+Airteagal 20 Tairseach F-gás
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.
---+Airteagal 20 4.
---+Airteagal 20 5.
---+Airteagal 20 6.
---+Airteagal 20 7.
---+Airteagal 20 8.
|
Airteagal 20 Tairseach F-gás
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 20 1.
|
Cuirfidh an Coimisiún córas leictreonach ar bun chun an córas cuóta a bhainistiú, ceanglais ceadúnaithe allmhairithe agus onnmhairithe, agus oibleagáidí tuairiscithe maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe (‘an Tairseach F-gás’), agus áiritheoidh sé oibriú an chórais sin.
|
|
Airteagal 20 2.
|
Áiritheoidh an Coimisiún idirnascadh na Tairsí F-gás le Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais maidir le Custaim trí Chóras Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custaim (CSW-CERTEX AE) arna bhunú le Rialachán (AE) 2022/2399.
|
|
Airteagal 20 3.
|
Áiritheoidh na Ballstáit idirnascadh a dtimpeallachtaí ionaid ilfhreastail maidir le custaim le CSW-CERTEX AE d’fhonn faisnéis a mhalartú leis an Tairseach F-gás.
|
|
Airteagal 20 4.
|
Beidh clárú bailí ag gnóthais sa Tairseach F-gás sula ndéanfaidh siad aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:
(a)
allmhairiú nó onnmhairiú gás ceaptha teasa fluairínithe, agus táirgí agus trealaimh ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, seachas i gcás stóráil shealadach mar a shainmhínítear in Airteagal 5, pointe (17), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
(b)
dearbhú a chur isteach de bhun Airteagal 17(3);
(c)
leithdháileadh cuóta a fháil maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 17(4), nó aistriú cuóta a dhéanamh nó a fháil i gcomhréir le hAirteagal 21(1), nó údarú chun cuóta a úsáid a fháil nó a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 21(2), nó an t-údarú sin chun cuóta a úsáid a tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 21(3);
(d)
hidreafluaracarbóin a sholáthar, nó a fháil, chun na gcríoch a liostaítear in Airteagal 16(2), pointí (a) go (e);
(e)
na gníomhaíochtaí eile ar fad a dhéanamh ar gá iad a thuairisciú faoi Airteagal 26;
(f)
cearta táirgthe a fháil de bhun Airteagal 14 agus aistriú agus údarú ceart táirgthe dá dtagraítear in Airteagal 15 a dhéanamh nó a fháil;
(g)
tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 19(3) agus in Airteagal 26(8) a fhíorú.
Ní bheidh an clárú bailí sa Tairseach F-gás go dtí go bhfíoróidh an Coimisiún é agus beidh sé bailí chomh fada agus nach gcuirfidh an Coimisiún ar fionraí é nó nach gcúlghairfidh sé é nó nach dtarraingeoidh an gnóthas siar é.
|
|
Airteagal 20 5.
|
Is é atá i gclárú bailí sa Tairseach F-gás tráth an allmhairithe nó an onnmhairithe ceadúnas a cheanglaítear faoi Airteagal 22.
|
|
Airteagal 20 6.
|
Déanfaidh an Coimisiún, a mhéid is gá, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha clárúcháin a shoiléiriú sa Tairseach F-gás chun feidhmiú rianúil na Tairsí F-gás agus comhoiriúnacht le Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais maidir le Custaim a áirithiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).
|
|
Airteagal 20 7.
|
Beidh rochtain ag údaráis inniúla, lena n-áirítear údaráis chustaim an Bhallstáit, ar an Tairseach F-gás chun cur chun feidhme na gceanglas agus na rialuithe ábhartha a chumasú. Áiritheofar go mbeidh rochtain ag údaráis chustaim ar an Tairseach F-gás trí Thimpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais maidir le Custaim. Áiritheoidh údaráis inniúla na mBallstát agus an Coimisiún rúndacht na sonraí a áirítear sa Tairseach F-gás. Tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an leithdháileadh a thabhairt chun críche do bhliain áirithe, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas ar fáil go poiblí:
(a)
liosta de shealbhóirí cuóta;
(b)
liosta de na gnóthais atá faoi réir na gceanglas tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 26.
|
|
Airteagal 20 8.
|
Aon iarraidh ó tháirgeoirí agus ó allmhaireoirí chun an fhaisnéis a thaifead siad sa Tairseach F-gás maidir le haistrithe cuóta dá dtagraítear in Airteagal 21(1), údaruithe chun cuóta a úsáid dá dtagraítear in Airteagal 21(2) nó tarmligean údaruithe dá dtagraítear in Airteagal 21(3) a cheartú, déanfar é a chur in iúl, le toiliú na ngnóthas uile a bhaineann leis an idirbheart, don Choimisiún gan moill mhíchuí agus ar a dhéanaí faoin 31 Márta den bhliain ina dhiaidh sin inar taifeadadh aistriú an chuóta nó an t-údarú chun an cuóta a úsáid, nó tarmligean an údaraithe, de réir mar is iomchuí. Tabharfar bunús leis an iarraidh le fianaise lena suífear go mbaineann sí le hearráid chléireachais. D’ainneoin na chéad fhomhíre, iarrataí chun sonraí a bhfuil tionchar diúltach acu ar theidlíochtaí táirgeoirí agus allmhaireoirí eile nach mbaineann leis an idirbheart foluiteach a cheartú, diúltófar dóibh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.02.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0573
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|