|
+Airteagal 20 4. |
Airteagal 20 4.Beidh clárú bailí ag gnóthais sa Tairseach F-gás sula ndéanfaidh siad aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:
(a)
allmhairiú nó onnmhairiú gás ceaptha teasa fluairínithe, agus táirgí agus trealaimh ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, seachas i gcás stóráil shealadach mar a shainmhínítear in Airteagal 5, pointe (17), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
(b)
dearbhú a chur isteach de bhun Airteagal 17(3);
(c)
leithdháileadh cuóta a fháil maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 17(4), nó aistriú cuóta a dhéanamh nó a fháil i gcomhréir le hAirteagal 21(1), nó údarú chun cuóta a úsáid a fháil nó a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 21(2), nó an t-údarú sin chun cuóta a úsáid a tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 21(3);
(d)
hidreafluaracarbóin a sholáthar, nó a fháil, chun na gcríoch a liostaítear in Airteagal 16(2), pointí (a) go (e);
(e)
na gníomhaíochtaí eile ar fad a dhéanamh ar gá iad a thuairisciú faoi Airteagal 26;
(f)
cearta táirgthe a fháil de bhun Airteagal 14 agus aistriú agus údarú ceart táirgthe dá dtagraítear in Airteagal 15 a dhéanamh nó a fháil;
(g)
tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 19(3) agus in Airteagal 26(8) a fhíorú. Ní bheidh an clárú bailí sa Tairseach F-gás go dtí go bhfíoróidh an Coimisiún é agus beidh sé bailí chomh fada agus nach gcuirfidh an Coimisiún ar fionraí é nó nach gcúlghairfidh sé é nó nach dtarraingeoidh an gnóthas siar é. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|