|
+Airteagal 17 5. |
Airteagal 17 5.Beidh na leithdháiltí cuóta faoi réir íocaíocht an mhéid atá dlite arb ionann é agus trí euro in aghaidh gach tona de choibhéis CO2 den chuóta atá le leithdháileadh. Tabharfar fógra tríd an Tairseach F-gás do tháirgeoirí agus d’allmhaireoirí agus faoin mhéid iomlán atá dlite i gcomhair a leithdháilte cuóta uasta ríofa le haghaidh na bliana féilire dár gcionn, agus faoin spriocdháta chun an íocaíocht a chur i gcrích. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe mionsonraithe le haghaidh íocaíocht an mhéid dhlite a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2). Féadfaidh táirgeoirí agus allmhaireoirí gan íoc ach as cuid den leithdháileadh cuóta uasta ríofa a thairgtear dóibh. Sa chás sin, leithdháilfear do na táirgeoirí agus do na hallmhaireoirí sin an cuóta atá comhfhreagrach leis an íocaíocht a dhéantar faoin spriocdháta dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Go dtí an 31 Nollaig 2027, athdháilfidh an Coimisiún an cuóta nach ndearnadh íocaíocht ina leith faoin spriocdháta socraithe, saor in aisce, do na táirgeoirí agus do na hallmhaireoirí sin amháin a d’íoc an méid iomlán atá dlite i gcomhair a leithdháilte cuóta uasta ríofa dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus a rinne dearbhú dá dtagraítear i mír 3. Déanfar an t-athdháileadh sin ar bhonn sciar gach tairgeora nó gach allmhaireora den tsuim de na cuótaí uasta ríofa uile a thairgeadh do na táirgeoirí agus do na hallmhaireoirí sin, agus a íocadh ina n-iomlán acu. Ón 1 Eanáir 2028, cuirfear ar ceal an cuóta nach mbeidh íocaíocht déanta ina leith faoin spriocdháta socraithe. Údarófar don Choimisiún gan an chainníocht uasta dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII a leithdháileadh ina hiomlán agus gan cuóta breise a leithdháileadh, mar theagmhas le haghaidh fadhbanna cur chun feidhme le linn na tréimhse leithdháilte. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|