|
+Airteagal 7 1. |
Airteagal 7 1.Oibreoirí trealaimh, ar trealamh é lena n-éilítear seiceáil le haghaidh sceitheadh de bhun Airteagal 5(1) bunóidh siad agus coimeádfaidh siad taifid le haghaidh gach píosa trealaimh den sórt sin, ina sonrófar an fhaisnéis seo a leanas:
(a)
cainníocht agus cineál na ngás atá sa trealamh, agus an chainníocht a cuireadh leis le linn na suiteála á cur in iúl ar leithligh, más infheidhme;
(b)
cainníochtaí na ngás a cuireadh leis le linn na cothabhála nó an tseirbhísithe nó de bharr sceitheadh, lena n-áirítear an dáta ar cuireadh na gáis sin leis;
(c)
cainníocht na ngás a aisghabhadh;
(d)
i gcás inar cuireadh gáis leis, cainníochtaí agus cineál na ngás sin agus cibé acu an ndearnadh na cainníochtaí gás a athchúrsáil nó a mhínghlanadh, agus ainm agus seoladh san Aontas don tsaoráid athchúrsála nó mhínghlanta agus, i gcás inarb infheidhme, uimhir an deimhnithe;
(e)
céannacht an ghnóthais a shuiteáil, a sheirbhísigh, a chothabháil agus, i gcás inarb infheidhme, a d'aisghabh, a dheisigh, nó a dhíchoimisiúnaigh an trealamh nó a rinne é a sheiceáil le haghaidh sceitheadh, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, uimhir a dheimhnithe, agus i gcás inar duine dlítheanach é an gnóthas atá freagrach as na hoibríochtaí sin a dhéanamh, idir shonraí aitheantais an ghnóthais agus sonraí aitheantais an duine nádúrtha a dhéanann na hoibríochtaí;
(f)
dátaí agus torthaí na seiceálacha a rinneadh faoi Airteagal 5(1), chomh maith le dátaí agus torthaí aon deisithe sceite;
(g)
más rud é gur díchoimisiúnaíodh an trealamh, na bearta a rinneadh chun na gáis a aisghabháil agus a dhiúscairt. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|