+Airteagal 13 Úsáid a rialú
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 4.
---+Airteagal 13 5.
---+Airteagal 13 6.
---+Airteagal 13 7.
---+Airteagal 13 8.
---+Airteagal 13 9.
---+Airteagal 13 10.
---+Airteagal 13 11.
---+Airteagal 13 12.
---+Airteagal 13 13.
---+Airteagal 13 14.
---+Airteagal 13 15.
---+Airteagal 13 16.
---+Airteagal 13 17.
---+Airteagal 13 18.
---+Airteagal 13 19.
---+Airteagal 13 20.

Airteagal 13 Úsáid a rialú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 13 1.
Cuirfear toirmeasc ar úsáid SF6 i dteilgean dísle agus in athchúrsáil cóimhiotal teilgin dísle maignéisiam.
Airteagal 13 2.
Cuirfear toirmeasc ar úsáid SF6 chun boinn feithiclí a líonadh.
Airteagal 13 3.
Cuirfear toirmeasc ar úsáid gás ceaptha teasa fluairínithe, a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda de 2 500 nó níos mó acu, chun trealamh cuisniúcháin, ag a bhfuil méid luchta arb ionann é agus 40 tona de choibhéis CO2 nó níos mó, a sheirbhísiú nó a chothabháil. Ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, cuirfear toirmeasc ar úsáid gás ceaptha teasa fluairínithe, a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda de 2 500 nó níos mó acu, chun aon trealamh cuisniúcháin a chothabháil nó a sheirbhísiú.

Ní bheidh feidhm ag na toirmisc dá dtagraítear sa chéad fhomhír maidir le trealamh míleata nó maidir le trealamh atá beartaithe le feidhmeanna arna gceapadh chun táirgí a fhuarú chuig teocht faoi – 50 °C.

Ní bheidh feidhm ag na toirmisc dá dtagraítear sa chéad fhomhír maidir leis na catagóirí gás ceaptha teasa fluairínithe seo a leanas go dtí an 1 Eanáir 2030:

(a) 

gáis ceaptha teasa fhluairínithe mhínghlanta a liostaítear in Iarscríbhinn I ag a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda de 2 500 nó níos mó a úsáidtear i gcomhair trealamh cuisniúcháin atá ann cheana a chothabháil nó a sheirbhísiú, ar choinníoll go ndearnadh na coimeádáin ina bhfuil na gáis sin a lipéadú i gcomhréir le hAirteagal 12(7);

(b) 

gáis ceaptha teasa fhluairínithe athchúrsáilte a liostaítear in Iarscríbhinn I a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda de 2 500 nó níos mó acu agus a úsáidtear i gcomhair trealamh cuisniúcháin atá ann cheana a chothabháil nó a sheirbhísiú, ar choinníoll gur aisghabhadh ón trealamh sin iad; ní úsáidfidh ach an gnóthas a rinne gáis athchúrsáilte den sórt sin a aisghabháil mar chuid de chothabháil nó de sheirbhísiú nó an gnóthas dá ndearnadh an aisghabháil mar chuid de chothabháil nó de sheirbhísiú iad.

Ní bheidh feidhm ag na toirmisc dá dtagraítear sa chéad fhomhír maidir le trealamh cuisniúcháin ar deonaíodh díolúine ina thaobh i gcomhréir le hAirteagal 11(5).

Airteagal 13 4.
Ón 1 Eanáir 2026, cuirfear toirmeasc ar úsáid gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, ag a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda de 2 500 nó níos mó, chun trealamh aerchóiriúcháin agus teaschaidéil a chothabháil nó a sheirbhísiú.

Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc dá dtagraítear sa chéad fhomhír maidir leis na catagóirí gás ceaptha teasa fluairínithe seo a leanas go dtí an 1 Eanáir 2032:

(a) 

gáis ceaptha teasa fhluairínithe mhínghlanta a liostaítear in Iarscríbhinn I ag a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda de 2 500 nó níos mó agus a úsáidtear i gcomhair trealamh aerchóiriúcháin agus teaschaidéil atá ann cheana a chothabháil nó a sheirbhísiú, ar choinníoll go ndearnadh na coimeádáin ina bhfuil na gáis sin a lipéadú i gcomhréir le hAirteagal 12(7);

(b) 

gáis ceaptha teasa fhluairínithe athchúrsáilte a liostaítear in Iarscríbhinn I ag a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda de 2 500 nó níos mó agus a úsáidtear i gcomhair trealamh aerchóiriúcháin agus teaschaidéil atá ann cheana a chothabháil nó a sheirbhísiú, ar choinníoll gur aisghabhadh na gáis sin ón trealamh sin; ní úsáidfidh ach an gnóthas a rinne gáis athchúrsáilte den sórt sin a aisghabháil mar chuid de chothabháil nó de sheirbhísiú nó an gnóthas dá ndearnadh an aisghabháil mar chuid de chothabháil nó de sheirbhísiú iad.

Airteagal 13 5.
Ón 1 Eanáir 2032 ar aghaidh, cuirfear toirmeasc ar úsáid gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, ag a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda de 750 nó níos mó, le haghaidh trealamh cuisniúcháin do-aistrithe, cé is moite d’fhuaraitheoirí, a chothabháil agus a sheirbhísiú.

Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc dá dtagraítear sa chéad fhomhír maidir le trealamh míleata nó maidir le trealamh atá beartaithe le feidhmeanna arna gceapadh chun táirgí a fhuarú chuig teocht faoi – 50 °C nó trealamh atá beartaithe le feidhmeanna arna gceapadh chun gléasraí cumhachta núicléiche a fhuarú.

Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc dá dtagraítear sa chéad fhomhír maidir leis na catagóirí gás ceaptha teasa fluairínithe seo a leanas:

(a) 

gáis ceaptha teasa fhluairínithe mhínghlanta a liostaítear in Iarscríbhinn I, ag a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda de 750 nó níos mó agus a úsáidtear i gcomhair trealamh cuisniúcháin do-aistrithe atá ann cheana a chothabháil nó a sheirbhísiú, cé is moite d’fhuaraitheoirí, ar choinníoll go ndearnadh na coimeádáin ina bhfuil na gáis sin a lipéadú i gcomhréir le hAirteagal 12(7);

(b) 

gáis ceaptha teasa fhluairínithe athchúrsáilte a liostaítear in Iarscríbhinn I, a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda de 750 nó níos mó acu agus a úsáidtear i gcomhair trealamh cuisniúcháin do-aistrithe atá ann cheana, cé is moite d’fhuaraitheoirí, a chothabháil nó a sheirbhísiú, ar choinníoll gur aisghabhadh na gáis sin ón trealamh sin; ní úsáidfidh ach an gnóthas a rinne gáis athchúrsáilte den sórt sin a aisghabháil mar chuid de chothabháil nó de sheirbhísiú, nó an gnóthas dá ndearnadh an aisghabháil mar chuid de chothabháil nó de sheirbhísiú iad.

Airteagal 13 6.
Tar éis iarraidh a bhfuil bunús léi a fháil ó údarás inniúil de chuid Ballstáit agus cuspóirí an Rialacháin seo á gcur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar infhaighteacht na ngás ceaptha teasa fluairínithe atá mínghlanta agus athchúrsáilte a thagann faoi raon feidhme mhír 4 agus mhír 5. I gcás ina léirítear le measúnú ón gCoimisiún ganntanas fíoraithe gáis ceaptha teasa fhluairínithe mhínghlanta agus athchúrsáilte, féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn eisceachtúil, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, díolúine ó na toirmisc a leagtar amach i mír 4 nó 5 a údarú, suas le 4 bliana, a mhéid is gá chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas arna shainaithint. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).
Airteagal 13 7.

Ón 1 Eanáir 2035, cuirfear toirmeasc ar SF6 a úsáid chun lascthrealamh leictreach a chothabháil nó a sheirbhísiú ach amháin i gcás ina bhfuil sí mínghlanta nó athchúrsáilte, seachas má chruthaítear, maidir le SF6 mínghlanta nó athchúrsáilte:

(a) 

nach féidir iad a úsáid ar fhorais theicniúla; nó

(b) 

nach bhfuil siad ar fáil i gcás éigeandáil deisithe.

I gcásanna den sórt sin, cuirfidh an t-úsáideoir fianaise ar fáil, arna iarraidh sin, d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún ina leagfar amach an bonn cirt atá lena úsáid.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le trealamh míleata.

Airteagal 13 8.
Cuirfear toirmeasc ar úsáid deasfluráin mar ainéistéiseach ionanálaithe amhail ón 1 Eanáir 2026, seachas i gcás ina bhfuil fíorghá le húsáid den sórt sin agus nach féidir aon ainéistéiseach eile a úsáid ar fhorais leighis. Coinneoidh an institiúid cúraim sláinte fianaise maidir leis an mbonn cirt leighis, agus cuirfidh sé ar fáil í, arna iarraidh sin, d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún.
Airteagal 13 9.

Cuirfear toirmeasc ar an lascthrealamh leictreach seo a leanas, a bhaineann úsáid as gáis ceaptha teasa fhluairínithe i meán inslithe nó gearrtha, nó a mbraitheann a fheidhmiú ar na gáis sin, a chur i bhfeidhm:

(a) 

ón 1 Eanáir 2026, lascthrealamh leictreach meánvoltais le haghaidh dáileadh príomhúil agus tánaisteach suas le 24 kV agus an voltas sin san áireamh;

(b) 

ón 1 Eanáir 2030, lascthrealamh leictreach meánvoltais le haghaidh dáileadh príomhúil agus tánaisteach ó níos mó ná 24 kV suas go dtí 52 kV agus an voltas sin san áireamh;

▼C2

(c) 

ón 1 Eanáir 2028, lascthrealamh leictreach ardvoltais ó níos mó ná 52 kV suas go 145 kV agus an voltas sin san áireamh agus suas go dtí sruth gearrchiorcaid 50 kA agus an sruth sin san áireamh, ar 1 nó níos mó a acmhainneacht téimh dhomhanda;

▼B

(d) 

ón 1 Eanáir 2032, lascthrealamh leictreach ardvoltais níos mó ná 145 kV nó níos mó ná sruth gearrchiorcaid 50 kA, ar 1 nó níos mó a acmhainneacht téimh dhomhanda.

Airteagal 13 10.
Ní mheasfar gur cur i bhfeidhm chun críocha an Airteagail seo é gabháil as feidhm lascthrealaimh leictrigh atá ag feidhmiú laistigh den Aontas agus cur i bhfeidhm an lascthrealaimh leictrigh sin ina dhiaidh sin ag láthair eile san Aontas.
Airteagal 13 11.

De mhaolú ar mhír 9, maidir le lascthrealamh leictreach a chur i bhfeidhm a bhaineann úsáid as gás ceaptha teasa fluairínithe nó a mbraitheann a fheidhmiú ar ghás ceaptha teasa fluairínithe mar mheán inslithe nó gearrtha arb ísle ná 1 000 a acmhainneacht téimh dhomhanda ceadaítear é a chur i bhfeidhm, más rud é, tar éis nós imeachta soláthair ina gcuirtear san áireamh sainiúlachtaí teicniúla an trealaimh atá ag teastáil le haghaidh na húsáide sonraí lena mbaineann, go bhfuil feidhm ag ceann amháin de na cásanna seo a leanas:

▼B

(a) 

le linn an chéad 2 bhliain tar éis na ndátaí ábhartha dá dtagraítear i mír 9, pointí (a) agus (b), ní bhfuarthas aon tairiscint ar threalamh ó mhonaróir amháin lascthrealaimh leictrigh ina bhfuil meán inslithe nó gearrtha nach n-úsáideann gáis ceaptha teasa fhluairínithe nó ní bhfuarthas ach tairiscintí den sórt sin;

(b) 

le linn an chéad 2 bhliain tar éis na ndátaí ábhartha dá dtagraítear i mír 9, pointí (c) agus (d), ní bhfuarthas aon tairiscint ar threalamh ó mhonaróir amháin lascthrealaimh leictrigh ina bhfuil meán inslithe nó gearrtha a bhfuil a acmhainneacht téimh dhomhanda níos lú ná 1 acu nó ní bhfuarthas ach tairiscintí den sórt sin;

(c) 

tar éis na tréimhse 2 bhliain dá dtagraítear i bpointe (a), ní bhfuarthas aon tairiscint ar threalamh ó mhonaróir amháin lascthrealaimh leictrigh ina bhfuil meán inslithe nó gearrtha nach n-úsáideann gáis ceaptha teasa fhluairínithe; nó

(d) 

tar éis na tréimhse 2 bhliain dá dtagraítear i bpointe (b), ní bhfuarthas aon tairiscint ar threalamh ó mhonaróir amháin lascthrealaimh leictrigh ina bhfuil meán inslithe nó gearrtha ar 1 nó níos lú a acmhainneacht téimh dhomhanda.

Airteagal 13 12.
De mhaolú ar mhír 11, ceadaítear cur i bhfeidhm lascthrealaimh leictrigh ina bhfuil meán inslithe nó gearrtha ar 1 000 nó níos mó a acmhainneacht téimh dhomhanda, más rud é, tar éis nós imeachta soláthair ina gcuirtear san áireamh sainiúlachtaí teicniúla an trealaimh is gá le haghaidh na húsáide sonraí lena mbaineann, nach bhfuarthas aon tairiscint ar lascthrealamh leictreach ina bhfuil meán inslithe nó gearrtha ar 1 000 nó níos lú a acmhainneacht téimh dhomhanda.
Airteagal 13 13.
Ní bheidh feidhm ag mír 9 maidir le lascthrealamh leictreach a bhfuil sé cruthaithe ina leith de bhun ceanglais éicidhearthóireachta a glacadh faoi Threoir 2009/125/CE go mbeadh a astaíochtaí coibhéiseacha CO2 ar feadh a shaolré níos ísle ná an trealamh coibhéiseach a chomhlíonann na ceanglais ábhartha éicidhearthóireachta agus a comhlíonfadh na teorainneacha maidir le acmhainneacht téimh dhomhanda i mír 9.
Airteagal 13 14.
Ní bheidh feidhm ag mír 9 i gcás inar féidir leis an oibreoir fianaise a sholáthar gur cuireadh isteach an t-ordú don lascthrealamh leictreach roimh an 11 Márta 2024.
Airteagal 13 15.
Ní bheidh feidhm ag mír 9 i gcás nach bhfuil na feistí atá ann cheana chun lascthrealamh leictreach lena n-úsáidtear gáis ceaptha teasa fhluairínithe a bhfuil a acmhainneacht téimh dhomhanda níos ísle acu ná na gáis ceaptha teasa fhluairínithe a úsáidtear sa lascthrealamh leictreach atá ann cheana comhoiriúnach leis an lascthrealamh leictreach atá ann cheana, agus i gcás ina mbeadh gá an lascthrealamh leictreach iomlán atá ann cheana a athsholáthar chun na feistí sin a úsáid.
Airteagal 13 16.
I gcás ina bhfuil feidhm ag maolú a liostaítear i mír 10, 11, 12, 13, 14 nó 15, coimeádfaidh an t-oibreoir doiciméadacht lena mbunaítear an fhianaise maidir leis an maolú ar feadh 5 bliana ar a laghad agus cuirfidh an t-oibreoir ar fáil í, arna iarraidh sin, d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann agus don Choimisiún.
Airteagal 13 17.
Tabharfaidh an t-oibreoir fógra don údarás inniúil sa Bhallstát i gcás ina gcuirtear an lascthrealamh leictreach i bhfeidhm agus maolú a liostaítear i mír 11, 12, 14 nó 15 á chur i bhfeidhm.
Airteagal 13 18.
Féadfar páirteanna trealaimh a shuiteáil chun lascthrealamh leictreach atá ann cheana a dheisiú nó a sheirbhísiú ar choinníoll nach dtiocfaidh aon athrú ar an gcineál gáis ceaptha teasa fhluairínithe a úsáidtear as a dtiocfaidh méadú ar acmhainneacht téimh dhomhanda an gháis ceaptha teasa fhluairínithe a úsáidtear ná méadú ar an méid gás fluairínithe atá sa trealamh.
Airteagal 13 19.

Cuirfear toirmeasc ar chur i bhfeidhm aon trealaimh nó ar úsáid aon táirge a liostaítear i bpointí 2(b), 4, 5(c), 7(b), (c) agus (d), 8(b) go (e), 9(b) go (f), 11(c), 17(c) agus 19(b) d’Iarscríbhinn IV, tar éis an dáta toirmisc faoi seach a shonraítear sna pointí sin ach amháin más féidir leis an oibreoir fianaise a chur ar fáil:

(a) 

nach gceadaítear leis na ceanglais sábháilteachta ábhartha ag an suíomh áirithe trealamh a shuiteáil nó táirgí a úsáid ina n-úsáidtear gáis ceaptha teasa fhluairínithe faoi bhun an luacha acmhainneachta téimh dhomhanda atá sonraithe sna toirmisc faoi seach; nó

(b) 

gur cuireadh an trealamh nó an táirge ar an margadh roimh an dáta ábhartha toirmisc a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 13 20.
Coinneoidh an t-oibreoir doiciméadacht lena mbunaítear an fhianaise dá dtagraítear i mír 19 ar feadh 5 bliana ar a laghad agus cuirfidh sé ar fáil í, arna iarraidh sin, d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.02.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0573
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.