+Airteagal 5 Seiceálacha sceite
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
---+Airteagal 5 6.
---+Airteagal 5 7.
---+Airteagal 5 8.

Airteagal 5 Seiceálacha sceite

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1.
Oibreoirí agus monaróirí trealaimh ina bhfuil 5 thona de choibhéis CO2 nó níos mó de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I nó 1 chileagram nó níos mó de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II nach bhfuil i gcúir, áiritheoidh siad go scrúdófar an trealamh le haghaidh sceite.

Ní dhéanfar trealamh atá séalaithe go heirméiteach a sheiceáil le haghaidh sceite ar choinníoll go bhfuil lipéad air mar threalamh atá séalaithe go heirméiteach agus go gcomhlíontar leis ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go bhfuil níos lú ná 10 dtona de choibhéis CO2 de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I ann: nó

(b) 

go bhfuil níos lú ná 2 chileagram de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II.

De mhaolú ar an dara fomhír, i gcás ina bhfuil trealamh atá séalaithe go heirméiteach suiteáilte i bhfoirgnimh chónaithe, ní dhéanfar é a sheiceáil le haghaidh sceite i gcás ina bhfuil níos lú ná 3 chileagram de gháis ceaptha teasa fhluairínithe sa trealamh sin ar choinníoll go bhfuil lipéad lena ndeirtear go bhfuil sé séalaithe go heirméiteach.

Ní scrúdófar lascthrealamh leictreach le haghaidh sceite ar choinníoll go gcomhlíontar leis ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go bhfuil ráta cruthaithe sceite níos lú ná 0,1 % in aghaidh na bliana mar a leagtar amach é i sonraíocht theicniúil an mhonaróra agus a lipéadaítear dá réir sin;

(b) 

go bhfuil sé feistithe le feiste faireacháin brú nó dlúis le córas foláirimh uathoibríoch agus é ag feidhmiú;

(c) 

go bhfuil níos lú ná 6 chileagram de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I ann.

Airteagal 5 2.

53Beidh feidhm ag mír 1 maidir le hoibreoirí agus monaróirí an trealaimh dho-aistrithe seo a leanas ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I nó i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II:

(a) 

trealamh cuisniúcháin;

(b) 

trealamh aerchóiriúcháin;

(c) 

teaschaidéil;

(d) 

trealamh cosanta ar dhóiteáin;

(e) 

timthriallta orgánacha de chineál Rankine;

(f) 

lascthrealamh leictreach.

Airteagal 5 3.

Beidh feidhm ag mír 1 maidir le hoibreoirí agus monaróirí an trealaimh shoghluaiste seo a leanas ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I nó i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II:

(a) 

aonaid chuisniúcháin i dtrucailí cuisniúcháin agus leantóirí cuisniúcháin;

(b) 

aonaid chuisniúcháin d’fheithiclí cuisniúcháin saothair éadroim, coimeádáin idirmhódúla, lena n-áirítear coimeádáin chuisniúcháin, agus vaigíní traenacha;

(c) 

trealamh aerchóiriúcháin agus teaschaidéil i bhfeithiclí tromshaothair, veaineanna, innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a úsáidtear in oibríochtaí talmhaíochta, mianadóireachta agus foirgnithe, traenacha, meitreo, tramanna agus aerárthaí.

A mhéid a bhaineann leis an trealamh dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) go (e), agus pointí (a) agus (b) den mhír seo, daoine nádúrtha atá deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 10 a dhéanfaidh na seiceálacha.

Airteagal 5 4.
A mhéid a bhaineann leis an trealamh soghluaiste dá dtagraítear i mír 3, pointe (c), is daoine nádúrtha a bhfuil fianú oiliúna ar a laghad acu i gcomhréir le hAirteagal 10(1), an dara fomhír, a dhéanfaidh na seiceálacha.
Airteagal 5 5.
Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 6 maidir le hoibreoirí trealaimh shoghluaiste faoi mhír 3, pointí (b) agus (c), go dtí an 12 Márta 2027.
Airteagal 5 6.

Cuirfear na seiceálacha sceite dá dtagraítear i mír 1 i gcrích leis an minicíocht seo a leanas:

(a) 

le haghaidh trealaimh ina bhfuil níos lú ná 50 tona de choibhéis CO2 de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I nó níos lú ná 10 gcileagram de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II: gach 12 mhí ar a laghad; nó i gcás ina bhfuil córas aimsithe sceite suiteáilte sa trealamh sin, gach 24 mhí ar a laghad;

(b) 

i gcás trealamh ina bhfuil 50 tona nó níos mó de choibhéis CO2, ach níos lú ná 500 tona de choibhéis CO2 de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I nó 10 gcileagram nó níos mó, ach níos lú ná 100 cileagram de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II: gach 6 mhí ar a laghad nó, i gcás ina bhfuil córas aimsithe sceite suiteáilte sa trealamh sin, gach 12 mhí ar a laghad;

(c) 

i gcás trealamh ina bhfuil 500 tona de choibhéis CO2 nó níos mó de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I nó 100 cileagram nó níos mó de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II: gach 3 mhí ar a laghad nó, i gcás ina bhfuil córas aimsithe sceite suiteáilte sa trealamh sin, gach 6 mhí ar a laghad.

Airteagal 5 7.

Measfar gur comhlíonadh na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 1 maidir le trealamh cosanta ar dhóiteáin dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), ar choinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a) 

go gcomhlíontar leis an gcóras cigireachta atá ann cheana caighdeáin ISO 14520 nó EN 15004; agus

(b) 

go ndéantar cigireacht ar an trealamh cosanta ar dhóiteáin chomh minic agus a éilítear faoi mhír 6.

Measfar na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 1, maidir le trealamh aerchóiriúcháin soghluaiste agus teaschaidéil, dá dtagraítear i mír 3, pointe (c), a bheith comhlíonta ar choinníoll go mbeidh an trealamh aerchóiriúcháin soghluaiste agus na teaschaidéil faoi réir córas cigireachta rialta lena n-áirítear seiceálacha le haghaidh sceitheadh.

Airteagal 5 8.
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ceanglais maidir leis na seiceálacha le haghaidh sceitheadh a dhéanfar i gcomhréir le mír 1 a shainiú do gach cineál trealaimh dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 agus na páirteanna den trealamh is dóchúla sceite a shainaithint. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.02.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0573
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.