+Airteagal 26 Tuairisciú ag gnóthais
---+Airteagal 26 1.
---+Airteagal 26 2.
---+Airteagal 26 3.
---+Airteagal 26 4.
---+Airteagal 26 5.
---+Airteagal 26 6.
---+Airteagal 26 7.
---+Airteagal 26 8.
---+Airteagal 26 9.

Airteagal 26 Tuairisciú ag gnóthais

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 26 1.
Faoin 31 Márta 2025 agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach táirgeoir, allmhaireoir agus onnmhaireoir a tháirg, a d’allmhairigh nó a d’onnmhairigh hidreafluaracarbóin nó cainníochtaí a sháraíonn tona méadrach amháin nó 100 tona de choibhéis CO2 de gháis ceaptha teasa fhluairínithe eile le linn na bliana féilire roimhe sin na sonraí a thuairisciú don Choimisiún a shonraítear in Iarscríbhinn IX maidir le gach ceann de na substaintí sin don bhliain féilire sin. Beidh feidhm ag an mír seo freisin maidir le gach gnóthas a fhaigheann cuóta de bhun Airteagal 21(1).

Faoin 31 Márta 2024 agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach táirgeoir nó allmhaireoir ar leithdháileadh cuóta orthu de bhun Airteagal 17(4), nó ar aistríodh cuóta chucu de bhun Airteagal 21(1), ach nár chuir aon chainníochtaí hidreafluaracarbón ar an margadh le linn na bliana féilire roimhe sin a thuairisciú don Choimisiún trí ‘thuarascáil nialais’ a chur isteach.

Airteagal 26 2.
Faoin 31 Márta 2025 agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach gnóthas a scrios hidreafluaracarbóin nó cainníochtaí de gháis ceaptha teasa fhluairínithe eile a sháraíonn tona méadrach amháin nó 100 tona de choibhéis CO2 le linn na bliana féilire roimhe sin na sonraí a thuairisciú don Choimisiún a shonraítear in Iarscríbhinn IX maidir le gach ceann de na substaintí sin don bhliain féilire sin.
Airteagal 26 3.
Faoin 31 Márta 2025 agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach gnóthas a d’úsáid 1 000  tona de choibhéis CO2 nó níos mó de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I mar bhunábhar le linn na bliana féilire roimhe sin na sonraí a thuairisciú don Choimisiún a shonraítear in Iarscríbhinn IX maidir le gach ceann de na substaintí sin don bhliain féilire sin.
Airteagal 26 4.
Faoin 31 Márta 2025, agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach gnóthas a chuir 10 tona de choibhéis CO2 nó níos mó de hidreafluaracarbóin, nó 100 tona de choibhéis CO2 nó níos mó de gháis ceaptha teasa fhluairínithe eile, i dtáirgí nó i dtrealamh, ar an margadh le linn na bliana féilire roimhe sin na sonraí a thuairisciú don Choimisiún a shonraítear in Iarscríbhinn IX maidir le gach ceann de na substaintí sin don bhliain féilire sin.
Airteagal 26 5.
Faoin 31 Márta 2025 agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach gnóthas a fuair aon chainníochtaí hidreafluaracarbón dá dtagraítear in Airteagal 16(2) na sonraí a thuairisciú don Choimisiún a shonraítear in Iarscríbhinn IX maidir le gach ceann de na substaintí sin don bhliain féilire sin.

Faoin 31 Márta 2025 agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach táirgeoir nó allmhaireoir a chuir hidreafluaracarbóin ar an margadh chun análóirí dáileoige méadraithe a tháirgeadh chun comhábhair chógaisíochta a sholáthar na sonraí a thuairisciú don Choimisiún a shonraítear in Iarscríbhinn IX. Déanfaidh monaróirí na n-análóirí dáileoige méadraithe sin na sonraí a thuairisciú don Choimisiún a shonraítear in Iarscríbhinn IX maidir leis na hidreafluaracarbóin a fuarthas.

Airteagal 26 6.
Faoin 31 Márta 2025 agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach gnóthas a mhínghlan cainníochtaí a sháraíonn 1 tona méadrach nó 100 tona de choibhéis CO2 de gháis ceaptha teasa fhluairínithe na sonraí a thuairisciú don Choimisiún a shonraítear in Iarscríbhinn IX maidir le gach ceann de na substaintí sin don bhliain féilire sin.
Airteagal 26 7.
Faoin 30 Aibreán 2025, agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach allmhaireoir trealaimh a chuir trealamh réamhluchtaithe dá dtagraítear in Airteagal 19 ar an margadh ina raibh 1 000  tona ar a laghad de choibhéis CO2 de hidreafluaracarbóin, agus i gcás nár cuireadh na hidreafluaracarbóin sin ar an margadh roimh luchtú an trealaimh, tuarascáil fíoraithe a eisíodh de bhun Airteagal 19(3) a chur faoi bhráid an Choimisiúin.
Airteagal 26 8.

Faoin 30 Aibreán 2025 agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach gnóthas a thuairiscíonn, faoi mhír 1, 1 000  tona de choibhéis CO2 nó níos mó de hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh le linn na bliana féilire roimhe sin, ina theannta sin, a áirithiú go ndéanfar fírinneacht a thuarascála a chinntiú, ar leibhéal réasúnta cinnteachta, ag iniúchóir neamhspleách. Beidh an t-iniúchóir cláraithe sa Tairseach F-gás agus beidh an t-iniúchóir creidiúnaithe:

(a) 

de bhun Treoir 2003/87/CE; nó

(b) 

chun ráitis airgeadais a fhíorú i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit lena mbaineann.

Déanfar na hidirbhearta dá dtagraítear in Airteagal 16(2), pointe (c), a fhíorú gan beann ar na cainníochtaí atá i gceist.

Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ghnóthas a áirithiú go ndeimhneoidh iniúchóir neamhspleách fírinneacht a thuarascála ar leibhéal réasúnta cinnteachta, gan beann ar na cainníochtaí atá i gceist, i gcás inar gá sin chun a dheimhniú go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag an ngnóthas sin.

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraí an fhíoraithe tuarascálacha agus creidiúnú na n-iniúchóirí a shonrú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Airteagal 26 9.
Déanfar an tuairisciú agus an fíorú uile dá dtagraítear san Airteagal seo tríd an Tairseach F-gás.

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhormáid ina gcuirfear isteach na tuarascálacha dá dtagraítear san Airteagal seo a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.02.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0573
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.