+Airteagal 24 Bearta chun faireachán a dhéanamh ar thrádáil neamhdhleathach
---+Airteagal 24 1.
---+Airteagal 24 2.

Airteagal 24 Bearta chun faireachán a dhéanamh ar thrádáil neamhdhleathach

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 24 1.

Ar bhonn faireachán rialta ar thrádáil gás ceaptha teasa fluairínithe agus measúnú ar na rioscaí féideartha maidir le trádáil neamhdhleathach a bhaineann le gluaiseachtaí gás ceaptha teasa fluairínithe agus táirgí agus trealaimh ina bhfuil na gáis sin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na critéir a shonrú a bheidh le cur san áireamh ag údaráis inniúla na mBallstát agus seiceálacha á ndéanamh acu, i gcomhréir le hAirteagal 29, chun a shuí an bhfuil a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh ag gnóthais;

(b) 

an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na ceanglais a shonrú a bheidh le seiceáil agus faireachán á dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 23, ar gháis cheaptha teasa fhluairínithe, agus ar tháirgí agus ar threalamh ina bhfuil na gáis sin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin, a chuirtear faoi stóráil shealadach nó faoi nós imeachta custam, lena n-áirítear nós imeachta stórasaithe custam nó an nós imeachta saorchreasa, nó atá ar idirthuras trí chríoch chustam an Aontais;

(c) 

an Rialachán seo a leasú trí mhodheolaíochtaí rianaithe a chur leis i gcomhair gáis ceaptha teasa fhluairínithe a chuirtear ar an margadh chun faireachán a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 22, ar allmhairí agus onnmhairí gás ceaptha teasa fluairínithe, agus táirgí agus trealaimh ina bhfuil na gáis sin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin, a chuirtear faoi stóráil shealadach nó faoi nós imeachta custam.

Airteagal 24 2.
Agus gníomh tarmligthe á ghlacadh aige faoi mhír 1, cuirfidh an Coimisiún san áireamh sochair chomhshaoil agus tionchair shocheacnamaíocha na modheolaíochta atá le bunú faoi phointí (a), (b) agus (c) den mhír sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.02.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0573
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.