|
+Airteagal 5 1. |
Airteagal 5 1.Oibreoirí agus monaróirí trealaimh ina bhfuil 5 thona de choibhéis CO2 nó níos mó de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I nó 1 chileagram nó níos mó de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II nach bhfuil i gcúir, áiritheoidh siad go scrúdófar an trealamh le haghaidh sceite. Ní dhéanfar trealamh atá séalaithe go heirméiteach a sheiceáil le haghaidh sceite ar choinníoll go bhfuil lipéad air mar threalamh atá séalaithe go heirméiteach agus go gcomhlíontar leis ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
go bhfuil níos lú ná 10 dtona de choibhéis CO2 de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I ann: nó
(b)
go bhfuil níos lú ná 2 chileagram de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II. De mhaolú ar an dara fomhír, i gcás ina bhfuil trealamh atá séalaithe go heirméiteach suiteáilte i bhfoirgnimh chónaithe, ní dhéanfar é a sheiceáil le haghaidh sceite i gcás ina bhfuil níos lú ná 3 chileagram de gháis ceaptha teasa fhluairínithe sa trealamh sin ar choinníoll go bhfuil lipéad lena ndeirtear go bhfuil sé séalaithe go heirméiteach. Ní scrúdófar lascthrealamh leictreach le haghaidh sceite ar choinníoll go gcomhlíontar leis ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
go bhfuil ráta cruthaithe sceite níos lú ná 0,1 % in aghaidh na bliana mar a leagtar amach é i sonraíocht theicniúil an mhonaróra agus a lipéadaítear dá réir sin;
(b)
go bhfuil sé feistithe le feiste faireacháin brú nó dlúis le córas foláirimh uathoibríoch agus é ag feidhmiú;
(c)
go bhfuil níos lú ná 6 chileagram de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I ann. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|