáidtear chun na baictéir a fhorbairt is gá chun fuíolluisce uirbeach a chóireáil;

(26) 

ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ táirge a chur ar fáil den chéad uair ar mhargadh Ballstáit;

(27) 

ciallaíonn ‘ualach’ méid an ábhair in-bhithdhíghrádaithe orgánaigh arna thomhas mar BOD5 i bhfuíolluisce uirbeach, arna shloinneadh in p.e., nó aon truailleán nó aon chothaitheach, arna shloinneadh in aonaid mhaise in aghaidh ama;

(28) 

ciallaíonn ‘córas aonair’ saoráid sláintíochta a bhailíonn, a stórálann, a chóireálann nó a dhiúscraíonn fuíolluisce teaghlaigh ó fhoirgnimh nó ó chodanna d’fhoirgnimh nach bhfuil nasctha le córas bailiúcháin.

Airteagal 3 Córais bhailiúcháin agus an t-ualach ceirtleáin a ríomh
Airteagal 4 Córais aonair
Airteagal 5 Pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh
Airteagal 6 Cóireáil thánaisteach
Airteagal 7 Cóireáil threasach
Airteagal 8 Cóireáil cheathartha
Airteagal 9 Freagracht leathnaithe an táirgeora
Airteagal 10 Na híoscheanglais maidir le heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí
Airteagal 11 Neodracht fuinnimh
Airteagal 12 Comhar trasteorann
Airteagal 13 Dálaí aeráide áitiúla

Airteagal 13

Dálaí aeráide áitiúla

Maidir leis na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a thógtar chun go mbeidh na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 6, 7 agus 8 á gcomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar iad a dhearadh, a thógáil, a oibriú agus a chothabháil ar bhealach a áiritheoidh go bhfeidhmeoidh siad ar bhealach leordhóthanach faoi na gnáthdhálaí aeráide áitiúla uile. Gan dochar do bhearta arna ndéanamh faoi Airteagal 13(1) de Threoir (AE) 2022/2557, déanfar measúnú ar éagsúlachtaí séasúracha an ualaigh agus ar leochaileacht i leith an athraithe aeráide agus cuirfear san áireamh iad agus na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh agus na córais bhailiúcháin á ndearadh, á dtógáil agus á n-oibriú.

Airteagal 14 Sceitheadh fuíolluisce nach fuíolluisce teaghlaigh é
Airteagal 15 Athúsáid uisce agus sceitheadh fuíolluisce uirbigh
Airteagal 16 Fuíolluisce in-bhithdhíghrádaithe nach fuíolluisce teaghlaigh é
Airteagal 17 Faireachas ar fhuíolluisce uirbeach
Airteagal 18 Measúnú riosca agus bainistiú riosca
Airteagal 19 Rochtain ar shláintíocht

Airteagal 19

Rochtain ar shláintíocht

Gan dochar do phrionsabal na coimhdeachta ná do phrionsabal na comhréireachta, agus an dearcadh áitiúil agus réigiúnach agus na himthosca don tsláintíocht á gcur san áireamh acu, déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun rochtain do chách ar shláintíocht a áirithiú, go háirithe do ghrúpaí daoine leochaileacha agus imeallaithe.

Chun na críche sin, faoin 12 Eanáir 2029 déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a) 

daoine nach bhfuil rochtain acu, nó a bhfuil rochtain theoranta acu, ar shaoráidí sláintíochta a shainaithint, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí leochaileacha agus imeallaithe, agus na cúiseanna atá leis an easpa rochtana sin a sholáthar;

(b) 

measúnú a dhéanamh ar na roghanna chun rochtain ar shaoráidí sláintíochta do na daoine sin a fheabhsú;

(c) 

i gcás gach ceirtleáin 10 000 p.e. agus níos mó, spreagadh a thabhairt le go mbunófaí líon leordhóthanach saoráidí sláintíochta i spásanna poiblí, a bheadh inrochtana saor in aisce agus sábháilte, go háirithe do mhná, agus a áirithiú go soláthraítear faisnéis chuí faoi na saoráidí sin don phobal;

(d) 

i gcás gach ceirtleáin 5 000 p.e. agus níos mó, na húdaráis inniúla a spreagadh líon leordhóthanach saoráidí sláintíochta saor in aisce a chur ar fáil i bhfoirgnimh phoiblí, go háirithe i bhfoirgnimh riaracháin;

(e) 

spreagadh a thabhairt go gcuirfí ar fáil saoráidí sláintíochta do chách, saor in aisce nó ar tháille seirbhíse íseal, i mbialanna, i siopaí agus i spásanna príobháideacha comhchosúla a mbeadh rochtain ag an bpobal orthu.

Airteagal 20 Sloda agus aisghabháil acmhainní
Airteagal 21 Faireachán
Airteagal 22 Faisnéis maidir leis an bhfaireachán ar an gcur chun feidhme
Airteagal 23 Cláir náisiúnta cur chun feidhme
Airteagal 24 Faisnéis don phobal
Airteagal 25 Rochtain ar an gceartas
Airteagal 26 Cúiteamh
Airteagal 27 An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 28 An nós imeachta coiste
Airteagal 29 Pionóis
Airteagal 30 Meastóireacht
Airteagal 31 Athbhreithniú

Airteagal 31

Athbhreithniú

Gach cúig bliana, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme na Treorach seo. Ar bhonn na tuarascála sin, féadfaidh an Coimisiún luathrabhadh a sheoladh chuig na Ballstáit a dteipeann orthu nó a bhfuil an baol ann go dteipfidh orthu na cuspóirí agus na spriocdhátaí a leagtar síos in Airteagail 3, 5, 6, 7, 8 agus 11 a bhaint amach.

Airteagal 32 Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha
Airteagal 33 Trasuí
Airteagal 34 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Airteagal 34

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagail 12 agus 13 agus Iarscríbhinní II agus IV ón 1 Lúnasa 2027.

Airteagal 35 Seolaithe

Airteagal 35

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

IARSCRÍBHINN I CEANGLAIS MAIDIR LE FUÍOLLUISCE UIRBEACH




IARSCRÍBHINN I

CEANGLAIS MAIDIR LE FUÍOLLUISCE UIRBEACH

Cuid A

Córais bhailiúcháin

Cuirfidh córais bhailiúcháin san áireamh na ceanglais maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh.

Déanfar córais bhailiúcháin a dhearadh, a thógáil agus a chothabháil i gcomhréir leis an eolas teicniúil is fearr nach mbaineann costais iomarcacha leis, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

— 
toirt agus saintréithe fuíolluisce uirbigh,
— 
sceitheadh fuíolluisce uirbigh, insíothlú agus insreabhadh mícheangailte isteach sna córais bhailiúcháin a chosc,
— 
teorainn a chur le truailliú uiscí glactha a tharlaíonn mar gheall ar fhorshreabhadh uisce stoirme, agus na ceanglais ábhartha in Airteagal 5 agus Iarscríbhinn V á gcur san áireamh.

Cuid B

Sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh isteach in uiscí glactha

1. Déanfar gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a dhearadh nó a mhodhnú ionas gur féidir samplaí ionadaíocha den fhuíolluisce atá ag teacht isteach agus den eisilteach cóireáilte a fháil sula ndéantar é a sceitheadh isteach sna huiscí glactha.

2. Le sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh agus ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a fhreastalaíonn ar cheirtleáin dá dtagraítear in Airteagail 6, 7 agus 8, comhlíonfar na ceanglais i dTábla 1 den Iarscríbhinn seo.

3. Le sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh dá dtagraítear in Airteagal 7(1) nó ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a fhreastalaíonn ar cheirtleáin dá dtagraítear in Airteagal 7(3), chomh maith leis na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 2, comhlíonfar na ceanglais i dTábla 2 den Iarscríbhinn seo, ach amháin i gcásanna ina gcuirtear Airteagal 7(8) i bhfeidhm.

4. Le sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh dá dtagraítear in Airteagal 8(1) nó ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a fhreastalaíonn ar cheirtleáin dá dtagraítear in Airteagal 8(4), comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i dTábla 3 den Iarscríbhinn seo.

5. Le réamhrialacháin agus údaruithe sonracha don sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina n-úsáidtear bithmheáin, áireofar an méid seo a leanas iontu:

— 
tuairisc ar na teicneolaíochtaí ina gcuimsítear bithmheáin a úsáidtear i gcóireáil a dhéantar ag gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh, lena n-áirítear cineál agus toirt na mbithmheán a úsáidtear sa ghléasra agus tuairisc ar na bearta a rinneadh chun scaoileadh bithmheán sa chomhshaol a sheachaint;
— 
oibleagáid buanfhaireachán a dhéanamh ar scaoileadh bithmheán isteach sa chomhshaol agus an scaoileadh sin a chosc;
— 
oibleagáid aon scaoileadh suntasach bithmheán isteach in uiscí glactha a thuairisciú gan mhoill d’údaráis inniúla.

6. Cuirfear i bhfeidhm ceanglais atá níos déine ná na ceanglais a leagtar amach i dTáblaí 1, 2 agus 3 i gcás inar gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na huiscí glactha na ceanglais a leagtar síos i dTreoracha 2000/60/CE, 2008/56/CE, 2008/105/CE agus 2006/7/CE.

7. Déanfar pointí sceite an fhuíolluisce uirbigh a roghnú, a mhéid is féidir, chun na héifeachtaí díobhálacha ar na huiscí glactha a íoslaghdú.

Cuid C

Modhanna chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí

1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirtear i bhfeidhm modh faireacháin a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i bpointí 2 go 5. I gcás inarb ábhartha, comhlíonfaidh gach modh anailíse na híoschritéir feidhmíochta chéanna mar a shainítear iad i dTreoir 2009/90/CE agus i rialacha ábhartha eile.

Féadfar modhanna eile seachas na modhanna sin dá dtagraítear i bpointí 2, 3 agus 4 a úsáid ar choinníoll gur féidir a léiriú go mbaintear amach torthaí coibhéiseacha leis na modhanna eile sin.

Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún an fhaisnéis ábhartha go léir a bhaineann leis an modh faireacháin a cuireadh i bhfeidhm.

2. Déanfar samplaí sreabh-chomhréireacha nó am-bhunaithe thar tréimhse 24 uair an chloig a bhailiú ag an bpointe dea-shainithe chéanna in asraon an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh agus, más gá, in ionraon an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh. Aon samplaí am-bhunaithe a úsáidtear chun faireachán a dhéanamh ar mhicreathruailleáin, áfach, samplaí 48 uair an chloig a bheidh iontu.

Cuirfear i bhfeidhm dea-chleachtais idirnáisiúnta saotharlainne chun díghrádú na samplaí idir tráth a mbailithe agus tráth a n-anailísithe a íoslaghdú.

3. Cinnfear an líon íosta bliantúil samplaí le tógáil de réir mhéid an ghléasra cóireála agus baileofar na samplaí go tráthrialta le linn na bliana:



1 000 go 9 999 p.e.:

Sampla amháin in aghaidh na míosa (féach Nóta 1)

10 000 go 49 999 p.e.:

Dhá shampla in aghaidh na míosa

I gcás micreathruailleán, sampla amháin in aghaidh na míosa

50 000 go 149 999 p.e.:

Sampla amháin in aghaidh na seachtaine.

I gcás micreathruailleán, dhá shampla in aghaidh na míosa

150 000 p.e. nó níos mó:

Dhá shampla in aghaidh na míosa

I gcás micreathruailleán, dhá shampla in aghaidh na míosa

Nóta 1: Maidir le ceirtleáin a mbaineann gníomhaíocht shéasúrach leo, glactar le heatraimh 2 mhí ar a mhéad gan sampláil ar choinníoll go dtógtar samplaí breise le linn mhíonna na gníomhaíochta séasúraí. Tógfar 12 shampla san iomlán i rith na bliana.

4. Glacfar leis go bhfuil an fuíolluisce uirbeach cóireáilte i gcomhréir leis na paraiméadair ábhartha más rud é, maidir le gach paraiméadar ábhartha arna mheas ina aonar, go léiríonn samplaí den uisce go gcomhlíonann sé an luach paraiméadrach ábhartha ar an gcaoi seo a leanas:

(a) 

maidir leis na paraiméadair a shonraítear i dTáblaí 1 agus 3, déantar líon uasta na samplaí ar ceadmhach dóibh gan na ceanglais a chomhlíonadh, arna sloinneadh ina dtiúchan nó ina laghduithe céatadánacha, nó iad araon, a shonrú i dTábla 4;

(b) 

maidir leis na paraiméadair a shonraítear i dTábla 1 arna sloinneadh ina dtiúchan, ní foláir do na samplaí neamh-chomhlíontacha a ghlactar faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin gan imeacht méid diallta is mó ná 100 % ó na luachanna paraiméadracha, ach amháin i gcás an pharaiméadair dá ngairtear iomlán na solad ar fuaidreamh, a bhféadtar glacadh le méideanna diallta suas le 150 % ó na luachanna paraiméadracha ina leith;

(c) 

maidir leis na paraiméadair sin a shonraítear i dTábla 2, tá meán bliantúil na samplaí do gach paraiméadar i gcomhréir leis na luachanna paraiméadracha ábhartha a leagtar amach sa tábla sin; tá feidhm ag na luachanna i gcomhair tiúchana nó i gcomhair chéatadán íosta an laghdaithe;

(d) 

maidir leis na paraiméadair a shonraítear i dTábla 3, is mar gheall ar mhinicíocht na samplála dá dtagraítear i gCuid C, pointe 3, go dtógtar sampla amháin in ionraon an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh agus go dtógtar sampla amháin in asraon an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh lena fhíorú go bhfuil an céatadán íosta arna bhaint i dTábla 3 á chomhlíonadh; úsáidtear meánchéatadán na substaintí go léir arna mbaint sa ríomh, chun a mheas ar baineadh amach an céatadán íosta arna bhaint is gá, is é sin 80 %.

5. Tógfar na samplaí sa chaoi go mbeidh siad ina léiriú ar an truailliú le linn sreabhadh uisce triomaigh. Ní chuirfear san áireamh luachanna foircneacha cháilíocht an uisce i gceist i gcás ar leith nuair is de bharr dálaí neamhghnácha trombháistí iad na luachanna sin.

6. Is ar shamplaí scagtha a dhéanfar anailís ar an sceitheadh ón murlachú; mar sin féin, níor cheart tiúchan iomlán na solad ar fuaidreamh i samplaí uisce neamhscagtha sa sceitheadh sin a bheith níos mó ná 150 mg/l.



Tábla 1: Ceanglais maidir le sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh faoi réir Airteagal 6 den Treoir seo. Beidh feidhm ag na luachanna i gcomhair tiúchana nó i gcomhair chéatadán an laghdaithe.

Paraiméadair

Tiúchan

Céatadán íosta an laghdaithe (féach Nóta 4)

Modh tomhais tagartha

Éileamh bitheolaíoch ar ocsaigin (BOD5 ar 20 oC) gan nítriginiúchán (féach Nóta 1)

25 mg/l O2

70-90

40 faoi Airteagal 6(4)

Sampla atá homaiginithe, neamhscagtha agus neamhscinceáilte. Méid ocsaigine tuaslagtha a chinneadh roimh thréimhse ghoir 5 lá ar 20 oC ± 1 oC i lándorchadas, agus ina diaidh sin. Coscaire nítriginiúcháin a chur leis an sampla

Éileamh ceimiceach ar ocsaigin (COD) (féach Nóta 2)

125 mg/l O2

75

Sampla atá homaiginithe, neamhscagtha agus neamhscinceáilte. Déchrómáit potaisiam

Carbón orgánach iomlán (féach Nóta 2)

37 mg/l

75

EN 1484

Iomlán na solad ar fuaidreamh

35 mg/l (féach Nóta 3)

90 (féach Nóta 3)

— Sampla ionadaíoch a scagadh trí scagaire scannáin 0,45  μm. Triomú ar 105 oC agus meá

— Sampla ionadaíoch a lártheifneoiriú (ar feadh 5 nóiméad ar a laghad ar mheán-luasghéarú 2 800  g go 3 200  g), é a thriomú ar 105 oC agus a mheá

Nóta 1: Féadfar paraiméadar eile a chur in ionad an pharaiméadair: carbón orgánach iomlán (TOC) nó éileamh iomlán ar ocsaigin (TOD) más féidir coibhneas a shuí idir BOD5 agus an paraiméadar ionaid.

Nóta 2: Déanfaidh na Ballstáit an t-éileamh ceimiceach ar ocsaigin (COD) nó an Carbón Orgánach Iomlán a thomhas.

Nóta 3: Tá an ceanglas seo roghnach.

Nóta 4: Laghdú i ndáil le hualach an insiltigh.



Tábla 2: Ceanglais maidir le cóireáil threasach ar sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh dá dtagraítear in Airteagal 7(1) nó ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a fhreastalaíonn ar cheirtleáin dá dtagraítear in Airteagal 7(3). Maidir le sceitheadh ó ionaid chóireála fuíolluisce uirbigh dá dtagraítear in Airteagal 7(1), beidh feidhm ag an dá pharaiméadar. Maidir le ceirtleáin dá dtagraítear in Airteagal 7(3), féadfar paraiméadar amháin nó an dá pharaiméadar a chur i bhfeidhm ag brath ar an staid áitiúil. Beidh feidhm ag na luachanna i gcomhair tiúchana nó i gcomhair chéatadán an laghdaithe.

Paraiméadair

Tiúchan

Céatadán íosta an laghdaithe

(féach Nótaí 1 agus 2)

Modh tomhais tagartha

Fosfar iomlán (féach Nóta 4)

0,7  mg/l (10 000 p.e. agus níos mó ach nach mó ná 150 000 p.e.)

0,5  mg/l (os150 000 p.e. agus níos mó)

87,5 (10 000 p.e. agus níos mó ach nach mó ná 150 000 p.e.)

90 (150 000 p.e. agus níos mó)

Speictreafótaiméadracht ionsúiteacháin mhóilínigh

Nítrigin iomlán (féach Nóta 4)

10 mg/l (10 000 p.e. agus níos mó ach nach mó ná 150 000 p.e.)

8 mg/l (150 000 p.e. agus níos mó)

(féach Nóta 5)

80

(féach Nóta 3)

Speictreafótaiméadracht ionsúiteacháin mhóilínigh

Nóta 1: Laghdú i ndáil le hualach an insiltigh nó leis an ualach a ghintear i gceirtleán más féidir an leibhéal céanna cosanta comhshaoil a áirithiú.

Nóta 2: Má úsáidtear codán den fhuíolluisce uirbeach cóireáilte le haghaidh uisciú talmhaíochta, féadfar cothaithigh sa chodán sin a áireamh i ríomh an ualaigh insiltigh agus féadfar iad a eisiamh ón ualach a sceitear.

▼C1

Nóta 3: I gcásanna eisceachtúla mar gheall ar imthosca áitiúla sonracha, féadfar coinneáil nádúrtha nítrigine a chur san áireamh sna Ballstáit inar cuireadh coinneáil nádúrtha nítrigine san áireamh agus céatadán íosta an laghdaithe nítrigine dá dtagraítear i dTábla 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/271/CEE á ríomh agus i gcás ina léirítear gur féidir cuid den nítrigin a d’eascair as fuíolluisce uirbeach a dhíothú sna huiscí glactha, go dtí an 31 Nollaig 2045 i gcéatadán íosta an laghdaithe nítrigine dá dtagraítear i dTábla 2 den Iarscríbhinn seo a ríomh má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

▼B

(1) 

go bhfuil meán-am coinneála hiodrálach an eisiltigh a sceitear 1.5 bliain ar a laghad sula sroicheann sé an limistéar atá íogair do nítrigin a ainmnítear faoi Airteagal 7(2);

(2) 

go n-áirithítear clár faireacháin agus measúnaithe leanúnaigh ar an bparaiméadar nítrigine iomláin:

(a) 

in asraonta na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh go léir agus i gcás inarb ábhartha sa rith chun srutha uirbeach ó cheirtleáin 10 000 p.e. agus níos mó atá suite i ndobharcheantar an limistéir atá íogair do nítrigin a ainmnítear faoi Airteagal 7(2);

(b) 

sna hionraonta ábhartha den limistéar a ainmnítear faoi Airteagal 7(2);

(c) 

ag na láithreacha samplála ionadaíocha sna huiscí glactha agus sna dobharlaigh ábhartha i ndobharcheantar an limistéir a ainmnítear faoi Airteagal 7(2);

(3) 

go gcomhlíontar céatadán íosta an laghdaithe nítrigine i dTábla 2; go ríomhfar an céatadán sin ar bhonn na sonraí arna mbailiú ón gclár faireacháin agus measúnaithe leanúnaigh dá dtagraítear i bpointe (2);

(4) 

gur féidir a thaispeáint nach ndéanann scaoileadh nítrigine ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh sa dobharcheantar dochar don chomhshaol, lena n-áirítear don bhithéagsúlacht, ná do shláinte an duine agus nach n-athraíonn sé an t-éiceachóras;

(5) 

go gcomhlíonann tiúchan na gcothaitheach sna limistéir dá dtagraítear i bpointe (c) de choinníoll (2) an coinníoll a leagtar síos faoi Iarscríbhinn V.1.2.1 a ghabhann le Treoir 2000/60/CE chun stádas maith éiceolaíoch na limistéar sin a shainiú;

(6) 

go ndéantar úsáid na coinneála nádúrtha nítrigine a thuairisciú don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 22(1)(a), chomh maith leis na Ballstáit chomharsanacha a bhféadfadh éifeacht a bheith orthu, mar aon leis an méid uile is gá chun a fhíorú go bhfuil coinníollacha (1), (2), (3), (4) agus (5) á gcomhlíonadh.

Nóta 4: Beidh feidhm ag an gceanglas seo an 1 Eanáir 2025 maidir le gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh atá ann cheana a bhfuil sé d’oibleagáid orthu na spriocdhátaí a bunaíodh faoi Airteagal 7(1) a chomhlíonadh agus maidir le ceirtleáin faoi Airteagal 7(3). Go dtí go mbainfear na spriocdhátaí sin amach, beidh feidhm ag oibleagáidí Airteagal 32(3) maidir leis na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh sin.

Nóta 5: I gcás ina bhfuil an teocht in eisilteach an imoibreora bhitheolaíoch faoi bhun 12 oC, féadfar torthaí na samplaí a fhaightear a eisiamh ó ríomh an mheáin bhliantúil do nítrigin dá dtagraítear i bpointe (4)(c) de Chuid C den Iarscríbhinn seo i gcás inar féidir an méid seo a leanas ar fad a léiriú:

(1) 

go n-áirithítear nach mbeidh aon éifeacht dhíobhálach ar an gcomhshaol;

(2) 

go mbeadh costais iomarcacha nó ídiú iomarcach fuinnimh ag teastáil chun na luachanna le haghaidh nítrigine i dTábla 2 a bhaint amach.

I gcás ina bhfuil an teocht in eisilteach an imoibreora bhitheolaíoch faoi bhun 5 oC, féadfar torthaí na samplaí a fhaightear a eisiamh ó ríomh an mheáin bhliantúil do nítrigin dá dtagraítear i bpointe (4)(c) de Chuid C den Iarscríbhinn seo.



Tábla 3: Ceanglais maidir le cóireáil cheathartha ar sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh dá dtagraítear in Airteagal 8(1) agus/nó ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a fhreastalaíonn ar cheirtleáin dá dtagraítear in Airteagal 8(4).

Táscairí

An céatadán íosta arna bhaint i ndáil le hualach an insiltigh

Substaintí ar féidir leo uisce a thruailliú fiú ar leibhéil ísle tiúchana (féach Nóta 1)

80 % (féach Nóta 2)

Nóta 1: Déanfar tiúchan na substaintí orgánacha dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) a thomhas.

(a) 

Catagóir 1 (substaintí arb an-éasca iad a chóireáil):

(i) 

Aimi-suilpríd (Uimh. CAS 71675-85-9),

(ii) 

Carbamasaipín (Uimh. CAS 298-46-4),

(iii) 

Ciatailopraim (Uimh. CAS 59729-33-8),

(iv) 

Clairitrimícin (Uimh. CAS 81103-11-9),

(v) 

Déchlóifeineac (Uimh. CAS 15307-86-5),

(vi) 

Hidreaclóraitiaisíd (Uimh. CAS 58-93-5),

(vii) 

Meatoprólól (Uimh. CAS 37350-58-6),

(viii) 

Veanlafaicsín (Uimh. CAS 93413-69-5);

(b) 

Catagóir 2 (substaintí arb éasca iad a dhiúscairt):

(i) 

Beinsi-trí-asól (Uimh. CAS 95-14-7),

(ii) 

Caindiseartán (Uimh. CAS 139481-59-7),

(iii) 

Irbiseartán (Uimh. CAS 138402-11-6),

(iv) 

meascán 4-Meitil-beinsi-trí-asól (Uimh. CAS 29878-31-7) agus 5-meitil- beinsi-trí-asól (Uimh. CAS 136-85-6).

Nóta 2: Ríomhfar an céatadán arna bhaint de réir sreabhadh uisce le linn triomaigh le haghaidh 6 shubstaint ar a laghad. Beidh líon na substaintí i gcatagóir 1 dhá oiread níos líonmhaire ná líon na substaintí i gcatagóir 2. I gcás nach féidir ach níos lú ná 6 shubstaint a thomhas ina dtiúchan leordhóthanach, ainmneoidh an t-údarás inniúil substaintí eile chun ríomh a dhéanamh ar an gcéatadán íosta arna bhaint nuair is gá sin. Le linn an ríomha, bainfear úsáid as meán na gcéatadán sonrach arna mbaint le haghaidh na substaintí aonair go léir chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a baineadh amach an céatadán íosta arna bhaint, is é sin 80 %, nó nár baineadh.



Tábla 4: Ceanglas maidir le samplaí

Sraith samplaí a thógtar in aon bhliain

Líon uasta samplaí ar ceadmhach dóibh gan na ceanglais a chomhlíonadh

4-7

1

8-16

2

17-28

3

29-40

4

41-53

5

54-67

6

68-81

7

82-95

8

96-110

9

111-125

10

126-140

11

141-155

12

156-171

13

172-187

14

188-203

15

204-219

16

220-235

17

236-251

18

252-268

19

269-284

20

285-300

21

301-317

22

318-334

23

335-350

24

351-365

25

IARSCRÍBHINN II LIMISTÉIR ATÁ ÍOGAIR I LEITH AN EOTRÓFAITHE




IARSCRÍBHINN II

LIMISTÉIR ATÁ ÍOGAIR I LEITH AN EOTRÓFAITHE

1. Limistéir atá suite i ndobharcheantair Mhuir Bhailt, na Mara Duibhe, na Mara Thuaidh agus Mhuir Aidriad a sainaithníodh a bheith íogair i leith an eotrófaithe faoi Threoir 2008/56/CE nó 2000/60/CE;

2. Lochanna nádúrtha fionnuisce, dobharlaigh fionnuisce eile, inbhir agus uiscí cósta a bhfaightear amach iad a bheith eotrófach nó a fhéadfaidh a bheith eotrófach go luath amach anseo mura ndéantar beart lena gcosaint.

Cuirfear san áireamh an méid seo a leanas le linn breithniú a dhéanamh ar cé acu cothaitheach ba cheart a laghdú trí bhíthin cóireáil bhreise:

(a) 

lochanna agus srutháin a théann isteach i lochanna/taiscumair/bánna dúnta a bhfaightear amach droch-mhalartú uisce a bheith iontu, a dtarlaíonn carnadh iontu dá bharr. Sna limistéir sin, ba cheart baint an fhosfair a chur ar áireamh ach amháin i gcás inar féidir a léiriú nach mbeadh aon éifeacht ag baint an fhosfair ar leibhéal an eotrófaithe. I gcás sceitheadh ó cheirtleáin mhóra, féadfar féachaint arbh fhiú nítrigin a bhaint freisin;

(b) 

inbhir, bánna agus uiscí cósta eile a bhfaightear amach droch-mhalartú uisce a bheith iontu, nó a nglactar cainníochtaí móra cothaitheach isteach iontu. Is iondúil gur beag an tábhacht a bhaineann le sceitheadh ó cheirtleáin bheaga sna limistéir sin, ach i gcás ceirtleáin mhóra, ba cheart baint an fhosfair nó na nítrigine a chur ar áireamh, nó iad araon, ach amháin i gcás inar féidir a léiriú nach mbeadh aon éifeacht ag baint na n-ábhar sin ar leibhéal an eotrófaithe.

3. Fionnuiscí dromchla a mbeartaítear uisce óil a bhaint astu agus a bhféadfadh tiúchan níotráite a bheith iontu is mó ná an tiúchan níotráite a leagtar síos faoi na forálacha ábhartha de Threoir (AE) 2020/2184 mura ndéantar beart cosanta.

4. Limistéir inar gá cóireáil bhreise seachas an chóireáil dá bhforáiltear in Airteagal 7 den Treoir seo chun gníomhartha eile an Aontais i réimse an chomhshaoil a chomhlíonadh, lena n-áirítear go háirithe dobharlaigh a chumhdaítear le Treoir 2000/60/CE agus ar baolach nach mbeidh siad in ann stádas maith éiceolaíoch nó poitéinseal maith éiceolaíoch a choinneáil ar bun nó a bhaint amach.

5. Aon limistéir eile a bhfaigheann na Ballstáit amach iad a bheith íogair i leith an eotrófaithe.

IARSCRÍBHINN III LIOSTA NA dTÁIRGÍ A CHUMHDAÍTEAR LE FREAGRACHT LEATHNAITHE AN TÁIRGEORA




IARSCRÍBHINN III

LIOSTA NA dTÁIRGÍ A CHUMHDAÍTEAR LE FREAGRACHT LEATHNAITHE AN TÁIRGEORA

1. Táirgí íocshláinte atá lena n-úsáid ag an duine agus a thagann faoi raon feidhme Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 14 ).

2. Táirgí cosmaideacha a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 ).

IARSCRÍBHINN IV EARNÁLACHA TIONSCLAÍOCHA




IARSCRÍBHINN IV

EARNÁLACHA TIONSCLAÍOCHA

1. Próiseáil bainne

2. Monarú táirgí torthaí agus glasraí

3. Monarú agus buidéalú deochanna boga

4. Próiseáil prátaí

5. Tionscal na feola

6. Grúdlanna

7. Táirgeadh alcóil agus deochanna alcólacha

8. Monarú beatha ainmhithe ó tháirgí plandaí

9. Monarú geilitín agus gliú ó sheithí, craiceann agus cnámha

10. Tithe braiche

11. Tionscal próiseála éisc

IARSCRÍBHINN V ÁBHAR NA bPLEANANNA COMHTHÁITE BAINISTITHE FUÍOLLUISCE UIRBIGH




IARSCRÍBHINN V

ÁBHAR NA bPLEANANNA COMHTHÁITE BAINISTITHE FUÍOLLUISCE UIRBIGH

1. Anailís ar staid tosaigh limistéar draenála an cheirtleáin lena mbaineann, lena n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:

(a) 

tuairisc mhionsonraithe ar líonra na gcóras bailiúcháin, ar na hacmhainneachtaí stórála agus iompartha fuíolluisce uirbigh agus ar na hinniúlachtaí stórála agus treoraithe rith chun srutha uirbeach atá sa líonra sin agus ar na hacmhainneachtaí cóireála fuíolluisce atá aige cheana féin i gcás báistí;

(b) 

i gcás séaraigh chomhcheangailte, anailís dhinimiciúil ar shreabha fuíolluisce uirbigh i gcás báistí, bunaithe ar shonraí faireacháin nó ar úsáid samhlacha hidreolaíocha, hiodrálacha agus cáilíochta uisce, lena gcuirtear réamh-mheastacháin aeráide úrscothacha san áireamh agus lena n-áirítear meastachán ar ualaí truaillithe na bparaiméadar dá dtagraítear i dTábla 1 agus, i gcás inarb ábhartha, i dTábla 2 d’Iarscríbhinn I chomh maith le micreaphlaistigh agus truailleáin ábhartha a scaoiltear in uiscí glactha i gcás báistí;

(c) 

i gcás séaraigh ar leithligh, tuairisc mhionsonraithe ar na ceanglais faireacháin ag pointí ábhartha de chórais ar leithligh a meastar go mbeidh sceitheadh truaillithe ó rith chun srutha uirbeach iontu mar a shainaithnítear faoi Airteagal 5(2), pointe (d), chun bearta ábhartha agus indéanta a shainaithint mar a cheanglaítear i bpointe 3 den Iarscríbhinn seo.

2. Cuspóirí laghdú an truaillithe ó fhorshreabhadh uisce stoirme, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a) 

cuspóir neamhcheangailteach táscach go mbeidh forshreabhadh uisce stoirme ina chéatadán beag, nach mó ná 2 % den ualach fuíolluisce uirbigh a bhailítear go bliantúil le linn dálaí aimsire tirime; comhlíonfar an cuspóir neamhcheangailteach táscach sin:

(i) 

faoin 31 Nollaig 2039 i gcás gach ceirtleáin 100 000 p.e. agus níos mó;

(ii) 

faoin 31 Nollaig 2045 i gcás gach ceirtleáin 10 000 p.e. agus níos mó dá dtagraítear in Airteagal (5);

(b) 

laghdú de réir a chéile ar mhacraphlaistigh.

3. Na bearta atá le déanamh chun na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe 2 a bhaint amach i gcomhréir leis na spriocdhátaí a shocraítear sa phointe sin, lena ngabhfaidh amlíne maidir le cur chun feidhme na mbeart agus idirdhealú idir bearta atá i bhfeidhm cheana agus atá fós le déanamh. Sainaithneofar go soiléir freisin na gníomhaithe lena mbaineann agus a gcuid freagrachtaí i gcur chun feidhme an phlean chomhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh.

4. Agus measúnú á dhéanamh acu ar cé na bearta atá le déanamh faoi phointe 3, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a gcuid údarás inniúil breithniú ar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a) 

bearta coisctheacha arb é is aidhm dóibh gan ligean d’uiscí báistí neamhthruaillithe dul isteach sna córais bhailiúcháin, lena n-áirítear bearta lena gcuirtear chun cinn coinneáil nádúrtha an uisce nó bailiú nádúrtha an uisce baistí, agus bearta arb é is aidhm dóibh spásanna glasa agus gorma i limistéir uirbeacha a mhéadú chun forshreabhadh uisce stoirme a laghdú nó arb é is aidhm dóibh dromchlaí neamhscagacha sna ceirtleáin a theorannú;

(b) 

bearta chun bainistiú agus optamú níos fearr a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as an mbonneagar atá ann cheana, lena n-áirítear córais bhailiúcháin, na toirteanna stórála agus gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh, agus é mar aidhm ag na bearta sin a áirithiú go ndéanfar sceitheadh fuíolluisce uirbigh neamhchóireáilte nó rith chun srutha uirbeach truaillithe isteach in uiscí glactha a íoslaghdú;

(c) 

i gcás inar gá chun na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe 2 a bhaint amach, bearta maolúcháin breise lena n-áirítear oiriúnú an bhonneagair a úsáidtear chun fuíolluisce uirbeach a bhailiú, a stóráil agus a chóireáil, mar shampla limistéir uirbeacha nuathógtha a nascadh le séaraigh ar leithligh, i gcás inarb ábhartha, nó bonneagar nua a chruthú agus tosaíocht á tabhairt do bhonneagar glas agus gorm, amhail díoga fásmhara, bogaigh chóireála agus linnte stórála arna ndearadh chun tacú leis an mbithéagsúlacht. I gcás inarb ábhartha, féachfar an bhféadfaí uisce a athúsáid i gcomhthéacs fhorbairt na bpleananna comhtháite bainisithe fuíolluisce uirbigh dá dtagraítear in Airteagal 5.

IARSCRÍBHINN VI FAISNÉIS DON PHOBAL




IARSCRÍBHINN VI

FAISNÉIS DON PHOBAL

(1) an t-údarás inniúil agus an t-oibreoir/na hoibreoirí atá freagrach as seirbhísí bailithe agus cóireála fuíolluisce uirbigh, lena n-áirítear faisnéis maidir le struchtúr úinéireachta na n-oibreoirí agus faisnéis teagmhála dóibh;

(2) ualach iomlán an fhuíolluisce uirbigh arna shloinneadh de réir coibhéis daonra (p.e.)a ghintear sa cheirtleán, maille le sonraí faoin sciar (ina %) den ualach sin:

(a) 

arna bhailiú agus arna chóireáil i ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh;

(b) 

arna chóireáil i gcórais aonair chláraithe;

(c) 

nach ndéantar a bhailiú ná a chóireáil;

(3) i gcás inarb ábhartha, míniú ar na cúiseanna nach ndéantar ualach áirithe fuíolluisce uirbigh a bhailiú nó a chóireáil;

(4) faisnéis faoi cháilíocht an fhuíolluisce uirbigh a sceitear ón gceirtleán isteach i ngach dobharlach glacach, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a) 

meántiúchan bhliantúil agus ualach na dtruailleán a chumhdaítear le hAirteagal 21 agus a scaoiltear ó gach gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh;

(b) 

meastachán ar an ualach a sceitear ó chórais aonair le haghaidh na bparaiméadar dá dtagraítear i dTáblaí 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I;

(c) 

maidir le ceirtleáin os cionn 10 000 p.e., meastachán ar an ualach a sceitear ó shéaraigh chomhcheangailte agus ó fhorshreabhadh uisce stoirme le haghaidh na bparaiméadar dá dtagraítear i dTáblaí 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I;

(5) na costais iomlána bhliantúla infheistíochta agus na costais iomlána bhliantúla oibríochtúla, agus idirdhealú déanta idir na costais bailithe agus cóireála, na costais iomlána bhliantúla a bhaineann le foireann, fuinneamh, tomhaltáin, riarachán agus costais eile chomh maith le meánchostais bhliantúla infheistíochta agus oibríochtúla in aghaidh an mhéadair chiúbaigh d’fhuíolluisce uirbeach a bhailítear agus a chóireáiltear, agus in aghaidh an mheánteaghlaigh i gcás ina ndéantar costais a aisghabháil go hiomlán nó go páirteach trí chóras taraifí uisce nó in aghaidh leibhéal an cheirtleáin i gcásanna eile;

(6) faisnéis faoi conas a chumhdaítear na costais dá dtagraítear i bpointe (5) agus, i gcás ina n-aisghabhtar costais trí chóras taraifí, faisnéis faoi struchtúr na taraife in aghaidh an mhéadair chiúbaigh d’fhuíolluisce uirbeach a bhailítear agus a chóireáiltear, faisnéis faoi struchtúr na taraife in aghaidh an mhéadair chiúbaigh d’fhuíolluisce uirbeach a bhailítear agus a chóireáiltear nó in aghaidh an mhéadair chiúbaigh den uisce a sholáthraítear, lena n-áirítear costais sheasta agus athraitheacha agus miondealú de réir costais an bhailithe, na cóireála, an riaracháin agus costais eile;

(7) pleananna infheistíochta le haghaidh bonneagar bailithe agus cóireála fuíolluisce uirbigh ar leibhéal an cheirtleáin, ina bhfuil na cineálacha tionchair a bheartaítear ar tharaifí ar sheirbhísí fuíolluisce uirbigh agus na tairbhí airgeadais agus sochaíocha atá beartaithe;

(8) i gcás gach gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh 10 000 p.e. agus níos mó:

(a) 

an t-ualach iomlán (de réir p.e.) a chóireáiltear agus an fuinneamh ba ghá chun an fuíolluisce uirbeach a chóireáil (ina mhéid iomlán kWh agus kWh in aghaidh an mhéadair chiúbaigh);

(b) 

an méid iomlán fuinnimh a táirgeadh (GWh/bliain) gach bliain, lena n-áirítear miondealú de réir na foinse fuinnimh;

(9) an méid iomlán astaíochtaí GCT díreacha (ina mhéid coibhéiseach tonaí CO2) a táirgeadh nó a seachnaíodh in aghaidh na bliana trí oibriú an bhonneagair bailithe agus cóireála fuíolluisce uirbigh 10 000 p.e. agus níos mó i ngach ceirtleán agus, i gcás ina bhfuil fáil air, an méid iomlán astaíochtaí GCT indíreacha (ina mhéid coibhéiseach tonaí CO2) a táirgeadh go háirithe le linn an bonneagar sin a bheith á thógáil;

(10) achoimre ar chineál na ngearán a fuarthas agus ar na staitisticí i dtaobh na ngearán, agus ar na freagraí a thug oibreoirí na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh maidir le cúrsaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo;

(11) ar iarraidh réasúnaithe a fháil, tabharfar rochtain do thomhaltóirí ar shonraí stairiúla le haghaidh faisnéis faoi phointí (2), (4), (8) agus (9), ag dul siar suas le 10 mbliana ach gan dul níos faide siar ná an 1 Eanáir 2025.

IARSCRÍBHINN VII




IARSCRÍBHINN VII

Cuid A



Treoir aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh uirthi (dá dtagraítear in Airteagal 32)

Treoir 91/271/CEE ón gComhairle (IO L 135, 30.5.1991, lch. 40)

 

Treoir 98/15/CE ón gCoimisiún (IO L 67, 7.3.1998, lch. 29)

 

Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1)

Iarscríbhinn III, pointe 21 agus an pointe sin amháin

Rialachán (CE) Uimh. 1137/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 311, 21.11.2008, lch. 1)

Iarscríbhinn, pointe 4.2 agus an pointe sin amháin

Treoir 2013/64/AE ón gComhairle (IO L 353, 28.12.2013, lch. 8)

Airteagal 1 agus an tAirteagal sin amháin

Cuid B



Teorainneacha ama don trasuí sa dlí náisiúnta (dá dtagraítear in Airteagal 32)

Treoir

Teorainn ama don trasuí

91/271/CEE

30 Meitheamh 1993

98/15/CE

30 Meán Fómhair 1998

2013/64/AE

an 31 Nollaig 2018 a mhéid a bhaineann le hAirteagal 1(1), (2) agus (3) an 30 Meitheamh 2014 a mhéid a bhaineann le hAirteagal 1(5), pointe (a) an 31 Nollaig 2014 a mhéid a bhaineann le hAirteagal 1(5), pointe (b)

IARSCRÍBHINN VIII




IARSCRÍBHINN VIII



Tábla comhghaoil

Treoir 91/271/CEE

An Treoir seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2, an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 2, an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 2, pointí 1 go 4

Airteagal 2, pointí 1 go 4

—

Airteagal 2, pointí 5 agus 6

Airteagal 2, pointe 5

Airteagal 2, pointe 7

—

Airteagal 2, pointí 8 agus 9

Airteagal 2, pointe 6

Airteagal 2, pointe 10

Airteagal 2, pointe 7

Airteagal 2, pointe 11

Airteagal 2, pointe 8

Airteagal 2, pointe 12

—

Airteagal 2, pointí 13 agus 14

Airteagal 2, pointe 10

Airteagal 2, pointe 15

Airteagal 2, pointe 11

Airteagal 2, pointe 16

—

Airteagal 2, pointí 17 go 28

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(1)

—

Airteagal 3(2) agus (3)

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(4)

Airteagal 3(1), an tríú fomhír

Airteagal 4(1)

—

Airteagal 4(2)

—

Airteagal 4(3)

—

Airteagal 4(4)

—

Airteagal 4(5)

—

Airteagal 4(6)

—

Airteagal 5

Airteagal 4(1)

Airteagal 6(1)

—

Airteagal 6(2)

—

Airteagal 6(3)

–Airteagal 4(2)

Airteagal 6(4)

Airteagal 4(4)

Airteagal 6(5)

—

Airteagal 7(1)

—

Airteagal 7(2)

Airteagal 5(2)

Airteagal 7(3)

—

Airteagal 7(4)

Airteagal 5(3)

7(5)

—

Airteagal 7(6) agus (7)

Airteagal 5(4)

Airteagal 7(8)

Airteagal 5(5)

Airteagal 7(9)

Airteagal 5(7)

Airteagal 7(10)

—

Airteagal 7(11)

—

Airteagal 8

—

Airteagal 9

—

Airteagal 10

—

Airteagal 11

Airteagal 9

Airteagal 12(1) agus (2)

—

Airteagal 12(3)

Airteagal 10

Airteagal 13

Airteagal 11(1)

Airteagal 14(1)

—

Airteagal 14(2)

—

Airteagal 14(3)

—

Airteagal 14(4)

Airteagal 11(3)

Airteagal 14(5)

Airteagal 12(1)

Airteagal 15(1)

Airteagal 12(2)

Airteagal 15(2)

Airteagal 12(3)

Airteagal 15(3)

—

Airteagal 15(4)

Airteagal 13(1)

Airteagal 16(1) agus (2)

—

Airteagal 17

—

Airteagal 18

—

Airteagal 19

Airteagal 14(1)

Airteagal 20(1)

—

Airteagal 20(2)

Airteagal 15(1)

Airteagal 21(1)

—

Airteagal 21(2)

—

Airteagal 21(3) go (6)

—

Airteagal 22

Airteagal 17(1)

Airteagal 23(1)

—

Airteagal 23(2)

Airteagal 17(3)

Airteagal 23(3)

—

Airteagal 23(4)

—

Airteagal 24

—

Airteagal 25

—

Airteagal 26

—

Airteagal 27

Airteagal 18

Airteagal 28

—

Airteagal 29

—

Airteagal 30

—

Airteagal 31

—

Airteagal 32

Airteagal 19

Airteagal 33

—

Airteagal 34

Airteagal 20

Airteagal 35

Iarscríbhinn I(A)

Iarscríbhinn I(A)

Iarscríbhinn I(B)

Iarscríbhinn I(B)

Iarscríbhinn I(C)

—

Iarscríbhinn I(D)

Iarscríbhinn I(C)

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

—

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV

—

Iarscríbhinn V

—

Iarscríbhinn VI

—

Iarscríbhinn VII

—

Iarscríbhinn VIII

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L3019
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.