+Airteagal 14 Hidreafluaracarbóin a tháirgeadh
---+Airteagal 14 1.
---+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 14 3.
---+Airteagal 14 4.
---+Airteagal 14 5.
---+Airteagal 14 6.
|
Airteagal 14 Hidreafluaracarbóin a tháirgeadh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 14 1.
|
Chun críocha an Airteagail seo, Airteagal 15 agus Iarscríbhinn V, is ionann táirgeadh hidreafluaracarbón agus an méid hidreafluaracarbón a tháirgtear lúide an méid a scriostar leis an teicneolaíocht arna formheas ag na Páirtithe sa Phrótacal, agus lúide an méid a úsáidtear ina iomláine mar bhunábhar i monaraíocht ceimiceán eile, ach lena n-áirítear hidreafluaracarbóin a ghintear mar sheachtháirge, mura rud é nach n-aisghabháladh an seachtháirge sin nó mura scriosadh an seachtháirge sin mar chuid den phróiseas táirgthe ag an táirgeoir nó i ndiaidh an phróisis sin nó má thugtar é do ghnóthas eile lena scriosadh. Ní chuirfear aon mhéid hidreafluaracarbón mínghlanta san áireamh agus táirgeadh hidreafluaracarbón á ríomh.
|
|
Airteagal 14 2.
|
Ceadófar táirgeadh hidreafluaracarbón sa mhéid is gur leithdháil an Coimisiún cearta táirgthe ar tháirgeoirí i gcomhréir leis an Airteagal seo.
|
|
Airteagal 14 3.
|
Déanfaidh an Coimisiún, roimh an 1 Eanáir 2025, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cearta táirgthe a leithdháileadh ar bhonn Iarscríbhinn V le haghaidh táirgeoirí a tháirg hidreafluaracarbóin in 2022, bunaithe ar shonraí a thuairiscítear faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 517/2014. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).
|
|
Airteagal 14 4.
|
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, arna iarraidh sin d’údarás inniúil de chuid Ballstáit, na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 a leasú d’fhonn cearta táirgthe breise a leithdháileadh ar na táirgeoirí dá dtagraítear i mír 3 nó d’aon ghnóthas eile atá bunaithe san Aontas, ach amháin má sháraítear teorannacha táirgthe an Bhallstáit faoin bPrótacal. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).
|
|
Airteagal 14 5.
|
In éagmais gníomh cur chun feidhme a bheith éifeachtach roimh an 1 Eanáir 2025, féadfaidh táirgeoirí leanúint de hidreafluaracarbóin a tháirgeadh gan cearta táirgthe a bheith leithdháilte. Cuirfear na hidreafluaracarbóin a tháirgtear le linn na tréimhse sin san áireamh mar chuid de leithdháileadh na gceart táirgthe a luaithe a eiseofar iad i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3.
|
|
Airteagal 14 6.
|
3 bliana tar éis ghlacadh na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme sin a athbhreithniú agus, más gá, a leasú, agus na hathruithe ar na cearta táirgthe de bhun Airteagal 15 le linn na 3 bliana roimhe sin á gcur san áireamh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.02.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0573
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|