+Airteagal 7 Coimeád taifead
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.
---+Airteagal 7 5.
---+Airteagal 7 6.
|
Airteagal 7 Coimeád taifead
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1.
|
Oibreoirí trealaimh, ar trealamh é lena n-éilítear seiceáil le haghaidh sceitheadh de bhun Airteagal 5(1) bunóidh siad agus coimeádfaidh siad taifid le haghaidh gach píosa trealaimh den sórt sin, ina sonrófar an fhaisnéis seo a leanas:
(a)
cainníocht agus cineál na ngás atá sa trealamh, agus an chainníocht a cuireadh leis le linn na suiteála á cur in iúl ar leithligh, más infheidhme;
(b)
cainníochtaí na ngás a cuireadh leis le linn na cothabhála nó an tseirbhísithe nó de bharr sceitheadh, lena n-áirítear an dáta ar cuireadh na gáis sin leis;
(c)
cainníocht na ngás a aisghabhadh;
(d)
i gcás inar cuireadh gáis leis, cainníochtaí agus cineál na ngás sin agus cibé acu an ndearnadh na cainníochtaí gás a athchúrsáil nó a mhínghlanadh, agus ainm agus seoladh san Aontas don tsaoráid athchúrsála nó mhínghlanta agus, i gcás inarb infheidhme, uimhir an deimhnithe;
(e)
céannacht an ghnóthais a shuiteáil, a sheirbhísigh, a chothabháil agus, i gcás inarb infheidhme, a d'aisghabh, a dheisigh, nó a dhíchoimisiúnaigh an trealamh nó a rinne é a sheiceáil le haghaidh sceitheadh, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, uimhir a dheimhnithe, agus i gcás inar duine dlítheanach é an gnóthas atá freagrach as na hoibríochtaí sin a dhéanamh, idir shonraí aitheantais an ghnóthais agus sonraí aitheantais an duine nádúrtha a dhéanann na hoibríochtaí;
(f)
dátaí agus torthaí na seiceálacha a rinneadh faoi Airteagal 5(1), chomh maith le dátaí agus torthaí aon deisithe sceite;
(g)
más rud é gur díchoimisiúnaíodh an trealamh, na bearta a rinneadh chun na gáis a aisghabháil agus a dhiúscairt.
|
|
Airteagal 7 2.
|
Mura stóráiltear na taifid dá dtagraítear i mír 1 i mbunachar sonraí arna bhunú ag údaráis inniúla na mBallstát, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:
(a)
coimeádfaidh na hoibreoirí dá dtagraítear i mír 1 na taifid dá dtagraítear sa mhír sin go ceann 5 bliana ar a laghad;
(b)
na gnóthais sin a bhfuil na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, pointe (e), á gcur i gcrích acu thar ceann na n-oibreoirí, coimeádfaidh siad cóipeanna de na taifid dá dtagraítear i mír 1 go ceann 5 bliana ar a laghad.
Cuirfear na taifid dá dtagraítear i mír 1 ar fáil, arna iarraidh sin, d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún.
|
|
Airteagal 7 3.
|
Chun críocha Airteagal 11(6), gnóthais a sholáthraíonn gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I nó i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II, bunóidh siad taifid ina mbeidh faisnéis ábhartha maidir le ceannaitheoirí na ngás ceaptha teasa fluairínithe sin agus ina n-áireofar na sonraí seo a leanas:
(a)
uimhir dheimhnithe gach ceannaitheora;
(b)
cainníochtaí na ngás faoi seach a ceannaíodh.
Déanfaidh na gnóthais a sholáthraíonn na gáis na taifid a choimeád ar feadh 5 bliana ar a laghad agus cuirfidh siad na taifid sin ar fáil, arna iarraidh sin, d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún.
|
|
Airteagal 7 4.
|
Chun críche Airteagal 11(7), na gnóthais a dhíolann trealamh nach bhfuil séalaithe go heirméiteach agus a luchtaítear le gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II, coimeádfaidh siad taifid ar an trealamh arna dhíol agus ar na gnóthais dheimhnithe a dhéanfaidh an tsuiteáil. Déanfaidh na gnóthais atá ag díol an trealaimh dá dtagraítear in Airteagal 11(7) na taifid a choimeád ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad agus cuirfidh sé na taifid sin ar fáil, arna iarraidh sin, d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann.
|
|
Airteagal 7 5.
|
Gnóthais a dhéanann substaintí a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, agus atá beartaithe le haghaidh úsáidí díolmhaithe dá dtagraítear in Airteagal 16(2), a tháirgeadh, lena n-áirítear mar sheachtháirge, a chur ar an margadh, a sholáthar nó a fháil, coimeádfaidh siad taifid ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad, de réir mar is infheidhme:
(a)
ainm na substainte nó an mheascáin ina bhfuil substaint den sórt sin;
(b)
an chainníocht a táirgeadh, a allmhairíodh, a onnmhairíodh, a mínghlanadh nó a scriosadh le linn na bliana féilire áirithe;
(c)
an chainníocht a soláthraíodh agus a fuarthas le linn na bliana féilire áirithe, in aghaidh an tsoláthraí nó an ghlacadóra aonair;
(d)
ainmneacha agus sonraí teagmhála na soláthróirí nó na nglacadóirí;
(e)
an chainníocht a úsáideadh le linn na bliana féilire áirithe agus lena sonraítear an úsáid iarbhír; agus
(f)
an chainníocht a stóráladh an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig sa bhliain féilire áirithe.
Coimeádfaidh na gnóthais na taifid dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar feadh 5 bliana ar a laghad tar éis an táirgthe, an chur ar an margadh, an tsoláthair nó na fála, agus cuirfidh siad ar fáil iad, arna iarraidh sin, d’údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún. Áiritheoidh na húdaráis inniúla sin agus an Coimisiún rúndacht na faisnéise atá sna taifid sin.
|
|
Airteagal 7 6.
|
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, leagan amach na dtaifead dá dtagraítear i míreanna 1, 3, 4 agus 5 a chinneadh agus an bealach ar cheart iad a bhunú agus a choimeád a shonrú. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.02.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0573
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|