|
+Airteagal 24 1. |
Airteagal 24 1.Ar bhonn faireachán rialta ar thrádáil gás ceaptha teasa fluairínithe agus measúnú ar na rioscaí féideartha maidir le trádáil neamhdhleathach a bhaineann le gluaiseachtaí gás ceaptha teasa fluairínithe agus táirgí agus trealaimh ina bhfuil na gáis sin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na critéir a shonrú a bheidh le cur san áireamh ag údaráis inniúla na mBallstát agus seiceálacha á ndéanamh acu, i gcomhréir le hAirteagal 29, chun a shuí an bhfuil a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh ag gnóthais;
(b)
an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na ceanglais a shonrú a bheidh le seiceáil agus faireachán á dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 23, ar gháis cheaptha teasa fhluairínithe, agus ar tháirgí agus ar threalamh ina bhfuil na gáis sin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin, a chuirtear faoi stóráil shealadach nó faoi nós imeachta custam, lena n-áirítear nós imeachta stórasaithe custam nó an nós imeachta saorchreasa, nó atá ar idirthuras trí chríoch chustam an Aontais;
(c)
an Rialachán seo a leasú trí mhodheolaíochtaí rianaithe a chur leis i gcomhair gáis ceaptha teasa fhluairínithe a chuirtear ar an margadh chun faireachán a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 22, ar allmhairí agus onnmhairí gás ceaptha teasa fluairínithe, agus táirgí agus trealaimh ina bhfuil na gáis sin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin, a chuirtear faoi stóráil shealadach nó faoi nós imeachta custam. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|