+Airteagal 11 Srianta maidir le cur ar an margadh den chéad uair agus díolachán
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 11 5.
---+Airteagal 11 6.
---+Airteagal 11 7.
---+Airteagal 11 8.

Airteagal 11 Srianta maidir le cur ar an margadh den chéad uair agus díolachán

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 11 1.
Cuirfear toirmeasc ar tháirgí agus trealamh, lena n-áirítear páirteanna díobh, a liostaítear in Iarscríbhinn IV, a chur ar an margadh, le díolúine do threalamh míleata, ón dáta arna shonrú san Iarscríbhinn sin, agus i gcás inarb infheidhme, déanfar idirdhealú de réir chineál nó de réir acmhainneacht téimh dhomhanda an gháis atá ann.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ceadaítear páirteanna de tháirgí agus de threalamh is gá chun trealamh atá ann cheana a liostaítear in Iarscríbhinn IV a dheisiú agus a sheirbhísiú a chur ar an margadh ar choinníoll nach mbeidh an méid seo a leanas mar thoradh ar an deisiú nó ar an seirbhísiú:

(a) 

méadú ar acmhainneacht an táirge nó an trealaimh;

(b) 

méadú ar an méid gáis ceaptha teasa fhluairínithe atá sa táirge nó sa trealamh; nó

(c) 

athrú ar chineál an gháis ceaptha teasa fhluairínithe a úsáidtear as a n-eascródh méadú ar acmhainneacht téimh dhomhanda an gháis ceaptha teasa fhluairínithe a úsáidtear.

Táirgí agus trealamh, lena n-áirítear páirteanna díobh, a chuirtear ar an margadh go neamhdhleathach tar éis an dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ní dhéanfar iad a úsáid, a sholáthar nó a chur ar fáil do dhaoine eile san Aontas ina dhiaidh sin, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce, nó ní dhéanfar iad a onnmhairiú. Ceadaítear táirgí agus trealamh den sórt sin a athonnmhairiú i gcás ina suitear neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo ina leith sula scaoiltear earraí i saorchúrsaíocht chun críche allmhairithe, i gcomhréir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 23(12). Ní fhéadfar táirgí agus trealamh den sórt sin a stóráil nó a iompar ach amháin lena ndiúscairt ina dhiaidh sin agus leis an ngás a aisghabháil roimh an diúscairt de bhun Airteagal 8 nó lena n-athonnmhairiú.

Ceadaítear athonnmhairiú táirgí agus trealaimh a shuitear neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo ina leith sula scaoiltear i saorchúrsaíocht iad. I gcásanna den sórt sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 22(3).

Aon bhliain amháin tar éis na ndátaí aonair a liostaítear in Iarscríbhinn IV, ní cheadófar táirgí nó trealamh a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh an dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a sholáthar nó a chur ar fáil do dhuine eile san Aontas ina dhiaidh sin, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce, ach amháin má chuirtear fianaise ar fáil gur cuireadh an táirge nó an trealamh ar an margadh go dleathach roimh an dáta sin.

Airteagal 11 2.
Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar amach i mír 1, an chéad fhomhír, maidir le trealamh a bhfuil sé bunaithe ina leith, de bhun ceanglais éicidhearthóireachta a glacadh faoi Threoir 2009/125/CE, go mbeadh na hastaíochtaí coibhéiseacha CO2 ina shaolré níos ísle ná na hastaíochtaí sin a bheadh mar thoradh ar threalamh coibhéiseach a chomhlíonann na ceanglais éicidhearthóireachta ábhartha sin.
Airteagal 11 3.
I dteannta na dtoirmeasc maidir le cur ar an margadh a leagtar amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IV, cuirfear toirmeasc ar choimeádáin nach féidir a athlíonadh le haghaidh gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II, bíodh siad folamh nó lán, go páirteach nó go hiomlán, a allmhairiú, a úsáid nó a onnmhairiú, agus cuirfear toirmeasc ar aon soláthar coimeádán den sórt sin ina dhiaidh sin nó ar choimeádáin den sórt sin a chur ar fáil do dhuine eile laistigh den Aontas, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce. Ní fhéadfar na coimeádáin sin a stóráil nó a iompar ach amháin chun iad a dhiúscairt ina dhiaidh sin. Níl feidhm ag an mír seo maidir le coimeádáin a úsáidtear chun críocha úsáidí saotharlainne nó anailíseacha gás ceaptha teasa fluairínithe.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le coimeádáin nach féidir a athlíonadh, eadhon na coimeádáin seo a leanas:

(a) 

coimeádáin nach féidir a athlíonadh gan iad a oiriúnú chun na críche sin; agus

(b) 

coimeádáin a d’fhéadfaí a athlíonadh ach a allmhairítear nó a chuirtear ar an margadh gan foráil a bheith déanta go gcuirfear ar ais iad lena n-athlíonadh.

Airteagal 11 4.
Gnóthais a chuireann coimeádáin is féidir a athlíonadh le haghaidh gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar an margadh, soláthróidh siad dearbhú comhréireachta ina mbeidh fianaise lena ndeimhnítear go bhfuil socruithe ceangailteacha i bhfeidhm chun na coimeádáin sin a thabhairt ar ais chun críche athlíonta, go háirithe na gníomhaithe ábhartha, a ngealltanais éigeantacha agus na socruithe lóistíochta ábhartha a shainaithint. Beidh na socruithe sin ina gceangal ar dháileoirí na gcoimeádán is féidir a athlíonadh le haghaidh gáis ceaptha teasa fhluairínithe chuig an úsáideoir deiridh.

Coinneoidh na gnóthais dá dtagraítear sa chéad fhomhír an dearbhú comhréireachta ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad ón tráth a chuirtear na coimeádáin is féidir a athlíonadh le haghaidh gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar an margadh den chéad uair agus cuirfear an dearbhú sin ar fáil, arna iarraidh sin, d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún. Coinneoidh soláthróirí na gcoimeádán is féidir a athlíonadh le haghaidh gáis ceaptha teasa fhluairínithe d’úsáideoirí deiridh fianaise ar chomhlíonadh na socruithe ceangailteacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad ón tráth a sholáthraítear iad don úsáideoir deiridh agus cuirfear an fhianaise sin ar fáil, arna iarraidh sin, d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún.

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na ceanglais a chinneadh maidir leis na heilimintí atá riachtanach do na socruithe ceangailteacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a áireamh sa dearbhú comhréireachta. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Airteagal 11 5.

Tar éis iarraidh ar tugadh bunús leis a fháil ó údarás inniúil Ballstáit, agus cuspóirí an Rialacháin seo á gcur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn eisceachtúil, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, díolúine ar feadh suas go dtí 4 bliana a údarú ionas gur ceadmhach táirgí agus trealamh a liostaítear in Iarscríbhinn IV a chur ar an margadh, nó, de mhaolú ar Airteagal 13(9), lascthrealamh leictreach nua nó leathnaithe a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear páirteanna díobh, ar táirgí agus trealamh iad ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin, más rud é go léirítear:

(a) 

i gcás táirge sonrach nó píosa trealaimh sonrach, nó i gcás catagóir sonrach táirgí nó trealaimh, nach bhfuil roghanna malartacha ar fáil, nó nach féidir úsáid a bhaint astu ar chúiseanna teicniúla nó sábháilteachta; nó

(b) 

go mbeadh costas díréireach ag baint le húsáid roghanna malartacha atá indéanta go teicniúil agus atá sábháilte.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Airteagal 11 6.
Daoine nádúrtha a bhfuil deimhniú acu a éilítear faoi Airteagal 10(1), an chéad fhomhír, pointe (a), nó gnóthais a fhostaíonn daoine nádúrtha a bhfuil deimhniú acu a éilítear faoi Airteagal 10(1), an chéad fhomhír, pointe (a), nó fianú oiliúna a éilítear faoi Airteagal 10(1), an dara fomhír, ní cheadófar ach do na gnóthais sin amháin gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I nó i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II a cheannach chun an trealamh ina bhfuil na gáis sin, nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin, a shuiteáil, a chothabháil nó a sheirbhísiú, nó a dheisiú, ar trealamh é dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointí (a) go (f), agus Airteagal 5(3), pointí (a) agus (b), agus a chumhdaítear faoi Airteagal 10(1), an dara fomhír. Déanfaidh díoltóirí na gáis sin a dhíol nó a thairiscint lena ndíol, go díreach nó go hindíreach, go heisiach leis na gnóthais dá dtagraítear sa mhír seo.

Leis an mír seo, ní dhéanfar gnóthais neamhdheimhnithe nach ndéanann na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chosc ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II, a bhailiú, a iompar nó a sheachadadh.

Airteagal 11 7.
Trealamh nach bhfuil séalaithe go heirméiteach, a luchtaítear le gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II, ní fhéadfar é a dhíol ach le húsáideoir deiridh i gcás ina gcuirfear fianaise ar fáil gurb é gnóthas atá deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 10 a chuirfidh an tsuiteáil i gcrích.
Airteagal 11 8.
Ní cheadófar ach do ghnóthais a bhfuil bunaíocht laistigh den Aontas acu, nó a bhfuil ionadaí aonair ceaptha acu a bhfuil bunaíocht laistigh den Aontas acu agus a ghlacann freagracht iomlán as comhlíonadh an Rialacháin seo, bulcgháis ceaptha teasa fhluairínithe a chur ar an margadh agus a sholáthar ina dhiaidh sin. Féadfaidh an t-ionadaí aonair a bheith mar an t-ionadaí ceaptha de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.02.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0573
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.