+Airteagal 10 Deimhniúchán agus oiliúint
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
---+Airteagal 10 5.
---+Airteagal 10 6.
---+Airteagal 10 7.
---+Airteagal 10 8.
---+Airteagal 10 9.
---+Airteagal 10 10.
---+Airteagal 10 11.
---+Airteagal 10 12.
---+Airteagal 10 13.
---+Airteagal 10 14.

Airteagal 10 Deimhniúchán agus oiliúint

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 10 1.

Deimhneofar daoine nádúrtha chun tabhairt faoi na gníomhaíochtaí seo a leanas ina n-úsáidtear gáis ceaptha teasa fhluairínithe de réir bhrí Airteagal 4(7), Airteagal 5(1) agus Airteagal 8(1), lena gcumhdaítear na gáis ceaptha teasa fhluairínithe a shonraítear sna hAirteagail sin nó ina gcuimsítear roghanna malartacha ábhartha ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe, lena n-áirítear cuisneáin nádúrtha:

▼B

(a) 

an trealamh a liostaítear in Airteagal 5(2), pointí (a) go (f), agus in Airteagal 5(3), pointí (a) agus (b), a shuiteáil, a chothabháil nó a sheirbhísiú, a dheisiú nó a dhíchoimisiúnú;

(b) 

seiceálacha le haghaidh sceitheadh ar an trealamh dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointí (a) go (e), agus in Airteagal 5(3), pointí (a) agus (b);

(c) 

aisghabháil ó threalamh a liostaítear in Airteagal 8(2), agus in Airteagal 8(3), pointe (a).

Beidh fianú oiliúna ar a laghad ag daoine nádúrtha chun tabhairt faoi na gníomhaíochtaí seo a leanas ina n-úsáidtear gáis ceaptha teasa fhluairínithe de réir bhrí Airteagal 4(7), Airteagal 5(1), Airteagal 8(1), agus Airteagal 8(10), lena gcumhdaítear na gáis ceaptha teasa fhluairínithe a shonraítear sna hAirteagail sin agus roghanna malartacha ábhartha ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe, lena n-áirítear cuisneáin nádúrtha, i gcás inarb ábhartha:

(a) 

trealamh aerchóiriúcháin i mótarfheithiclí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2006/40/CE a chothabháil nó a sheirbhísiú, nó a dheisiú, agus gáis ceaptha teasa fhluairínithe a aisghabháil ón trealamh sin;

(b) 

gáis ceaptha teasa fhluairínithe a aisghabháil ó threalamh a liostaítear in Airteagal 8(3), pointí (b) agus (c), agus in Airteagal 8(10), an dara fhomhír;

(c) 

an trealamh a liostaítear in Airteagal 5(3), pointe (c), a chothabháil nó a sheirbhísiú, a dheisiú agus a sheiceáil le haghaidh sceitheadh.

Airteagal 10 2.
Deimhneofar daoine dlítheanacha de réir bhrí Airteagal 4(7), lena gcumhdaítear na gáis ceaptha teasa fhluairínithe a shonraítear san Airteagal sin, chun an trealamh a liostaítear in Airteagal 5(2), pointí (a) go (e), agus in Airteagal 5(3), pointí (a) agus (b), a shuiteáil, a chothabháil nó a sheirbhísiú, a dheisiú nó a dhíchoimisiúnú, ar trealamh é ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe agus roghanna malartacha ábhartha ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe, lena n-áirítear cuisneáin nádúrtha, i gcás inarb ábhartha.
Airteagal 10 3.
Laistigh de 1 bhliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 8, déanfaidh na Ballstáit cláir dheimhniúcháin a bhunú nó a oiriúnú, lena n-áirítear próisis mheastóireachta, agus áiritheoidh siad go mbeidh oiliúint ar scileanna praiticiúla agus ar eolas teoiriciúil ar fáil do dhaoine nádúrtha a dhéanann na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbeidh fáil ar chláir oiliúna chun fianuithe oiliúna a bhaint amach i gcomhréir le mír 1, an dara fomhír.
Airteagal 10 4.
Laistigh de 1 bhliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 8, déanfaidh na Ballstáit cláir dheimhniúcháin a bhunú nó a oiriúnú do dhaoine dlítheanacha dá dtagraítear i mír 2.
Airteagal 10 5.

Cumhdófar an méid seo a leanas leis na cláir dheimhniúcháin agus leis an oiliúint ar scileanna praiticiúla agus eolas teoiriciúil dá bhforáiltear i mír 3:

(a) 

na rialacháin agus na caighdeáin theicniúla is infheidhme;

(b) 

astaíochtaí a chosc;

(c) 

gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II, a aisghabháil;

(d) 

trealamh den chineál agus den toirt a chumhdaítear faoin deimhniú a láimhsiú go sábháilte;

(e) 

trealamh ina bhfuil gáis inadhainte nó thocsaineacha, nó a oibríonn faoi ardbhrú, a láimhsiú go sábháilte nó a bhfuil rioscaí ábhartha eile ag baint leis;

(f) 

na bearta chun éifeachtúlacht fuinnimh trealaimh a fheabhsú nó a chothabháil le linn suiteála, nó cothabhála nó seirbhísithe.

Airteagal 10 6.
Na cláir dheimhniúcháin agus an oiliúint ar scileanna praiticiúla agus eolas teoiriciúil dá bhforáiltear i mír 3 agus a bhaineann le haerárthaí, léireofar iad sa phróiseas chun nuashonrú a dhéanamh ar na sonraíochtaí deimhniúcháin agus sonraíochtaí mionsonraithe eile, modhanna inghlactha comhlíonta agus ábhar treorach arna eisiúint ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa de bhun Airteagal 76(3) agus Airteagal 115 de Rialachán (AE) 2018/1139.
Airteagal 10 7.
Deimhnithe faoi na cláir dheimhniúcháin dá dtagraítear i mír 3, beidh siad faoi réir an choinníll go bhfuil próiseas meastóireachta dá dtagraítear sa mhír sin curtha i gcrích go rathúil ag an iarratasóir.
Airteagal 10 8.
Faoin 12 Márta 2026, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na híoscheanglais do chláir dheimhniúcháin agus d’fhianuithe oiliúna dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 a bhunú le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1. Leis na ceanglais íosta sin, sonrófar, do gach cineál trealaimh dá dtagraítear i mír 1, na scileanna praiticiúla agus an t-eolas teoiriciúil a theastaíonn, agus idirdhealú á dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, idir gníomhaíochtaí éagsúla a bheidh le cumhdach, socruithe an deimhnithe nó an fhianaithe, mar aon leis na coinníollacha chun aitheantas frithpháirteach a thabhairt do dheimhnithe agus d’fhianuithe oiliúna. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na híoscheanglais sin a oiriúnú, i gcás inar gá. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).
Airteagal 10 9.
Beidh na deimhnithe agus na fianuithe oiliúna a eisíodh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 bailí i gcónaí, i gcomhréir leis na coinníollacha faoinar eisíodh an chéad lá iad. Faoin 12 Márta 2027, áiritheoidh na Ballstáit go gceanglófar ar dhaoine nádúrtha deimhnithe páirt a ghlacadh i gcúrsaí athnuachana nó próiseas meastóireachta dá dtagraítear i mír 3 a chur i gcrích gach 7 mbliana ar a laghad. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh daoine nádúrtha a bhfuil deimhniú nó fianú oiliúna acu faoi Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 rannpháirteach sna cúrsaí athnuachana sin nó go gcuirfidh siad próisis mheastóireachta den sórt sin i gcrích den chéad uair tráth nach déanaí ná an 12 Márta 2029.
Airteagal 10 10.
Laistigh de 1 bhliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme faoi mhír 8 tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir lena gcláir dheimhniúcháin agus oiliúna.

Aithneoidh na Ballstáit deimhnithe agus fianuithe oiliúna arna n-eisiúint i mBallstát eile i gcomhréir leis an Airteagal seo. Ní chuirfidh siad srian leis an tsaoirse maidir le seirbhísí a chur ar fáil nó leis an tsaoirse bhunaíochta de bhrí gur eisíodh deimhniú i mBallstát eile.

Airteagal 10 11.
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, leagan amach an fhógra dá dtagraítear i mír 10 a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).
Airteagal 10 12.
Ní dhéanfaidh gnóthas gníomhaíocht dá dtagraítear i mír 1 nó 2 a shannadh do ghnóthas eile, ach amháin tar éis dó a fhíorú go bhfuil na deimhnithe is gá ag an ngnóthas eile sin maidir leis na gníomhaíochtaí is gá dá dtagraítear i mír 1 nó 2, faoi seach.
Airteagal 10 13.
I gcás ina gcuirfeadh na hoibleagáidí faoin Airteagal seo maidir le deimhniú agus oiliúint a chur ar fáil ualach díréireach ar Bhallstát i ngeall ar dhaonra beag a bheith sa Bhallstát sin agus i ngeall ar an easpa éilimh a bheadh ar an deimhniú sin agus ar an oiliúint sin dá bharr, féadfar na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh trí aitheantas a thabhairt do dheimhnithe a eisítear i mBallstáit eile.

Na Ballstáit a chuirfidh an chéad fhomhír i bhfeidhm, cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas ina dhiaidh sin.

Airteagal 10 14.
Ní chuirfidh aon ní san Airteagal seo cosc ar na Ballstáit tuilleadh cláir dheimhniúcháin agus oiliúna a chur ar bun i dtaca le trealamh agus gníomhaíochtaí eile seachas an trealamh agus na gníomhaíochtaí sin dá dtagraítear i mír 1.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.02.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0573
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.